An tIonad taighde do Theicneolaíocht Urlabhra agus Teangeolaíochta na Gaeilge (ITUT): Irish Speech and Language Technology Research Centre

Aidhm 

Seo lárionad taighde atá dírithe ar fhorbairt na teicneolaíochta urlabhra agus teangeolaíochta don Ghaeilge. Tá an fhorbairt teicneolaíochta seo bunaithe ar dhúshraith taighde teangeolaíochta atá ar siúl sa Scoil ar struchtúr na Gaeilge, ar theagasc na Gaeilge, ar bhailiúchán agus ar phróiseáil corpais. Mar chroílár na hoibre, tá bunú acmhainní teangeolaíochta agus urlabhra don Ghaeilge. Mar aschur breise as an obair, táimid ag díriú ar fheidhmchláir a thacóidh le pobal na Gaeilge - le foghlaimeoirí agus le lucht teagaisc na Gaeilge, agus leo siúd atá faoi mhíchumas radhairc nó urlabhra.
Tugann an tIonad seo taighdeoirí as réimsí ilghnéitheacha le chéile agus ina measc ríomhtheangeolaíocht agus foireann a dhíríonn ar ghnéithe teicneolaíochta urlabhra agus ar fhoghraíocht na Gaeilge sa Saotharlann Foghraíochta agus Urlabhra.