Cúnamh a Fháil

Suíomh Gréasáin Sheirbhísí TF

Ba cheart duit aghaidh a thabhairt ar an suíomh gréasáin atá againn i dtosach má tá faisnéis agus tacaíocht ag teastáil uait maidir leis na Seirbhísí TF a chuirimid ar fáil.

Deasc Freastail TF

Mura bhfaigheann tú freagra do cheiste ar an suíomh gréasáin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis anDeasc Freastail TF chun breis cúnaimh a fháil.

Tuilleadh Cúnaimh:

Ba cheart fiosruithe i dtaobh na seirbhíse SITS a sheoladh chuig asksusu@tcd.ie

D'fhéadfadh na háiseanna atá ar fáil tríd an tSeirbhís Teicneolaíochta Cúnta a sholáthraítear leis an tSeirbhís do Dhaoine faoi Mhíchumas, a bheith ina chabhair do roinnt úsáideoirí a bhfuil riachtanais rochtana acu.

Má tá cúnamh ag teastáil uait leis na háiseanna priontála/scanta/fótachóipeála sa Leabharlann agus i seomraí ríomhairí Sheirbhísí TF déan teagmháil leis an teicneoir Datapac.

Má tá ceisteanna ar bith agat a bhaineann le clárú ar líne nó táillí a íoc, déan teagmháil leis an gClárlann Acadúil.

Is ionad deisithe TF ar an gcampas é Refresh do ríomhairí glúine pearsanta agus d’fhóin chliste na mball foirne agus na mac léinn.

Ba cheart do bhaill foirne Choláiste na Tríonóide a thabhairt dá n-aire gur chóir teagmháil a dhéanamh go díreach leis an soláthraí ábhartha i gcás deisiú crua-earraí do threalamh TF atá faoi úinéireacht an Choláiste agus a ceannaíodh ó sholáthróirí ceadaithe, agus gur chóir crua-earraí a cheannach ó na soláthróirí ceadaithe amháin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féachsuíomh gréasáin Refresh le do thoil.