Seirbhísí TF

Tá Seirbhísí TF freagrach as príomhshaoráidí ríomhaireachta na hOllscoile a phleanáil agus a sheachadadh, mar aon le tacaíocht a chur ar fáil dóibh. Áirítear leis sin córais líonra na hOllscoile, bonneagar gréasáin, ríomhphost agus leagan amach an fhéilire, seirbhísí bainistíochta, TF don taighde agus saoráidí ríomhaireachta do mhic léinn. Cuireann Seirbhísí TF tacaíocht ar fáil freisin i leith teagaisc agus foghlama i líon léachtlann agus seomraí seimineáir ar an gcampas agus lasmuigh de.

Cuirtear tacaíocht iomlán TF ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn tríd an Deasc Freastail TF agus tá réimse leathan oiliúna TF ar fáil ar líne nó aghaidh ar aghaidh freisin. Tá an roinn i gceannas ar Oifig Tionscadal chomh maith chun cuidiú le hathruithe i dtaobh seirbhísí TF agus tionscnaimh seachadta a bhainistiú. Cuireann an roinn tacaíocht ar fáil do 25,000 ball foirne agus mac léinn ar an bpríomhchampas agus ar 25 láthair cianda lena n-áirítear dhá ionad mhóra leighis ospidéil ag Ospidéal San Séamas agus Ospidéal Thamhlachta, agus trí bhíthin na seirbhísí TF, cuirtear beagnach 2,000 pointe rochtana gan sreang agus 20,000 pointe líonra seasta le sreang ar fáil.