Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



You are here Our Research > Past Research Projects

Enhanced POS Tagging for NCI Corpus of Irish: Clibeáil an Chorpais

Malairt Focail ins An Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill, 1977, An Gúm)

Back

Léargas ginearálta

San Fhoclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill) faightear na mílte iontráil ina ndéantar ar an laghad tagairt amháin do cheannfhoca(i)l eile. Agus an foclóir á phróiseáil le linn “Céim 2A, Clibeáil an Chorpais”, rinneadh liostaí de na hiontrálacha thuasluaite. Is mar chabhair do fhoclóirithe a rinneadh é ionas go mbeidh siad in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na tagairtí éagsúla agus An Foclóir Nua Gaeilge-Béarla idir lámha acu.

Na liostaí (1-7)

Tá slite éagsúla ann ina dtagraítear do cheannfhocail eile. Ós rud é nach bhfuil na hiontrálacha mar an gcéanna tríd síos, d’fhéadfadh sé gur fágadh corrthagairt ar lár le linn na próiseála leictreonaí, ach tá na cásanna is coitianta a bainte amach. Mar sin, is iad seo a leanas na cásanna is minicí a fhaightear san Fhoclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill) faoi láthair:

  1. (Var: [...]): Eolas faoi leagan eile den cheannfhocal ag deireadh na hiontrála
    Sampla: abartha, a3. Given to repartee. (Var: ~ch a1)

  2. var. [...] of: Is leagan eile de cheannfhocal eile (nó foirm de) é an ceannfhocal
    Sampla: aithneachtáil, var. vn. of aithin1.

  3. “ = ”: Is ionann an ceannfhocal agus ceannfhocal eile
    Sampla: adóg = fadóg.

  4. “ : ”: Is foirm ghramadúil de cheannfhocal eile é an ceannfhocal
    Sampla: acu : ag1.

  5. [gram form] of: Cosúil le 4. ach i gcás homaghraiph/-fóin
    Sampla: bándeirge. 1. f. (gs. ~). Pinkness. 2. gsf. of bándearg.

  6. vn. of: Is ionann an ceannfhocal agus ainm briathartha (i measc rudaí eile)
    Sampla: adhmholadh, m. (gs. -lta). 1. vn. of adhmhol. 2. Eulogy, panegyric.

  7. Homaghraif (fóin go ginearálta): marcáilte le forscript1,2,3
    Sampla: ábhar2, m. (gs. & npl. -air, gpl. ~). Bed of rowlock.

Corruair, gheofar focal atá ar níos mó ná liosta amháin toisc go bhfuil níos mó ná cás amháin i gceist. Mar shampla

ab3 = an : is1.

Is ionann é agus “an”. Ag an am céanna, áfach, is foirm ghramadúil den cheannfhocal “is1” é chomh maith. Mar sin, gheofar an focal seo ar liosta 3. agus ar liosta 4.

Sampla eile ná

garbhán2 = carbhán2

ar 1.) tagairt do cheannfhocal eile agus 2.) homaghraf/-fón é. Mar sin, gheofar ar liosta 3. agus ar liosta 7. é.

Back to top