Tugann Reece Smyth, Chargé d’Affaires na Stát Aontaithe, cuairt ar an gColáiste

Posted on: 15 November 2018

Thug Reece Smyth, an Chargé d’Affaires ag Ambasáid na Stát Aontaithe in Éirinn, cuairt ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Dé Máirt an 9 Deireadh Fómhair 2018.

Tar éis glacadh le cuireadh ón gCumann Gaelach, cumann mac léinn san ollscoil atá ar an bhfód ón mbliain 1907 agus a chuireann an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, rinne sé cur síos ar a shaol mar thaidhleoir agus ar an turas teanga atá tógtha aige agus é i mbun oibre timpeall an domhain.

D’fhás an Chargé d’Affaires aníos i Texas agus tá tréimhsí caite aige i dtíortha éagsúla cosúil leis an bPacastáin agus an Liobáin ina ról le Seirbhís Eachtrannach na Stát Aontaithe. Tá sé lonnaithe i mBaile Átha Cliath ón mbliain 2016. Tá Rúisis, Seirbea-Chróitis agus Fraincis aige, agus tá an Ghaeilge á cur leis an liosta sin aige anois.

Agus é i mbun a thurais teanga, thug an Chargé d’Affaires cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann agus reáchtáladh an ócáid Creative Minds san Ambasáid níos luaithe i mbliana mar cheiliúradh ar Bhliain na Gaeilge agus ar chultúr na tíre. Aithníonn an Chargé d’Affaires an caidreamh uathúil atá idir Éire agus na Stáit Aontaithe, chomh maith leis an léargas a thugann an teanga dúchais dó ar oidhreacht agus ar luachanna mhuintir na tíre.

Is i dTéatar Mháirtín Uí Chadhain i bhFoirgneamh na nEalaíon a chuir Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Caolán Mac Grianna, an Chargé d’Affaires faoi agallamh i mBéarla. Bhí deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur air chomh maith.

Ba chúis bhróid don Chumann é gur thug an Chargé d’Affaires cuairt orthu, agus deis foghlama do mhic léinn agus do bhaill foirne na hollscoile maidir lena dhearcadh agus a thaithí ar an nGaeilge agus ar ár gcultúr.

Dúirt an Reachtaire, “Tá muid thar a bheith sásta le bheith ag cur fáilte roimh an Chargé d’Affaires, Reece Smyth, chuig an gCumann. Mar is eol dúinn uilig, is mór an ceangal atá idir Éire agus Mheiriceá leis na blianta fada, agus is tábhachtach an ról atá ag an Chargé d’Affaires leis an gceangal sin a chothú is a neartú go leanúnach. Bhíomar ag dúil go mór le cluinstin faoina shaol, a thaithí thar lear agus a thaithí in Éirinn. Bhíomar ag dúil go háirithe le cluinstin faoina thaithí leis an nGaeilge agus le cultúr na hÉireann ó tháinig sé anseo. Níos mó ná aon rud, bhíomar ag súil le hoíche mhaith plé agus éisteachta, is go mbainfeadh siad siúd ar fad i láthair sult as”.