Baile

Tá Coláiste na Tríonóide tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge mar chuid lárnach de shaol na hollscoile. Táimid tiomanta do phróifíl Choláiste na Tríonóide a ardú mar ionad do ghníomhaíocht acadúil agus chultúrtha trí mheán na Gaeilge. Chun líon na n-imeachtaí poiblí Gaeilge, ar nós drámaí, léachtaí agus díospóireachtaí, a mhéadú ar an gcampas, tá sé mar aidhm againn comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a fhorbairt le heagraíochtaí Gaeilge.