Ardán nua cumarsáide Gaeilge do pháistí uathacha
Posted on: 29 September 2026
Tá uirlis nua Ghaeilge forbartha ag taighdeoirí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a chuirfidh ar chumas leanaí uathacha ó phobail Ghaeilge páirt níos iomláine a ghlacadh ar scoil agus sa phobal.
Is uirlis bunaithe ar shiombailí í Geabaire a chuireann ar chumas leanaí nach labhraíonn, nó leanaí a bhfuil teorainn lena gcumas cainte, focail agus abairtí Gaeilge a chumadh, agus a rá amach os ard ag úsáid guthanna sintéiseacha.
“Céim mhór chun cinn atá san uirlis seo do pháistí uathacha le Gaeilge”, dar leis na hOllúna Neasa Ní Chiaráin agus Emily Barnes as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, atá i gceannas ar thionscadal Geabaire, fothionscadal de chuid ABAIR sa Choláiste.
Tá 24 rang nua uathachais á n-oscailt i mbunscoileanna lán-Ghaeilge i mí Mheán Fómhair 2026. Tá sé tábhachtach go mbíonn daoine ar an eolas go bhfuil fáil ar Geabaire ag scoileanna, ag úsáideoirí aonair agus ag a dteaghlaigh ar shuíomh gréasáin https://abair.ie/geabaire.

Is í Geabaire an chéad uirlis tacaíochta cumarsáide bunaithe ar shiombailí atá deartha go sonrach don Ghaeilge. Tá sí tógtha ag foireann a bhfuil domhainthuiscint acu ar struchtúr na Gaeilge agus ar a canúintí araon.
Tá an tionscadal seo ag leagan síos múnla domhanda freisin: tá Geabaire ar cheann de na céad chórais AAC (Alternative and Augmentative Communication) a dearadh ón mbonn aníos do mhionteanga san Aontas Eorpach. Léiríonn sé seo conas is féidir le teicneolaíochtaí urlabhra agus teanga freastal ar phobail mhionteangacha agus ar theangacha atá i mbaol ar fud an domhain.
Cuireadh tús le Geabaire nuair a chuaigh Julia Cummins, máthair beirt leanaí uathacha a bhfuil teorainn lena gcumas cainte, i dteagmháil le taighdeoirí ag ABAIR sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide féachaint an bhféadfaí leagan Gaeilge d’aip a ghineann urlabhra a fhorbairt.
“Bhí ár n-iníon in ann an Ghaeilge a chloisteáil timpeall uirthi i gcónaí, ach ní raibh an uirlis chumarsáide Bhéarla a bhí á húsáid aici in ann an Ghaeilge a labhairt di. A luaithe is a cláraíodh ise sa Ghaelscoil áitiúil, bhí a fhios agam go raibh géarghá aici le leagan Gaeilge ionas go bhféadfadh sí páirt iomlán a ghlacadh i dteanga a scoile, a teaghlaigh agus a pobail.
“Ar dtús, rinneamar iarracht córas Béarla a chur in oiriúint go simplí. Ba léir go tapaidh nach bhféadfaí freastal go leordhóthanach ar an nGaeilge ar an gcaoi sin — tá a gramadach, a hord focal, a cora cainte agus a canúintí féin ag an nGaeilge. Bhí gá againn le córas cumarsáide a bheadh deartha timpeall ar struchtúir na Gaeilge agus a canúintí ón tús.”
Ba ghearr go raibh Julia lárnach i bhforbairt na huirlise nua in éineacht le saineolaithe teangeolaíochta, oideachais agus teicneolaíochta i gColáiste na Tríonóide. Tá sí i mbun PhD faoi láthair, ag scrúdú conas is féidir le forbairt an chórais AAC Gaeilge seo prionsabail a sholáthar a fhéadfaí a aistriú chuig teangacha mionlaithe eile a bhfuil struchtúir chasta acu.
Riachtanas nach bhfuil comhlíonta i measc phobal na Gaeilge
“Líonann Geabaire bearna ollmhór atá riachtanach do phobal na Gaeilge,” a mhíníonn Neasa Ní Chiaráin, Ollamh Cúnta le Teicneolaíocht Urlabhra agus Teanga don Ghaeilge.
“Cinntíonn Geabaire gur féidir le leanaí a bhfuil riachtanais chasta chumarsáide acu a bheith rannpháirteach ón gcéad lá ar a dturas oideachais. Agus an teicneolaíocht ag forbairt, caithfimid a chinntiú nach bhfágtar cuid na baill is leochaillí de phobal na Gaeilge taobh thiar. Sampla cumhachtach atá ann den taighde ag teacht le chéile le nuálaíocht theicneolaíoch ar mhaithe le héifeacht dhearfach ar an sochaí agus ar chearta teanga.
Julia Cummins agus Neasa Ní Chiaráin, Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide
Agus í ag labhairt faoi na ranganna uathachais nua i scoileanna lán-Ghaeilge an mhí seo, dúirt Emily Barnes, Ollamh Cúnta i Scoil an Oideachais “Is céim amháin chun tosaigh í rochtain ar an oideachas lán-Ghaeilge. Ach ní hionann í agus an ionchuimsitheacht; baineann an ionchuimsitheacht le páirt iomlán a ghlacadh i saol an tseomra ranga na scoile, áit a bhfuil ról lárnach ag Geabaire.
Léiríonn an taighde go bhfuil Geabaire ag teastáil chun rochtain a fháil ar an gcuraclam agus cairdeas a chothú i measc páistí a úsáideann córas AAC. Tá gach páiste i dteideal a bheith páirteach san oideachas lán-Ghaeilge, agus tacaíonn Geabaire le cur i bhfeidhm na gcearta oideachais agus teanga sin.
“Ag deireadh an lae, ní hé líon na ndaoine a labhraíonn teanga ar leith a léiríonn rath na teanga sin, ach cé chomh maith agus is féidir leis na daoine is leochailleachaí sa tsochaí a bheith rannpháirteach inti,” a deir an tOllamh Ní Chiaráin.
“Tá tábhacht ar leith leis seo don Ghaeilge agus do mhionteangacha eile, a bhraitheann ar an bpobal chun an teanga a bhuanú ó ghlúin go glúin. Maireann teangacha nuair a úsáideann teaghlaigh an teanga sa bhaile agus nuair a roghnaíonn an pobal iad a úsáid gach lá. Ba chóir go mbeadh deis ag gach leanbh, lena n-áirítear leanaí a bhfuil riachtanais chumarsáide chasta acu, fás aníos agus a dteanga féin á cloisteáil agus á húsáid acu sa bhaile, ar scoil, agus sa phobal go ginearálta.
Go minic, cuirtear comhairle ar theaghlaigh an teanga baile a athrú toisc nach bhfuil ann d’uirlisí teicneolaíochta cúnta a thacaíonn leo ina dteanga féin. Is céim é Geabaire i dtreo a chinntiú nach bhfuil ar leanaí a dteanga a athrú chun tacaíocht chumarsáide a fháil."
Tá Gaeloideachas, an eagraíocht náisiúnta a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge, ag tacú leis an bhforbairt seo. Dar le Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas: “Athróidh Geabaire an saol ó bhonn do pháistí agus dhaoine óga sa chóras oideachais lán-Ghaeilge. Ó leibhéal an naíonra ar aghaidh, tabharfaidh sé guth eile dóibh – cabhróidh sé leo iad féin a chur in iúl ar bhealach eile, nasc a dhéanamh le daoine eile, páirt a ghlacadh agus fíormhuintearas a dhéanamh.”

Emily Barnes, Scoil an Oideachais
“Trí AAC a chur ar fáil as Gaeilge, tá bealach nua agus deiseanna breise á gcur ar fáil ag Geabaire do pháistí nach labhraíonn nó atá ar bheagán cainte cumarsáid a dhéanamh, a bhféiniúlacht a cheiliúradh, agus bláthú san oideachas lán-Ghaeilge. Tá sé de cheart ag gach duine a nguth a chloisteáil, agus cabhróidh Geabaire leis sin a chinntiú.”
Uirlisí teanga Gaeilge do chách
Lonnaithe i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, díríonn ABAIR ar réimse teicneolaíochtaí urlabhra agus teanga a fhorbairt, agus a chur ar fáil don phobal Gaeilge. Tá an tionscadal á stiúradh ag na hOllúna Neasa Ní Chiaráin agus Ailbhe Ní Chasaide.
I measc na dteicneolaíochtaí urlabhra agus teanga á bhforbairt ag ABAIR tá uirlis téacs-go-hurlabhra (le cúig chanúint), aithint cainte, agus samhlacha teanga atá saincheaptha don Ghaeilge, chomh maith le feidhmchláir don oideachas agus don inrochtaineacht, lena n-áirítear léitheoir scáileáin do dhaoine atá dall nó ar lagamharc.
Tá teicneolaíochtaí uile ABAIR deartha le struchtúr na Gaeilge mar bhunús acu, freastalaíonn siad ar na canúintí éagsúla agus tá siad oiriúnach do raon leathan úsáideoirí, lena n-áirítear leanaí atá ina gcónaí i bpobail Ghaeilge, daoine a úsáideann uirlisí teicneolaíochta sa saol oibre, foghlaimeoirí Gaeilge agus daoine faoi mhíchumas.
Cé gurb iad daltaí uathacha sa chóras oideachais lán-Ghaeilge an spriocphobal do Geabaire sa chéad dul síos, táthar ag súil go rachaidh Geabaire chun tairbhe réimse níos leithne úsáideoirí, lena n-áirítear leanaí uathacha i scoileanna Béarla atá ag foghlaim na Gaeilge, a mhíníonn an tOllamh Ní Chiaráin. Is féidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus an tionscadal Geabaire á fhorbairt tacú le forbairt feidhmchlár teicneolaíochta urlabhra agus teanga do mhionteangacha eile.
Tá Geabaire á mhaoiniú ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Tionscadal ildisciplíneach atá ann a thógann ar chroítheicneolaíochtaí agus ar shaineolas teangeolaíochta ABAIR, tionscadal fadbhunaithe i dteicneolaíocht urlabhra agus teanga i gColáiste na Tríonóide, atá maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Leagan Béarla anseo.
Media Contact:
Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551