Fáilte chuig an tSeirbhís Míchumais

Tá foireann na Seirbhíse Míchumais ar fáil chun bualadh le mic léinn i bpearsa, ar line trí MS Teams nó  trí ghlaoch  gutháin nó rphost. Má bhíonn aon cheist agat, seol ríomhphost chuig askds@tcd.ie

Tá Clinic Réiteach ‘Buail Isteach’ na Seirbhíse ar oscailt i bpearsa nó ar line 12-2pm Luan go hAoine le linn an téarma. Cuir do choinne le hOifigeach Míchumais, a mhairfidh 15 nóiméad, in áirithe ar an bhFéilire áirithinte don Chlinic Réiteach ‘Buail Isteach’

Eolas maidir le Socruithe Scrúdaithe: Tá eolas maidir le Socruithe Scrúdaithe le haghaidh na bliana acadúla 2021/2022 ar fáil ar ár suíomh gréasáin ar Shocruithe Scrúdaithe.  

Tabhair faoi deara nach bhfuil muid lonnaithe in bhFoirgneamh na nEalaíon níos mó. Is féidir cuairt a thabhairt orainn inár n-oifig nua i gCearnóg na Clólainne. Má tá treoracha uait, is féidir breathnú ar an bhfíseán seo (i mBéarla)

Conas iarratas a dhéanamh ar Shocrú Réasúnta leis an tSeirbhís Míchumais

Is féidir iarratais ar shocrú réasúnta leis an tSeirbhís Míchumais a bhriseadh síos ina 12 chéim shimplí.

Is féidir iarratais ar shocrú réasúnta leis an tSeirbhís Míchumais a bhriseadh síos ina 12 chéim shimplí agus tarlaíonn an chuid is mó den phróiseas ar líne ag my.tcd.ie, tairseach na mac léinn, áit ar féidir leat do chlárúchán don chúrsa a roghnaigh tú dhéanamh agus féachaint ar amchlár do chúrsa agus do chuid scrúduithe.
Tabhair faoi deara le do thoil, má tá iarratas déanta agat cheana féin ar shocrú réasúnta leis an tSeirbhís Míchumais i mblianta acadúla roimhe seo, nach gá duit iarratas nua a dhéanamh ach cuir in iúl don oifig Míchumais trí ríomhphost a sheoladh chuig askds@tcd.ie.

Céimeanna chun d’iarratas ar Shocrú Réasúnta a dhéanamh

Tá réimse tacaíochtaí ar fáil do mhic léinn faoi mhíchumas i gColáiste na Tríonóide. Chun rochtain a fháil ar na tacaíochtaí seo, iarrann Seirbhís míChumais Choláiste na Tríonóide ort fianaise ar do mhíchumas a chur isteach. Úsáidtear an fhianaise míchumais a sholáthraíonn tú chun measúnú a dhéanamh ar thionchar do mhíchumais agus chun a chinntiú go bhfaigheann tú an tacaíocht chuí. Déanfaidh gairmithe míchumais i gColáiste na Tríonóide an measúnú seo a bhfuil saineolas agus tuiscint dhomhain acu ar thionchar míchumais i dtimpeallacht acadúil.

Fianaise ar Mhíchumas

Agus tú ag cur doiciméadú isteach mar fhianaise ar mhíchumas, cuir isteach doiciméid atá scríofa ag an ngairmí míochaine cuí don mhíchumas atá agat, de réir an tábla thíos. Mura bhfuil tú in ann teacht ar an ngairmí míochaine cuí, molaimid do mhic léinn bualadh le Seirbhís Sláinte an Choláiste, le Seirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn, nó lena soláthraí seirbhís míochaine phríobháideach féin, agus Foirm Fianaise Mhíchumais a chur chuige/chuici lena líonadh.

Tacaíocht do mhic léinn a bhfuil míchumas sealadach orthu

D’fhéadfadh mic léinn a bhfuil mhíchumas sealadach orthu leas a bhaint as socrú sealadach scrúduithe má tá siad in ann doiciméadú míochaine cuí a sholáthar.

Cineál míchumais

Doiciméadú cuí

Gairmí cuí

Aois na tuairisce

NHEA

Foirm Fianaise ar Mhíchumas tuairisc atá ann cheana

Síciatraí comhairleach Síceolaí Néareolaí Péidiatraí

Gan teorainn aoise

Neamhord de chuid Speictream an Uathachais

Foirm Fianaise ar Mhíchumas tuairisc atá ann cheana

Síciatraí comhairleach Síceolaí Néareolaí Péidiatraí

Gan teorainn aoise

Daille/
Lagamharc

Foirm Fianaise ar Mhíchumas tuairisc atá ann cheana

Oftailmeolaí Máinlia oftalmach

Gan teorainn aoise

Bodhaire/
Laige éisteachta

Foirm Fianaise ar Mhíchumas tuairisc atá ann cheana

Closghram ó éisteolaí Sainchomhairleoir ENT Litir ó Phríomhoide Scoile do dhaoine bodhra a dheimhníonn freastal

Gan teorainn aoise

Neamhord comhordaithe forbartha - Diospraicse

Foirm Fianaise ar Mhíchumas tuairisc atá ann cheana

Teiripeoir saothair Néareolaí Péidiatraí Fisiteiripeoir

Gan teorainn aoise

Riocht Sláinte Meabhrach

Foirm Fianaise ar Mhíchumas tuairisc atá ann cheana

Síciatraí comhairleach Speisialtóir is cláraitheoir

Níos lú ná 5 bliana d’aois

Riocht néareolaíoch

Foirm Fianaise ar Mhíchumas tuairisc atá ann cheana

Néareolaí Sainchomhairleoir cuí eile

Gan teorainn aoise

Míchumas fisiciúil

Foirm Fianaise ar Mhíchumas tuairisc atá ann cheana

Sainchomhairleoir ortaipéideac Sainchomhairleoir cuí eile a phléann leis an riocht /míchumas

Gan teorainn aoise

Tinneas suntasach leanúnach

Foirm Fianaise ar Mhíchumas tuairisc atá ann cheana

Sainchomhairleoir /Speisialtóir cuí a phléann leis an riocht/míchumas

Níos lú ná 5 bliana d’aois

Neamhord Cumarsáide Urlabhra agus Teanga

Foirm Fianaise ar Mhíchumas tuairisc atá ann cheana

Teiripeoir urlabhra agus teanga

Gan teorainn aoise

Saindeacracht foghlama (Disléicse / Dioscalcúile)

Foirm Fianaise ar Mhíchumas tuairisc atá ann cheana

Síceolaí Múinteoir riachtanais speisialta oideachais (RSO) agus  comhshínithe ag Príomhoide/ Leas-Phríomhoide.

Gan teorainn aoise

Ná tosaigh ar d’iarratas go dtí go bhfuil na doiciméid seo réidh agat le huaslódáil.

Céim 1 - Logáil isteach ar my.tcd.ie

Ar dtús, téigh ar líne trí bhrabhsálaí idirlín agus sa bhosca seoltaí cuir my.tcd.ie isteach.
Logáil isteach le trí d’ainm úsáideora agus do phasfhocal mar mhac léinn i gColáiste na Tríonóide; is ionann na sonraí seo agus iad a tugadh duit le clárú ar do chúrsa i gColáiste na Tríonóide.

A sceenshot showing what you will find when you visit my.tcd.ie and apply for Reasonable Accommodations with the Disability Service

Céim 2 – Cliceáil ar ‘My Disability Service’ le tús a chur le d’iarratas

Nuair thagann tú isteach ar my.tcd.ie, cliceáil ar an gcluaisín ‘My Disability Service’ ag barr an scáileáin faoin Roghchlár. Tabharfar thú go leathanch iarratas na Seirbhíse Míchumais le tús a chur le d’iarratas.

Instructions for the second part of applying for reasonable accommodations - Click on My Disability Service to start your application

Céim 3 – Léigh na treoracha ar an Leathanch Fáilte

Clicéail ar an nasc ‘Reasonable Accommodation Application '. Feicfidh tú eolas a bhaineann le d’iarratas ar Thacaíocht Mhíchumais. Léigh an t-eolas sin agus ansin cliceáil ar an gcnaipe ‘Proceed’ le leanúint ar aghaidh le d’iarratas.

A screenshot of the third step to applying for reasonable accommodation Step 3 - Read the instructions on the Welcome Page

A screenshot of the third step for reasonable accommodations which explains that you have to provide evidence of your disability

Céim 4 – Roghnaigh an Catagóir Míchumais agus na tacaíochtaí atá ag teastáil

Iarrfar ort an príomhchineál míchumais atá ort a lua, an ceann lena mbaineann d’iarratas leis an tSeirbhís Míchumais.

Feicfidh tú roghchlár anuas le 12 chatagóir agus iarrfar ort an cineál míchumais atá ortsa, an ceann is mó a bhfuil tionchar aige ort, a roghnú. Má tá tú faoi mhíchumas de shaghas eile, roghnaigh an catagóir ón dara roghchlár anuas faoi ‘Secondary Disability’. Seans nach mbainfidh sé sin leat mura bhfuil aon chineál míchumais eile ort, agus más é sin an cás, roghnaigh ‘None’. Má tá níos mó ná dhá chineál míchumais ort, roghnaigh an dá cheann is mó a bhfuil tionchar acu ort.

Ina theannta sin, tabhair nóta gairid (500 litir ar a mhéid) sa bhosca téacs le cur síos a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá ag teastáil i gcás an mhíchumais atá ort agus cliceáil ar ‘Continue’.

Céim 5 - Polasaí Choláiste na Tríonóide maidir le Socrú Réasúnta.

Leagtar amach sa Pholasaí maidir le Socrú Réasúnta do chearta agus do dhualgais mar mhac léinn a bhfuil míchumas ort agus tú ag baint leasa as na tacaíochtaí a chuireann an tSeirbhís Míchumais i gColáiste na Tríonóide ar fáil. Is doiciméad tábhachtach é seo, chun Polasaí Choláiste na Tríonóide maidir le Socrú Réasúnta a léamh ina iomláine, is féidir leat cliceáil ar an nasc seo.

Caithfidh tú a dhearbhú go bhfuil sé léite agat agus go n-aontaíonn tú leis. Cuir tic le ‘Yes’ má tá sé léite agat go hiomlán agus má aontaíonn tú leis na pointí atá leagtha amach sa doiciméad seo.

Tá sé tábhachtach a fhios a bheith agat mura n-aontaíonn tú leis na pointí atá leagtha amach sa pholasaí thuas, ní bheidh tú in ann dul ar aghaidh leis an bpróiseas iarratais agus iarratas iomlán a dhéanamh ar shocruithe réasúnta leis an tSeirbhís Míchumais. Cuirfidh sé seo moill ar d’iarratas chun Socruithe Réasúnta a fháil.

Má tá aon cheisteanna agat faoin bPolasaí maidir le Socrú Réasúnta, téigh i dteagmháil le ball de fhoireann na Seirbhíse Míchumais chun tuilleadh eolais a fháil.

A screenshot of the fifth step involved in applying for reasonable accommodations where you accept terms and conditions

Céim 6 – Léigh agus aontaigh le Toiliú chun Faisnéis faoi Mhíchumas a Nochtadh

Sa chéad chéim eile caithfidh tú an doiciméad de chuid Choláiste na Tríonóide Toiliú chun Faisnéis faoi Mhíchumas a Nochtadh agus a Chomhroinnt a léamh agus aontú leis. Mínítear san fhoirm seo, ina dtugann tú cead faisnéis faoi do mhíchumas a nochtadh, cad a dhéanann muid leis an eolas sin.

Nuair a bheidh ‘Foirm Thoilithe Choláiste na Tríonóide um Faisnéis faoi Mhíchumas a Nochtadh’ léite agat, caithfidh tú a dhearbhú go bhfuil sé léite agat agus go n-aontaíonn tú leis. Cuir tic le ‘Yes’ má tá sé léite agat go hiomlán agus má aontaíonn tú leis na pointí atá leagtha amach sa doiciméad seo.

Tá sé tábhachtach a fhios a bheith agat mura n-aontaíonn tú leis na pointí atá leagtha amach i bhFoirm Thoilithe Choláiste na Tríonóide um Faisnéis faoi Mhíchumas a Nochtadh, ní bheidh tú in ann dul ar aghaidh leis an bpróiseas iarratais seo. Cuirfidh sé seo moill ar d’iarratas chun Socruithe Réasúnta a fháil.

Má tá aon cheisteanna agat faoi Fhoirm Thoilithe Choláiste na Tríonóide um Faisnéis faoi Mhíchumas a Nochtadh, téigh i dteagmháil le ball de fhoireann na Seirbhíse Míchumais chun tuilleadh eolais a fháil.

A screenshot of step 6 of applying for reasonable accommodations - read and agree Consent to Disclose Disability Information

Céim 7 - Roghanna Tacaíochta

Léigh an téacs ar an leathanach iarratais agus foghlaim faoin dá rogha tacaíochta atá ar fáil do mhic léinn, agus ansin cliceáil ar ‘Next’.

Nuair a bheidh iarratas déanta agat ar Shocruithe Réasúnach ar líne leis an tSeirbhís Míchumais, déanfaidh Oifigeach Míchumais athbhreithniú ar do chuid fianaise míchumais. Déanfaidh an tOifigeach Míchumais cinneadh an féidir tacaíocht a thabhairt duit trí thuairisc measúnaithe riachtanas (ar a dtugtar tuairisc LENS) a chuir chugat trí thairseach Choláiste na Tríonóide my.tcd.ie.

D’fhéadfadh an tOifigeach Míchumais cuireadh a thabhairt duit freastal ar sheisiún faisnéise le grúpa chun sonraí breise a thabhairt duit faoi chineálacha áirithe tacaíochta atá ar fáil. Má chinneann an tOifigeach Míchumais go bhfuil gá le cruinniú a dhéanamh leat, déanfaidh siad teagmháil leat chun measúnú riachtanas duine-le-duine a dhéanamh. I measc na dtacaíochtaí tipiciúla ar féidir leat rochtain a fháil orthu tríd an tSeirbhís Míchumais tá:

  • Rochtain ar theicneolaíocht chúnta;
  • Socruithe scrúduithe, cosúil le ham breise;

Tá tacaíochtaí ar fáil ón leabharlann, cosúil le ceadú líon ardaithe iasachtaí.

Tacaíochtaí Míchumais Speisialaithe:

Tabharfar cuireadh do mhic léinn a d’fhéadfadh gá a bheith acu le tacaíocht speisialaithe bualadh le ball d’fhoireann na Seirbhíse Míchumais duine-le-duine chun na tacaíochtaí atá ar fáil a phlé. Déanfar measúnú iomlán riachtanas le linn an chruinnithe duine-le-duine seo. Ina dhiaidh sin, cuirfear tuairisc measúnaithe riachtanas ar a dtugtar tuairisc LENS ar fáil duit. I measc na dTacaíochtaí Míchumais Speisialaithe tá:

  • Tacaíocht agus Oiliúint le Teicneolaíocht Chúnta;
  • Rochtain ar sheomraí faoisimh;
  • Rochtain ar thacaíochtaí Teiripe Saothair;
  • Socruithe scrúduithe saincheaptha duitse amháin;
  • Socruithe rochtana fisiciúla.

Céim 8 – Socruithe Scrúduithe

Roghnaigh ‘Yes’ nó ‘No’ sa roghchlár anuas chun socruithe scrúduithe a fháil, agus ansin cliceáil ar ‘Next’.

  • Má theastaíonn socruithe scrúduithe uait, cosúil le ham breise, roghnaigh ‘Yes’. Mura dteastaíonn socruithe scrúduithe uait, roghnaigh ‘No’.
  • Déan athbhreithniú ar an eolas faoi shocrú scrúduithe tríd an nasc seo.

Spriocdhátaí:

Bíodh na spriocdhátaí ar eolas agat do gach seimeastar agus don tréimhse athmheasúnaithe chun iarratas a dhéanamh ar shocruithe scrúduithe nó chun iad a athrú.

Tá na spriocdhátaí scrúduithe leagtha amach ag Coláiste na Tríonóide do gach seimeastar agus don tréimhse athmheasúnaithe mar seo a leanas:

  • Measúnuithe Sheimeastar 1 agus measúnuithe na Scoláireachtaí Fondúireachta: an Aoine dheireanach i mí Dheireadh Fómhair gach bliain.
  • Measúnuithe Sheimeastar 2: an Aoine dheireanach i mí Feabhra gach bliain.
  • Athmheasúnuithe: an Aoine dheireanach i mí Mheithimh gach bliain.

Céim 9 – Roghnaigh an Fhianaise Míchumais le huaslódáil

Tá sé riachtanach Fianaise do Mhíchumais a uaslódáil ag an gcéim seo. Caithfidh tú an cineál fianaise míchumais atá á uaslódáil agat a roghnú ón roghchlár anuas ag bun an leathanaigh.

Seiceáil le do thoil cén cineál fianaise míchumais a bhaineann leat ar an bhFoirm Fianaise Míchumais de chuid Choláiste na Tríonóide.

Maidir le gach mac léinn DARE, uaslódáil an fhianaise a chuir tú isteach leis an CAO, le do thoil.

Mura bhfuil fianaise chuí agat ar do mhíchumas, ba chóir duit an Fhoirm Fianaise Míchumais a chur ar aghaidh chuig do shainchomhairleoir míochaine / speisialtóir chun í a chomhlánú.

Nuair a bheidh an fhianaise míchumais atá le huaslódáil roghnaithe agat, cliceáil ar ‘Proceed to Upload Document’’.

Nuair a bheidh an cineál fianaise míchumais roghnaithe agat ón liosta anuas, cliceáil ar 'Upload Document’ chun do cháipéis a aimsiú agus a uaslódáil.

Scan agus sábháil d’Fhianaise Míchumais mar aon cháipéis amháin ar do ríomhaire, mar beidh sé seo ina chabhair duit agus tú á huaslódáil.

A screenshot of step 8 of 9 on applying for reasonable accommodations which is about sending in supporting documentation

Céim 10 – Uaslódáil Fianaise do Mhíchumais

Uaslódáil d’fhianaise míchumais trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Browse’ agus an comhad a aimsiú ar do ríomhaire. (Bíodh a fhios agat go gcaithfear d’fhianaise a bheith scanta agus sábháilte mar aon cháipéis amháin sula ndéanann tú í a uaslódáil). Ansin, cliceáil ar an gcnaipe ‘Upload File’.

Cuirfear in iúl duit nuair a bheidh an uaslódáil críochnaithe. Má tá níos mó cáipéisí agat le huaslódáil, roghnaigh ‘Upload another Document’ agus lean an próiseas céanna.

B’fhéidir go mbeidh an aip seo úsaideach do mhic léinn: www.camscanner.com, a ligeann duit ceamara do ghutháin/táibléid a úsáid chun cáipéis a scanadh agus í a shábháil i bhformáid PDF.

Tá tuilleadh eolais ag an nasc seo freisin maidir le haipeanna a thugann tacaíocht theicniúil.

A screenshot of the ninth step involved in applying for reasonable accommodations. In the ninth step you have to upload your files by clicking on the 'browse' button, which is circled in red on the screenshot

Céim 11 - Cuir Isteach d’Iarratas

Chun d’Iarratas ar Shocruithe Réasúnta a chur i gcrích, cliceáil ar an gcnaipe ‘Submit Application’.

A screenshot of the submit application page when you're applying for reasonable accommodations. It asks the person to click submit application when they have finished going through the steps in the application

Céim 12 – Fan go dtí go ndéanann an tSeirbhís Míchumais Teagmháil Leat

Tá d’iarratas ar Shocruithe Réasúnta críochnaithe anois agus níl le déanamh agat ach fanacht le cloisteáil ó bhall den tSeirbhís Míchumais. Déanfaidh siad teagmháil leat agus coinne a shocrú chun d’iarratas a chur i gcrích agus na Socruithe Réasúnta a eagrú leat.

Gheobhaidh tú teachtaireacht i trí thairseach my.tcd.ie chun a dhearbhú go bhfuil na céimeanna riachtanacha go léir déanta agat.

Ba chóir duit freisin ár Lámhleabhar do Mhic Léinn a léamh agus tú féin a chur ar an eolas faoi na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil tríd an tSeirbhís Míchumais.

A screenshot of You will receive an in-tray message to your my.tcd.ie portal to confirm that you have completed all the steps required in applying for reasonable accommodations