Spórt agus Áineas

Tá Ionad Spóirt den déanamh is nua-aimseartha chomh maith le roinnt láithreán spóirt faoin aer ag Coláiste na Tríonóide.  I measc na n-iliomad saoráidí atá ar fáil san Ionad Spóirt tá linn snámha, seomraí allais agus gaile, ionad aclaíochta, seomraí do chúram iomlánaíoch srl. Reáchtáiltear réimse spórt sa bpríomh-halla lena n-áirítear cispheil, badmantan, eitpheil agus sacar 5 an taobh. 

Freisin ar an gcampas tá cúirteanna scuaise, cúirteanna leadóige, páirceanna futsal, rugbaí, sacair agus cruicéid chomh maith le raon lúthchleasa féir sa samhradh.

Eagraítear clár bríomhar ranganna áineasa le linn na bliana inar féidir le gach duine a mbeadh suim acu i spórt, cuma cén leibhéal ag a bhfuil siad, páirt a ghlacadh iontu.  I measc na roghanna tá Rothaíocht Stiúideo, Power Pump, Pilates, Cúrsaí/ciorcaid agus go leor eile.  Deis iontach atá anseo bealach maireachtála folláin agus spóirtiúil a choinneáil fad a bhítear ag staidéar i gColáiste na Tríonóide.  

Dhá mhíle ón gColáiste tá teach bád ina reáchtáiltear Clubanna Bád na bhFear agus na mBan. Ag Ascaill Sheantraibh, cúig mhíle ó thuaidh den champas tá páirceanna breise rugbaí, sacair, hacaí agus cluichí Gaelacha. 

Tá ballraíocht ag suas le 50 club éagsúla i gClub Lúthchleasa an Choláiste (D.U.C.A.C.).  Is mór ag D.U.C.A.C. go bhfuil sé ábalta freastal ar gach aon duine, cibé cén leibhéal ag a bhfuil siad ó thaobh spóirt de, ón té a bheadh ag tosú go dtí réaltaí idirnáisiúnta spóirt.

Is iad na mic léinn a reáchtálann na clubanna agus ar an tslí seo airíonn siad gur leo féin iad agus bíonn siad tiomanta dá réir.  Cuidíonn sin ó thaobh rathúlacht foirne agus forbairt phearsanta na mac léinn agus is iontach an bealach é le bualadh le daoine agus scileanna cumarsáide, eagraíochta, ceannaireachta, airgeadais agus riaracháin a fhorbairt.

Cuimsíonn Clubanna Spóirt na gníomhaiochtaí seo a leanas: Aikido, Peil Mheiriceánach, Badmantan, Cispheil, Bádóireacht, Dornálaíocht, Camógaíocht, Dreapadóireacht, Cruicéad, Croquet, Rothaíocht, Eachaíocht, Pionsóireacht, Peil Ghaelach, Galf, Liathróid Láimhe, Rith agus Lúthchleasa, Judo, Karate, Cadhcáil, Leadóg Plásóige, Liathróid Lín, Rianadóireacht, Raidhfil, Rugbaí, Seoltóireacht, Spórt Sneachta, Sacar, Scuais, Fo-Uisce, Tonnmharcaíocht, Snámh, Leadóg Boird, Tae Kwon Do, Trampailín, Trí-atlan, Sár-Fhriosbaí, Eitpheil agus Clársheoltóireacht.

Scoláireachtaí Spóirt

Bronntar scoláireachtaí spóirt ar na fir agus ar na mná spóirt ar chaighdeán náisiúnta/idirnáisiúnta a thagann go Coláiste na Tríonóide le dul ag staidéar agus le dul san iomaíocht. Seo a leanas na buntáistí a chuireann na scoláireachtaí ar fáil:

  • Deontas airgeadais
  • Measúnú fiseolaíoch/tástáil aclaíochta agus traenáil iardain
  • Ceardlanna, lena n-áirítear Cothú, Síceolaíocht, etc.

Bíonn scoláireachtaí oscailte do gach spórt agus is féidir iad a athnuachan (ar bhonn bliantúil) ar feadh suas le 4 bliain. Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil ón láithreán gréasáin a thugtar thíos. Tabhair aird ar na spriochdhátaí.

Le liosta iomlán de na scoláirí spóirt reatha atá ann agus le tuilleadh eolais faoin gclár a fháil, téigh i dteagmháil leis an Roinn Spóirt:
Teil: +353 1 896 1812 | Ríomhphost: sport@tcd.ie