Scoil na Fisice

Mic Léinn Ionchasacha

Tairgeann Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath ceithre chúrsa céime éagsúla a bhfuil an Fhisic ina phríomhchuid díobh:

  • An Eolaíocht, an Fhisic
  • An Eolaíocht, an Fhisic agus an Réaltfhisic
  • Fisic Theoiriciúil (arna comh-mhúineadh le Scoil na Matamaitice)
  • An Naineolaíocht, an Fhisic agus Ceimic na nArdábhar (arna comh-mhúineadh le Scoil na Ceimice.

Is féidir tuilleadh eolais ar na cúrsaí sin a fháil ag:

https://www.tcd.ie/Physics/study

Cúrsaí Iarchéime

Timpeallacht éagsúil, bhríomhar agus fhuinniúil do do chuid staidéar iarchéime í Scoil na Fisice ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath. Mic léinn iarchéime éirimiúla agus dícheallacha, in éineacht le comhaltaí iardhochtúireachta fuinniúla, a chuireann treallús le gníomhaíocht taighde na scoile agus atá i gcroílár an phobail ann. Tá os cionn 100 mac léinn MSc/PhD sa Scoil faoi láthair, a thagann ó na cúig ilchríoch. Is í an Scoil Fisice is mó in Éirinn í.

Is féidir tuilleadh eolais ar staidéar iarchéime i Scoil na Fisice a fháil anseo:

www.tcd.ie/Physics/study/prospective/postgraduate

Taighde

Tá cáil sheanbhunaithe ar Scoil na Fisice go hidirnáisiúnta mar gheall ar thaighde nuálach ar Ábhair Fótónaice, Leictreacha agus Maighnéadacha, Naineolaíocht agus Fisic Ríomhaireachtúil, réimsí atá an-tábhachtach i ndáil le ceannaireacht sa Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide atá ina thosaíocht náisiúnta.
Is féidir taighde i Scoil na Fisice a roinnt i sé phríomhthéama, mar seo a leanas:

  • An Réaltfhisic
  • Maighnéadas agus Leictreonaic Guairne
  • Nainbhithfhisic
  • Fótónaic
  • Nainleictreonaic agus Nainteicneolaíocht
  • Fisic Soladstaide Theoiriciúil agus Ríomhaireachtúil

Is féidir tuilleadh eolais ar thaighde i Scoil na Fisice a fháil anseo:

https://www.tcd.ie/Physics/research/