Baile

Tá stair fhada, chéimiúil ag baint leis an Scoil, a bunaíodh i 1904, agus tá cáil uirthi maidir le taighde ar ardchaighdeán agus foghlaim agus teagasc nuálach ag leibhéal céime agus iarchéime. Tá an Scoil comhdhéanta de 560 mac léinn, 21 lucht léinn lánaimseartha agus ocht mball foirne riaracháin. Tá clár iarchéime ag an Scoil atá ag déanamh thar cionn ina bhfuil 250 mac léinn máistreachta agus 100 mac léinn Dochtúireachta - PhD agus DEd. Táimid tiomanta freisin d'oiliúint tosaigh múinteoirí tríd an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (PME) a mhaireann dhá bhliain agus an Baitsiléir in Oideachas Ceoil (BMusEd). Tá baint ag an Scoil freisin le réimse tionscnamh d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach (CPD) atá dírithe ar chur le heolas, scileanna agus cumas múinteoirí atá i mbun na gairme.

Mar chuid dár misean, táimid tiomanta tús áite a thabhairt do theagasc i ngrúpaí beaga agus a chinntiú go dtugtar an deis dár mic léinn, ar cuid ríthábhachtach iad de phobal na scoile, chun a gcumais agus a dtréithe scoláireachta agus gairmiúla a fhorbairt. Tá an Scoil go mór i bhfabhar teagasc atá bunaithe ar thaighde. Is luach agus cleachtas é seo a bhaineann le go leor dár gcuid clár; ó ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla aon lae go dtí léinn dochtúireachta. Mar thaca faoi sin tá na príomhluachanna criticiúlacht, saoirse acadúil, bheith sa tóir ar an bhfírinne, eolas nua a ghiniúint chomh maith le seaneolas a cheistiú. Ba mhaith linn a cheapadh freisin go ndéantar sin le spiorad na hoscailteachta, an daonlathais agus le hiontaofacht agus síneann sin chuig gach duine a bheidh mar chuid den Scoil.

Baineann ár gcuid taighde le réimse leathan réimsí ina measc beartas & cleachtas ardoideachais; socheolaíocht an oideachais; oideachas sna healaíona agus sa cheol; síceolaíocht an oideachais; taighde ar bhunoideachas agus ar iarbhunoideachas; ionchuimsiú in oideachas, agus eolaíocht, teicneolaíocht agus nuálacht. Mar a fheicfidh tú ónár láithreán gréasáin, déantar an obair seo a leagan amach laistigh de chúig ghrúpa agus dhá ionad taighde Coláiste. Tá próifíl dá gcuid féin acu ar fad agus nascann siad le go leor institiúidí acadúla eile agus lucht léinn aonair ar fud na tíre agus ar fud an domhain chomh maith le heagraíochtaí stáit agus neamhstáit. Chun an obair thaighde agus scolártha seo a mhéadú agus a léiriú, reáchtálann an Scoil seimineáir, léachtaí agus imeachtaí poiblí go rialta, foilsíonn sí 'páipéir oibre' ócáideacha chomh maith le Páipéir Oideachais na Tríonóide. Léiriú níos ginearálta ar chaighdeán ár gcuid oibre go bhfuil an Scoil aicmithe ar cheann de na 100 scoil ábhair is fearr QS.

Ar deireadh, tá an t-ádh orainn a bheith lonnaithe i lár Chathair Bhaile Átha Cliath; ceann de na cathracha is bríomhaire agus is deise ar an domhan, ar iomaí deis atá ann an cultúr a thapú. Tá campas an Choláiste beag agus deas agus meascán breá d'fhoirgnimh nua-aimseartha agus nua-chlasaiceacha i gceist atá tarraingteach do mhic léinn agus do chuairteoirí chun na hÉireann araon.

An PME i gColáiste na Tríonóide

Blaiseadh den PME i gColáiste na Tríonóide agus an tslí a bhfreastalaítear ar an nGaeilge ar an gcúrsa sin. http://www.tcd.ie/