Tá fáilte romhat

Brian Caulfield, Head of Department

Cuirtear fáilte chroíúil romhat chuig Roinn na hInnealtóireachta Sibhialta, Timpeallachta agus Struchtúr i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá ról ríthábhachtach le himirt ag Innealtóirí Sibhialta leis an tsochaí amach anseo a mhúnlú agus is acu atá an t-eolas agus na scileanna atá de dhíth chun freastal ar na dúshláin mhóra atá le sárú ag an domhan inniu – méadú ar an mbrú atá ar acmhainní (fuinneamh, uisce, talamh, srl.) agus gá le cuir chuige níos inmharthana i ngach gné den saol dá bharr, na hiarmhairtí atá ag straitéisí athrú aeráide agus maolú aeráide, an treocht atá ann ar fud an domhain i dtreo cónaí níos uirbí, srl. Is disciplín leathan í an Innealtóireacht Shibhialta a phléann leis an bpríomh-bhonneagar a theastaíonn i sochaí; struchtúir agus droichid, acmhainní uisce agus bainistíocht dramhaíola, bainistíocht iompair agus bóithre, acmhainní agus córais fuinnimh.

Tá Innealtóireacht Shibhialta á múineadh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ó 1841 agus ó shin i leith tá ról láidir aici maidir le hinnealtóireacht shibhialta a fhorbairt mar ábhar acadúil. Tá cúrsaí Fochéime agus Iarchéime ar fáil faoi láthair ar cúrsaí ilghnéitheacha iad ina bhfuil béim láidir theicniúil, ach béim freisin ar scileanna oibre foirne a fhorbairt chomh maith le heolas ar eiticí agus feasacht ar na tionchair shóisialta agus chomhshaoil a bhaineann lena gcuid oibre. Is minic go gcríochnaíonn céimithe ag obair ar thionscadail ildisciplíneacha a mbíonn cur chuige agus smaointeoireacht nuálach de dhíth agus a mbíonn gairmeacha iontacha in Éirinn agus thar lear i gceist, agus obair i dtíortha i mbéal forbartha san áireamh.

A stack of nuts and bolts

Dírítear go láidir inár gcuid taighde ar mhodhanna cainníochtúla agus anailíseacha, ar nuálaíocht a chur i bhfeidhm agus ar theicneolaíocht nua a fhorbairt agus a úsáid chun fadhbanna sna timpeallachtaí nádúrtha agus tógtha a réiteach. Oibrímid le lucht tionscail, rialtais agus ollscoileanna ar fud an domhain ar thaighde a mbíonn gné eacnamaíochta, shóisialta, pholaitiúil, eolaíochta agus innealtóireachta ag baint leis.

Cláraíonn suas le 180 mac léinn don chlár innealtóireachta fochéime gach bliain. Chomh maith leis sin, tá tuairim is 200 mac léinn ag tabhairt faoi chúrsaí iarchéime múinte agus 50 mac léinn i mbun taighde sa Roinn. Faoi láthair tá an Roinn comhdhéanta de 19 mball foirne acadúla, 6 bhall foirne theicniúla, 3 bhall foirne riaracháin 2 bhall foirne freastail, 16 bhall foirne taighde agus roinnt saineolaithe seachtracha a thugann léachtaí speisialtóra le linn na bliana.

 

Tá spéis ag an Roinn i réimse leathan agus éagsúil ábhar taighde. Téann ár ngrúpaí taighde i ngleic le dúshláin sa tsochaí a mbíonn ar an bpobal domhanda aghaidh a thabhairt orthu agus cuimsítear ár gcuid oibre laistigh de cheann den chúig Cholún Taighde: Fuinneamh, Comhshaol, Geoiteicnic, Struchtúr & Iompar. Tá Saoráidí Taighde den chéad scoth againn agus tá taighdeoirí ó mhórthimpeall an domhain tar éis taisteal chucu chun comhoibriú lenár mBaill Foirne.

Oll. Comh. Brian Caulfield, Ceann Roinne