Oíche Chultúir 2026
Posted on: 11 September 2026
Beidh roinnt imeachtaí ar siúl i gColáiste na Tríonóide don Oíche Chultúir an Aoine bheag ar 18ú Meán Fómhair. Glac páirt sa spraoi san ócáid bhliantúil phoiblí seo a dhéanann ceiliúradh ar an gcultúr, ar chruthaitheacht agus ar na healaíona ar fud na Éireann.
Seo na gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh ar siúl ar fud Choláiste na Tríonóide. Cliceáil ar na naisc le haghaidh níos mó eolais faoi na himeachtaí éagsúla.
Oíche Chultúir le Ceolfhoireann Choláiste na Tríonóide (caithfear clárú)
Cuireann Ceoilfhoireann na Tríonóide fáilte roimh chach don oiche ceol clasaiceach sna Seomra Díospóireacht Foirgneamh Cuimhneacháin na gCéimithe. Is ceolfhoireann faoi bháinistíocht na mac léinn go hiomlán an Ceolfhoireann na Tríonóid. I ndiaidh samhradh a chaitheamh ag seinm ag féilte ar fud na tíre, bímid teacht abhaile, ag oscailte an bhliain acadúil le hoíche ceoil chlasaicigh.
Tóg céim isteach sa Lir - Acadamh Náisiúnta na Drámaíochta i gColáiste na Tríonóide – príomhionad oilúna na hÉireann don chéad ghlúin eile de dhrámadóirí, aisteoirí agus dearthóirí.
Le linn na hoíche, is féidir le cuairteoirí bualadh isteach le haghaidh ceardlann, léirithe, agus turais threoraithe a tharraingíonn siar an brat le solas a chaitheamh ar shaol bríomhar na healaíne stáitse. Ón aisteoireacht agus an stiúrthóireacht go dtí an draíocht nach minic a fheictear ó thaobh seit, feistis, agus dearadh soilsithe de, beidh oidí agus mic léinn ón Lir ar fáil lena gcuid saineolais a roinnt agus le blaiseadh a thabhairt den mhéid a tharlaíonn ar chúl stáitse mar chuid de cheard na drámaíochta.
Domhan na Laibhe: Iniúchadh ar Bholcáin na hÉireann
An Oíche Chultúir seo, déan iniúchadh ar na fórsaí loiscneacha a mhúnlaigh Éire thar na milliúin bliain le Grúpa Magmatachta Bhaile Átha Cliath i gColáiste na Tríonóide.
Foghlaim faoin tslí ar chabhraigh sean- ghníomhaíocht bholcánach le tírdhreacha an lae inniu a chruthú, agus déan mionscagadh ar
phíosaí fuaraithe de sheomraí magma plútónacha. Tabharfar deis do chuairteoirí carraigeacha bolcánacha ó gach cearn den domhan a láimhseáil agus foghlaim faoin eolaíocht a bhaineann le bolcáin, magma, agus an taobh istigh den Domhan.
Bí fiosrach an Oíche Chultúir seo, agus cuidigh linn na fórsaí príomhordúla magma atá faoinár gcosa a nochtadh.
Turas treoraithe ar champas Choláiste na Tríonóide
Tar ar thuras treoraithe trí Ghaeilge ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide. Faigh léargas ar an ollscoil is sine in Éirinn, ar a hoidhreacht agus ar shaol an mhic léinn sa lá atá inniu ann. Reáchtálfar trí thuras a mhairfidh thart ar 30-40 nóiméad an ceann. Tosóidh siad ón Campanile atá sa Chearnóg Thosaigh. Ní gá áit a chur in áirithe ach a bheith ag an Campanile (pointe tosaithe) ag do rogha ama. Bí linn!
Miss Powder Vacuum in Áiléar Dhúghlas de hÍde (caithfear clárú)
Beidh Miss Powder Vacuum ag filleadh d’Oíche Chultúir na bliana seo agus tá na hiomaitheoirí is cumasaí agus is iomaíche á mbailiú le chéile aici chun muid a threorú trí bhliain eile de dheireadh an domhain seo! Tá sé in am dúinn teacht le chéile arís chun clamhsán a dhéanamh faoi na rudaí is fearr agus is measa agus muid ar thóir an prima donna is púdráilte.
Tabhair cuairt ar Áiléar Dhúghlas de hÍde don seó thar a bheith speisialta seo, curtha le chéile ag an ealaíontóir Bill Harris. Déanfaidh iomaitheoirí éagsúla, idir bheag agus mhór, a roghnaíodh go cúramach ag ár dtriail aisteoireachta bhliantúil, a ndícheall dul i bhfeidhm ar na moltóirí agus ar an lucht féachana. Bí ag súil le léirithe beo, ceol, coimhlint, agus le glór an bhuaiteora.
Tá níos mó eolais faoin Oíche Chultúir ar fáil ar https://culturenight.ie/.
Media Contact:
Joanne Carroll | Internal Communications Officer | joanne.carroll@tcd.ie | +353 86 136 8036