Reáchtálfar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste na Tríonóide den chéad uair ó mhí Mheán Fómhair 2023. Beidh oíche oscailte an chúrsa ar siúl ag 5 i.n. Dé Céadaoin 24 Bealtaine ar líne. Ócáid ar líne a bheidh i gceist agus foilseofar taifead den ócáid ar líne an lá dar gcionn chomh maith.

Pléifear struchtúr an chúrsa chomh maith leis an sceideal teagaisc agus foghlama, atá deartha do mhúinteoirí agus do cheannairí a bhíonn ag obair go lán-aimseartha. Beidh plé ar na riachtanais iontrála agus ar mheasúnú TEG, agus beidh deis ag rannpháirtithe ceisteanna a chur. Is féidir clárú don oíche oscailte anseo.