Irish for Teachers (P.Grad.Cert.)

NFQ Level 9
1 year part-time / 2 years part-time
40 Places

Overview

Imlíne ar an gCúrsa

Tá clár nuálach dhá bhliain dá thairiscint ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, in éineacht le hInstitiúid Oideachais Marino, clár atá dírithe ar scileanna múinteoirí cláraithe iar-bhunscoile sa Ghaeilge a fheabhsú. 

Beidh rannpháirtithe an chláir in ann clárú chun an Ghaeilge a mhúineadh go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta i scoileanna tar éis dóibh an clár a chur i gcrích go rathúil.

Cuirfear an clár páirtaimseartha seo, a thosóidh mí Eanáir 2025, ar fáil ar bhealach solúbtha agus nuálaíoch chun freastal ar mhúinteoirí atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha, agus chun freastal ar dhaoine atá lonnaithe ar fud na tíre.Beidh Teastas Iarchéime ar fáil ag deireadh bhliain a haon, nó An Dioplóma Iarchéime ag deireadh an chúrsa (2 bhliain). Is gá an Dioplóma le cáiliú le Gaeilge a theagasc.


Cén fáth a roghnóinn an cúrsa seo?

Déanfar an clár a sholáthar ar bhealach a chuirfidh ar chumas rannpháirtithe tabhairt faoi eispéiris foghlama nua. Foghlaim chumaisc a bheidh i gceist ar an gcúrsa agus beidh idir léachtaí ar line agus ar an láthair i gceist, tar éis an lae scoile, ag an deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire scoile.  
Mairfidh an cúrsa ar feadh dhá bhliain acadúil, ag tosú Mí Eanáir 2025, agus is cúrsa staidéir páirtaimseartha é. Dearadh an cúrsa do dhaoine atá ag obair go lán-aimseartha.
Beidh tú in ann clárú chun an Ghaeilge a mhúineadh go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta i scoileanna tar éis dóibh an clár a chur i gcrích go rathúil.

Struchtúr an Chúrsa


Cúrsa dhá bhliain acadúil atá ann, ag tosú Mí Eanáir 2025, agus is cúrsa staidéir páirtaimseartha é.


Clár an Chúrsa


Cúrsa solúbtha páirt-aimseartha é an Dioplóma agus dearadh an sceideal do mhúinteoirí atá ag obair go lánaimseartha. Beidh idir léachtaí ar líne (60%) agus ar an láthair (40%) i gceist, sna tráthnónta, ar an Satharn agus le linn laethanta saoire scoile. Beidh tréimhse cónaitheach Gaeltachta i gceist mar chuid den chúrsa.  


Bliain 1  


1.    Dánta, stáitse agus scáileáin  
2.    Cumarsáid agus litearthacht 1  
3.    Curaclam agus comhthéacs  
4.    Pobal agus teanga na Gaeilge  


Bliain 2  


1.    Oideolaíocht na Gaeilge  
2.    Cumarsáid agus litearthacht 2  
3.    Téacsanna Gaeilge trí na haoiseanna  
4.    An Ghaeilge don Seomra ranga  
5.    Fathaigh an phróis 


Beidh 4 sheachtain san iomlán agaibh sa Ghaeltacht i rith thréimhse an chúrsa.


Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil.
 

Course Details

Awards

NFQ Level 9

Number of Places

40 Places

Next Intake

January 2025

Course Coordinator

Deirdre Nic Chárthaigh

Course Director

Deirdre Nic Chárthaigh

Closing Date

13th December 2024

students working in library/>

Admission Requirements

Le cur isteach ar an gcúrsa, beidh fianaise ag teastáil go bhfuil iarrthóirí ag Leibhéal B1 den Teastas Eorpach sa Ghaeilge (TEG). Tá leibhéil éagsúla TEG bunaithe go ginearálta ar An Fráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001).

Is féidir fianaise a fháil ó do Ollscoil má tá cáilíocht éigin agat cheana sa Ghaeilge, nó cuirfidh TEG scrúdú ar fáil mí na Samhna sa chaoi is go mbeadh na torthaí sin ar fáil in am le tabhairt faoin gcúrsa. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil ar ball maidir leis na socruithe sin.

Beidh fianaise ag teastáil go bhfuil iarrthóirí cláraithe le Comhairle na Múinteoirí chomh maith.

Seicliosta: 
•    Fianaise go bhfuil tú cláraithe le Comhairle na Múinteoirí mar mhúinteoir iarbhunscoile
•    Fianaise go bhfuil leibhéal B1 agat sa Ghaeilge ar An Fráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha (Teastas ó TEG nó litir ó institiúid 3ú leibhéal dá dhearbhú)
•    Cóip de do thras-scríbhinn acadúil (íosleibhéal de 2.2 sa Dioplóma Iarchéime nó sa Mháistreacht san Oideachas) 
•    CV reatha

Riachtanais incháilitheachta agus roghnaithe: tabharfar tús áite d’iarrthóirí bunaithe ar a dtaithí mar mhúinteoirí; ar a scileanna teanga; ar riachtanais na scoile (dearbhaithe ag an bpríomhoide).

Course Fees

Tá an cúrsa seo maoinithe ag an Roinn Oideachais agus ní bheidh táillí le híoc ag rannpháirtithe.

Apply

To apply, click on the relevant Apply Link below

Get in Touch

Telephone Number

+353 (0)1 896 1450

Caoimhe ní Bhraonáin ag  Dioploma.Gaeilge.Muinteoiri@tcd.ie

Website

https://www.tcd.ie/Irish/postgraduate/taught/DiopIC-sa-Ghaeilge-do-Mhuinteoiri.ga.php