Baile
Fáilte go dtí Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Mar an phríomhscoil Altranais agus Chnáimhseachais in Éirinn, táimid tugtha do réimeas oideachais den scoth a chur ar fáil do na mic léinn ardchaighdeáin a ndéantar freastal orthu.
Is í an fhís atá againn a bheith ar an scoil is fearr is féidir do thaighde agus d'oideachas Altranais agus Cnáimhseachais.
Féachaimid lenár gcéimithe altranais agus cnáimhseachais a bheith réidh le dul i mbun oibre agus a bheith chun cinn i gcúram sláinte nua-aimseartha, ceannródaíoch atá bunaithe ar chroíluachanna an altranais agus an chnáimhseachais i.e. cúram, comhbhá agus inniúlacht.
Tá cáil den chéad scoth ar ár gcéimithe altranais agus cnáimhseachais ar fud an domhain agus an-tóir orthu agus iad ag tabhairt faoi róil éagsúla ar gach leibhéal laistigh de chórais sláinte in Éirinn agus thar lear.
An Misean
Cuirtear cláir oideachais ar thús cadhnaíochta sa domhan ar fáil trína n-ullmhaítear lucht gairme altranais, cnáimhseachais agus sláinte eile chun freastal do riachtanais agus eolas a dhéanamh d’fhorbairt an chúraim sláinte go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta san am atá romhainn. Tá na cláir seo ag teacht go hiomlán leis an taighde ceannródaíoch comhoibríoch atá á dhéanamh inár lárionaid taighde agus inár gcuid téamaí taighde.
Ár bhFís
Tá clú in Éirinn agus thar lear ar an Scoil a mbíonn aird ar a cuid oibre ar fud an domhain ionas go bhfeabhsaítear oiread agus is féidir sláinte agus dea-bhail an duine, an teaghlaigh agus an phobail le sárfheabhas agus ceannródaíocht i mbun oideachais, taighde agus cleachtais, trí réiteach ciallmhar a fháil ar dheacrachtaí maidir le cúram sláinte, agus trí ghlúnta nua de nuálaithe altranais agus cnáimhseachais a chothú, oideachas a chur ar altraí agus lucht cnáimhseachais agus iad a spreagadh le dúthracht maidir leis an nuáil agus le cúrsaí sláinte ar fud an domhain.
Míreanna Breise
Ár Lárionaid Taighde
Lárionad Choláiste na Tríonóide don Nuálaíocht i gCleachtas agus Cúram Sláinte (TCPHI)
Lárionad Choláiste na Tríonóide um Aosú agus Míchumas Intleachta
Lárionad Choláiste na Tríonóide don Taighde ar Chúram Máithreachais (TCMCR)
Lárionad Taighde Choláiste na Tríonóide ar an Óige (TRICC)
Téamaí Ilréimseacha
Sláinte Mheabhrach & Téarnamh
Sláinte & Folláine Daoine Breacaosta
Ár gCúrsaí
Cláir Fochéime
B.Sc. - Altranas Ginearálta
B.Sc. - Altranas Comhtháite Ginearálta agus Leanaí
B.Sc. - Altranas Míchumas Intleachta
B.Sc. - Altranas Meabhairshláinte
B.Sc. - Cnáimhseachas
Cláir Iarchéime
M.Sc. / Diop. Iarchéime / Teastas Iarchéime - Aosú, Sláinte & Folláine i Míchumas Intleachta
M.Sc. / Diop. Iarchéime / Teastas Iarchéime - Ardchleachtadh Altranais/Cnáimhseachais (ANP/AMP)
M.Sc. / Diop. Iarchéime / Teastas Iarchéime – Sláinte an Phobail
M.Sc. / Diop. Iarchéime / Teastas Iarchéime - Néaltrú
M.Sc. / Diop. Iarchéime / Teastas Iarchéime - Cleachtadh Cnáimhseachais & Ceannaireacht
M.Sc. / Diop. Iarchéime / Teastas Iarchéime - Sláinte Mheabhrach
M.Sc. / Diop. Iarchéime / Teastas Iarchéime - Sláinte Mheabhrach – Snáithe na Leanaí, na nÓgánach & an Teaghlaigh
M.Sc. / Diop. Iarchéime / Teastas Iarchéime - Sláinte Mheabhrach – Snáithe na mBeart Idirghabhála Síceasóisialta
M.Sc. / Diop. Iarchéime / Teastas Iarchéime - Cúram Maolaitheach
M.Sc. / Diop. Iarchéime / Teastas Iarchéime - Altranas Speisialtóireachta*
M.Sc. / Diop. Iarchéime - Oideachas Cliniciúil sna hEolaíochtaí Sláinte
M.Sc. / Diop. Iarchéime - Altranas Geirinteolaíochta
M.Sc. / Diop. Iarchéime - Altranas
Teastas Iarchéime - Modhanna Cainníochtúla & Anailís Sonraí don Chúram Sláinte
Teastas Gairmiúil - Táirgí Leighis á nOrdú ag Altra/Cnáimhseach
Ard-Dioplóma - Altranas Leanaí
Ard-Dioplóma - Cnáimhseachas
Cláir Taighde Iarchéime
PhD - Taighde
MSc - Taighde
*(Imobráide, Duánach, an Rannóg Éigeandála, Cardashoithíoch, Dianchúram, agus Cúraim Ailse & Haemaiteolaíocht)