M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Is do mhúinteoirí agus do cheannairí i suíomhanna scoile lán-Ghaeilge agus Gaeltachta an cúrsa seo, bídís ina múinteoirí nó ina gceannairí bunscoile nó iar-bhunscoile. Tugann an cúrsa an deis do rannpháirtithe ardchaighdeán feabhais a bhaint amach ina gcleachtais oideachais agus ina n-inniúlacht teanga.

M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste na Tríonóide

Má tá paisean agat don oideachas trí mheán na Gaeilge, agus má tá uait cur le do shaineolas ar an earnáil sin, cuir iarratas isteach ar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste na Tríonóide.

Iarratas a dhéanamh

Cuirtear fáilte roimh iarratais do chóhort 24/25. Is féidir iarratas a chur isteach anseo.

Tabharfar tosach áite dóibh siúd a dhéanann iarratas roimh na dátaí seo a leanas:

An chéad spriocdháta tosaíochta: 5 Samhain 2023

An dara spriocdháta tosaíochta: 8 Eanáir 2024

An tríú spriochdháta tosaíochta: 8 Aibreán 2024.  

 

Teangmháil

Is féidir teangmháil a dhéanamh le hOifigeach Feidhmiúcháin an M.Oid., Sorcha Grisewood, ag an seoladh seo a leanas: moid@tcd.ie

 

Ocht modúl ar fad atá sa chúrsa M.Oid. agus is modúil éigeantacha iad ar fad. Sé mhodúl acu sin, is sa chéad bhliain den chúrsa atá siad agus is i mbliain a dó atá an dá mhodúl eile. Seo a leanas liosta de na modúil go léir, na creidiúintí atá ceangailte leo, agus cur síos gairid orthu:

Bliain 1

Modúl 1: An tumoideachas agus an dátheangachas (10 ECTS): Sa mhodúl seo, díreoidh na rannpháirtithe ar shaintréithe an tumoideachais agus an dátheangachais ar shlí a chuirfidh ar a gcumas dul i mbun cleachtas ionchuimsitheach taighde-bhunaithe. Cíorfaidh na rannpháirtithe múnlaí tumoideachais agus múnlaí oideachais dátheangacha agus déanfaidh siad anailís ar an sealbhú teanga agus litearthachta sna comhthéacsanna sin.

Modúl 2: An dea-chleachtas i suíomhanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge (10 ECTS): Díríonn an modúl seo ar mhúnlaí rialála agus polasaí an dea-chleachtais, ar an dea-chleachtas i gcur chun cinn na litearthachta do chách agus ar fhorbairt pobail foghlama Ghaeilge-bhunaithe. Cuirfear béim faoi leith ar an tslí a dtuigtear agus a gcuirtear na cleachtais sin ar fad i bhfeidhm i gcomhthéacsanna scoile Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Modúl 3: An teagasc agus an fhoghlaim i suíomhanna scoile lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (10 ECTS): Cuirtear béim sa mhodúl seo ar chuir chuige theoiriciúla agus oideolaíocha don sealbhú teanga agus d’fhorbairt na litearthachta i gcomhthéacsanna tumoideachais. Tá an gaol idir teangacha difriúla agus idir scileanna teanga difriúla lárnach sa mhodúl. Déantar iniúchadh sa ghné oideolaíoch den mhodúl ar chuir chuige foghlama agus teagaisc a chuireann leis an bhforbairt teanga.

Modúl 4: An cleachtas pleanála agus measúnaithe (10 ECTS): Sa mhodúl seo, déanfaidh na rannpháirtithe anailís ar an tslí le measúnú a úsáid don phleanáil agus chun feabhas a chur ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim ag leibhéal ranga agus scoile. Cuirfear béim ar thimpeallacht ionchuimsitheach foghlama a chruthú, ar chur chun cinn na Gaeilge don ghnáthchumarsáid, agus ar fhorbairt scileanna teanga, litearthachta agus uimhearthachta ar bhonn inmharthana.

Modúl 5: An cheannasaíocht agus an bhainistíocht (10 ECTS): Déanfaidh na rannpháirtithe iniúchadh ar an gceannasaíocht agus ar an mbainistíocht scoile éifeachtach sa mhodúl seo, le béim faoi leith ar an ionchuimsitheacht agus ar an gcothromas, agus conas iad sin ar fad a chur i bhfeidhm i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Cuirfear léargas ar fáil ar bheartais náisiúnta agus a róil i bhfeabhsúchán scoile agus san fhéinmheastóireacht scoile.

Modúl 6: Múinteoirí lán-Ghaeilge agus Gaeltachta mar thaighdeoirí (10 ECTS): Bíodh is go gcuirtear béim ar an taighde sna modúil ar fad, is sainmhodúl taighde atá sa mhodúl seo. Cuirfear léargas criticiúil ar fáil ar mhodheolaíochtaí taighde, ar scoláireacht an teagaisc agus na foghlama agus ar an litearthacht acadúil sa Ghaeilge. Tá nasc ag an modúl seo leis an tráchtas a dhéanfar i mbliain a dó agus téann na rannpháirtithe i ngleic leis an eolas agus leis na scileanna a bheidh uatha agus iad ag tabhairt faoin tráchtas.

Bliain 2

Modúl 7: Inniúlacht teanga sa Ghaeilge (10 ECTS): Dírítear sa mhodúl seo ar fhorbairt inniúlacht teanga rannpháirtithe go dtí leibhéal C1 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (.i. an CEFR). Is ionann pas sa mhodúl seo agus fianaise go bhfuil inniúlacht teanga ag leibhéal C1 ar an CEFR ag an rannpháirtí sna scileanna teanga ar fad sa Ghaeilge. Síos tríd an modúl, cuirfear béim ar an gcruinneas agus ar an bhfeasacht teanga.

Modúl 8: An tráchtas (30 ECTS): Tógann an modúl seo ar Mhodúl 6 agus tugann sé an deis do rannpháirtithe tabhairt faoi ghrinniniúchadh, i gcomhairle leis an stiúrthóir tráchtais, ar ghné éigin den oideachas lán-Ghaeilge agus/nó Gaeltachta. Raghaidh na rannpháirtithe i ngleic ar bhonn criticiúil anailíseach le ceisteanna taighde agus cruthóidh siad píosa taighde a chuireann leis an stór eolais sa réimse léinn.

Cúrsa solúbtha páirt-aimseartha é an M.Oid. agus dearadh an sceideal teagaisc agus foghlama le go mbeadh múinteoirí agus ceannairí scoile atá ag obair go lán-aimseartha in ann tabhairt faoin gcúrsa agus freastal ar na léachtaí agus ar na ranganna teagaisc ar fad. Chuige sin, tá dearadh an chúrsa bunaithe ar an bhfoghlaim chumaisc agus beidh idir léachtaí ar líne (c. 40%) agus léachtaí ar an láthair (c. 60%) i gceist. Sna tráthnóintí, tar éis an lae scoile a bheidh na léachtaí ar líne ar siúl agus beidh meascán de léachtaí agus de ranganna teagaisc sioncronacha, aisioncronacha agus hyflex san áireamh. Ar an Satharn agus le linn laethanta saoire scoile a reáchtálfar na léachtaí ar an láthair. I gColáiste na Tríonóide a bheidh na léachtaí deireadh seachtaine ar siúl. Tá Scoil Fómhair sa Ghaeltacht san áireamh sa teagasc ar an láthair chomh maith. Mairfidh an Scoil Fómhair seachtain agus is i gColáiste na Rinne, Co. Phort Láirge a bheidh sí ar siúl, le linn bhriseadh na Samhna. Cuirfear lóistín agus cothabháil ar fáil saor in aisce do na rannpháirtithe don Scoil Fómhair.

Ní mór do rannpháirtithe freastal ar na léachtaí agus ar na ranganna teagaisc ar fad, an Scoil Fómhair san áireamh, agus má thiteann tinreamh rannpháirtí faoi bhun 70% in aon mhodúl, tá an baol ann nach nglacfar leis an obair chúrsa ón rannpháirtí sin.

Emily Barnes ProfileEmily Barnes: Is Ollamh Cúnta le hOideachas Teanga í Emily Barnes. Múineann sí ar mhodúil a bhaineann le sealbhú agus cur chun cinn na litearthachta, oideolaíocht na Gaeilge agus modhanna taighde i réimse an oideachais teanga. Bhain sí céim mháistreachta (Próiseáil Teanga agus Urlabhra) chomh maith le PhD (Teangeolaíocht Fheidhmeach) amach i gColáiste na Tríonóide agus bhí sí ina teagascóir ar chúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta agus do státseirbhísigh ar feadh seacht mbliana. Tá suim aici san oideachas ionchuimsitheach i gcomhthéacs an tumoideachais, agus díríonn a cuid taighde ar acmhainní Gaeilge don disléicse agus dóibh siúd ar speictream an uathachais. Tá suim ar leith aici i gcúrsaí measúnaithe agus bíonn sí páirteach i ndearadh measúnaithe litearthachta ag leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile.

Gavin Murphy ProfileGavin Murphy: Is Ollamh Cúnta le Ceannasaíocht agus Beartas Oideachais é Gavin Murphy. Bhain sé céim B.A. amach sna Teangacha Feidhmeacha (Gaeilge and Fraincis) in Ollscoil Luimnigh, Dioplóma Gairmiúil san Oideachas i gColáiste na Trionóide, Dioplóma Gairmiúil san Oideachas sa Cheannasaíocht sa Cholásite Ollscoile, Baile Átha Cliath, céim máistir (Taighde Oideachais) i nDámh an Oideachais in Ollscoil Cambridge, and PhD (Oideachas agus Foghlaim ar feadh an tSaoil) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chaith Gavin tréimhse ag obair mar mhúinteoir meánscoile agus tá tréimhsí caite aige ar comhaltacht in Ollscoil Melbourne (2018) agus in Ollscoil Harvard (2023) ag múineadh cúrsaí iarchéime san oideachas. Tá a chuid taighde dírithe ar an gceannasaíocht and ar an mbeartas oideachais, chomh maith leis an bhforbairt ghairmiúil. Díríonn sciar dá chuid taighde ar earnáil an tumoideachais. Tá Gavin ina stiúrthóir faoi láthair ar an sruth den M.Ed. i Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide atá dírithe ar an gceannasaíocht agus ar an mbeartas oideachais. 

Noel O Murchadha ProfileNoel Ó Murchadha: Is Ollamh Comhlach le hOideachas Teanga é Noel Ó Murchadha. Bhain sé céim B.Sc. (Corpoideachas agus Gaeilge) agus PhD (Gaeilge) amach in Ollscoil Luimnigh agus tá sé cáilithe mar mhúinteoir iarbhunscoile Corpoideachais agus Gaeilge. Tá tréimhsí caite aige ag léachtóireacht in Ollscoil Luimnigh, in Ollscoil Toronto agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is in 2015 a thosnaigh sé ag obair mar leachtóir i Scoil an Oideachais i gColáiste na Tríonóide, áit a mbíonn sé ag teagasc cúrsaí ar oideolaíocht na Gaeilge, ar mhodhanna taighde san oideachas teanga agus ar an dá/ilteangachas. Faoi láthair, tá sé ina Stiúrthóir um Theagasc agus Fhoghlaim Iarchéime i Scoil an Oideachais. Is ar an mbeartas teanga a dhíríonn sé ina chuid taighde, go háirithe ar an dearcadh agus ar idé-eolaíochtaí teanga.

Iarratas a dhéanamh agus critéir iontrála

Ní mór d’iarrthóirí na hábhair a leanas a bheith san áireamh ina n-iarratas: CV cothrom le dáta; tras-scríbhinní acadúla (san áireamh tras-scríbhinní ó cháilíocht mhúinteoireachta atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun clárú mar mhúinteoir); fianaise ar chlárúchán iomlán leis an gComhairle Mhúinteoireachta; dhá theistiméireacht acadúla. Ba cheart cáilíocht 2.1 ar a laghad a bheith ag iarrthóirí ina mbunchéim agus ar a laghad 2.2 a bheith acu ina gcáilíocht mhúinteoireachta (sa chás is nach ionann an dá cháilíocht sin).

Dáta deiridh le hiarratais a chur isteach

Is iad seo a leanas na spriochdátaí le hiarratas a chur isteach don bhliain acadúil 24/35:

An chéad spriocdháta tosaíochta: 5 Samhain 2023An dara spriocdháta tosaíochta: 8 Eanáir 2024

An tríú spriochdháta tosaíochta: 8 Aibreán 2024.  

Iarrtar ar iarratasóirí an t-ábhar ar fad (e.g. tras-scríbhinn, CV) a chur leis an iarratas sula gcuirtear isteach é ach amháin teastas TEG – is féidir teastas TEG a chur leis an iarratas níos deireanaí.

Critéar iontrála teanga

Ní mór d’iarrthóirí fianaise a chur ar fáil go bhfuil pas le tuillteanas (>65%) bainte amach acu ag leibhéal B1 ar a laghad sna scileanna teanga ar fad de réir an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (.i. an CEFR). Moltar d’iarratasóirí cur isteach ar scrúdú TEG, a reáchtáltar go rialta agus (tuilleadh eolais ar fáil https://www.teg.ie/) muna bhfuil teastas TEG acu cheana féin.

Sa chás is gur mó líon na n-iarratas ná líon na spásanna atá ar fáil ar an gcúrsa, tabharfar tosach áite d’iarrthóirí a bhfuil taithí teagaisc trí bliana ar a laghad acu. Ina dhiaidh sin, tabharfar tosach áite dóibh siúd a bhfuil na marcanna is airde acu i scrúduithe TEG. Má tá spásanna ar fáil ar an gcúrsa ina dhiaidh sin, glacfar le litir nó le teastas ó institiúid ardoideachais a dhearbhaíonn go bhfuil leibhéal B1 sa Ghaeilge ar a laghad ag an iarrthóir sna scileanna teanga ar fad de réir an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.

Táillí

€650 in aghaidh na bliana an táille a bheidh le n-íoc ag rannpháirtithe ar an gcúrsa M.Oid.

Scoláireachtaí

Cuirfear dhá scoláireacht ar fáil gach bliain agus ní bheidh aon táille clárúcháin le n-íoc ag rannpháirtithe a ghnóthaíonn scoláireacht (bíonn táille €650 in aghaidh na bliana le n-íoc go hiondúil). Cuirtear na scoláireachtaí ar fáil chun tacú le hiarrthóirí ar baill iad de na grúpaí tosaíochta aitheanta sa Phlean Rochtana Náisiúnta: (rannpháirtithe atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch*, rannpháirtithe ar baill iad de phobail Lucht Siúil na hÉireann agus na Romach agus rannpháirtithe atá faoi mhíchumas). Chomh maith leis sin, is féidir cur isteach ar scoláireacht más ball tú de mhionghrúpa de réir cultúir, eitneachta nó cine. Más mian leat cur isteach ar na scoláireachtaí seo, líon an fhoirm iarratais seo (40.0KB) agus uaslódáil í le d’iarratas faoi 30/06/23. 

*Baintear úsáid as na teorainneacha ioncaim céanna a mbaintear úsáid astu don Scéim Deontais do mhic léinn iarchéime, is é sin go bhfuil leibhéal ioncaim ag iarrthóir singil faoi bhun €25,000 in aghaidh na bliana (má oibríonn an t-iarrthóir ar bhonn páirt-aimseartha, cuir i gcás), agus/nó go bhfuil leibhéal ioncaim ag teaghlach iomlán faoi bhun €55,000. Is féidir mí-bhuntáiste soch-eacnamaíochta stairiúil a chur san áireamh chomh maith.

 

Cuairt scoile

Tá foireann an chúrsa ar fáil chun cuairteanna a thabhairt ar bhunscoileanna nó ar iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí Ghaeilge chun an cúrsa a phlé leis an bhfoireann. Más maith leat cuairt fhíorúil nó ar an láthair a eagrú, cuir ríomhphost chuig barnesem@tcd.ie.

 

Cén fhianaise a nglacfar leis mar chruthúnas go bhfuil cumas Gaeilge ag leibhéal B1 agam?

  • Teastas TEG a chur ar fáil: is féidir le hiarrthóirí teastas a chur ar fáil mar fhianaise go bhfuil, ar a laghad, pas le tuillteanas (>65%) bainte amach acu i scrúdú TEG cheana féin;
  • Pas le tuillteanas (>65%) a fháil i scrúdú TEG ar an 12/13 Bealtaine nó ar an 12 Lúnasa 2023.

Tabharfar tosach áite dóibh siúd a bhfuil na marcanna is airde acu i scrúduithe TEG. Má tá spásanna ar fáil ar an gcúrsa ina dhiaidh sin, glacfar le litir nó le teastas ó institiúid ardoideachais a dhearbhaíonn go bhfuil leibhéal B1 sa Ghaeilge ar a laghad ag an iarrthóir sna scileanna teanga ar fad de réir an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.

Má fhaightear tairiscint ar áit ar an gcúrsa, an féidir í a chur siar go dtí an bhliain seo chugainn?

  • I gcásanna eisceachtúla amháin. Téigh i dteagmháil le stiúrthóir an chúrsa más mian leat tairiscint ar an gcúrsa a chur siar go dtí an bhliain seo chugainn.

Cén t-ualach oibre a bhaineann leis an gcúrsa seo?

Tá cur síos ar obair an chúrsa thíos, tabhair faoi deara go gcuirtear an t-eolas seo ar fáil ar bhonn sealadach agus go bhfuil seans ann go dtiocfaidh athrú ar an sceideal.

I mbliain 1, beidh ar rannpháirtithe freastal ar:

  • Léacht amháin in aghaidh na seachtaine tar éis an lae scoile (sa chéad agus sa dara seimeastar);
  • Rang teagaisc amháin in aghaidh na seachtaine tar éis an lae scoile (sa chéad & sa dara seimeastar);
  • Scoil Fómhair i gContae Phort Láirge – a mhairfidh seachtain amháin – le linn bhriseadh na Samhna (sa chéad seimeastar);
  • Léachtaí ar an láthair i gColáiste na Tríonóide ag an deireadh seachtaine (sa dara seimeastar).

Beidh roinnt mhaith oibre le déanamh taobh amuigh de na léachtaí (léitheoireacht neamhspleách, machnamh agus anailís ar an gcleachtas, obair ghrúpa, etc). Beidh measúnuithe le cur isteach ag rannpháirtithe anuas air sin sa chéad agus sa dara seimeastar.

I mbliain 2, beidh ar rannpháirtithe freastal ar:

  • Cruinnithe lena stiúrthóir tráchtais;
  • Léachtaí ar líne tar éis an lae scoile (sa dara seimeastar);
  • Dornán léachtaí ar an Satharn ar an láthair (sa dara seimeastar).

Beidh obair neamhspleách (le tacaíocht ón stiúrthóir) le déanamh ag rannpháirtithe ar an tráchtas. Anuas air sin, beidh scrúduithe teanga ag leibhéal C1 le déanamh ag rannpháirtithe ag deireadh na bliana acadúla.

Cén tacaíocht a bheidh ar fáil do rannpháirtithe chun feabhas a chur ar a n-inniúlacht teanga?

Cuirfear go leor tacaíochtaí – idir léachtaí, ranganna agus acmhainní – ar fáil do rannpháirtithe:

  • I mBliain 1, freastalóidh rannpháirtithe ar ranganna teagaisc seachtainiúla le comhalta teagaisc ina ndíreofar ar fhorbairt na scileanna teanga;
  • I mBliain 2, freastalóidh rannpháirtithe ar mhodúl ina ndíreofar ar ullmhúchán do na scrúduithe teanga C1;
  • Cuirfear béim ar fhorbairt na scileanna teanga go léir mar chuid de gach modúl ar an gcúrsa;
  • Beidh fáil ag rannpháirtithe ar chúrsa gramadaí ar líne agus tabharfar leabhair do rannpháirtithe ag tús an chúrsa a bheidh ina dtacaíocht dóibh lena linn;
  • Caithfidh rannpháirtithe seachtain amháin i gceantar Gaeltachta (An Rinn, Co. Phort Láirge) mar chuid den chúrsa, áit a gcuirfidh siad lena scileanna teanga.

Cén chaoi a ndéanfar measúnú ar an bhfoghlaim sa chúrsa seo?

Ní bheidh aon scrúduithe ag rannpháirtithe i mBliain 1. Déanfar measúnú ar an bhfoghlaim ar bhealaí éagsúla (e.g. punann chleachtas-bunaithe agus aistí a scríobh, cur i láthair a dhéanamh, podchraoladh a thaifeadadh agus píosaí féinmhachnaimh a scríobh ar an bhforbairt teanga).

Beidh tráchtas 20,000 focal le scríobh ag rannpháirtithe i mBliain 2 le tacaíocht ó stiúrthóir taighde. Chomh maith leis sin, tabharfaidh rannpháirtithe faoi scrúduithe teanga ag deireadh Bhliain 2 mar chuid den mhodúl ar an inniúlacht teanga.

Tá post lán-aimseartha agam, an mbeidh go leor ama agam tabhairt faoin gcúrsa seo?

Dearadh an cúrsa seo le freastal ar mhúinteoirí atá ag obair go lán-aimseartha. Is ar líne – sna tráthnóntaí, tar éis an lae scoile - a bheidh na léachtaí le linn na seachtaine. Reachtálfar na léachtaí go léir a bheidh ar an láthair le linn bhriseadh na Samhna agus ar Shathairn.

Cén leibhéal ag a bhfuil an chéim seo ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí?

Tá an M.Oid ag leibhéal 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Cén chaoi a gcuirfidh an cúrsa seo le mo scileanna teagaisc agus taighde?

  • Mar cuid den chúrsa seo, beidh deis agat barr feabhais a chur ar do chleachtas mar oideachasóir, ar do scileanna ceannaireachta agus ar do scileanna teanga;
  • Pléifear agus cíorfar taighde, teoiric agus dea-chleachtais i réimsí éagsúla an tumoideachais sna modúil mhúinte;
  • Beidh deis agat togra taighde a dhearadh agus a chur i bhfeidhm a rachaidh chun tairbhe do do chleachtas féin, le tacaíocht ón stiúrthóir taighde;
  • Cuirfidh tú aithne ar mhúinteoirí agus ar cheannairí eile i réimse an ghaeloideachais, déanfaidh tú anailís ar na dea-chleachtais a chuirtear i bhfeidhm i do scoil féin agus i scoileanna eile agus bainfidh tú triail as cleachtais úra i do chleachtas féin.