The Annals of the Four Masters reunited for first time since 1636 in landmark exhibition

Posted on: 09 October 2007

‘Writing Irish History: the Four Masters and the World’ – a landmark collaborative exhibition between TCD, RIA, UCD and Franciscan Order

The Annals of the Four Masters, originally entitled the Annals of the Kingdom of Ireland, a chronicle of Irish history from prehistory to 1616 AD, compiled by the Irish Franciscans, will be reunited for the first time since 1636 in an exhibition hosted by Trinity College Library under the auspices of Louvain 400 at the Long Room, Trinity College Dublin from  October 9, 2007.

The exhibition, entitled ‘Writing Irish History: the Four Masters and their World,’ is a unique collaborative exhibition between the Irish Franciscans, the Royal Irish Academy, Trinity College Dublin and University College Dublin. It forms part of the Louvain 400 commemoration which celebrates the 400th anniversary of the founding of the Irish Franciscan college of St Anthony’s in Louvain in Belgium.

In the early 17th century, a period of massive upheaval in Ireland which included the Flight of the Earls in 1607, the Irish Franciscans began to reassemble the documentary evidence of Ireland’s history so as to write new histories of Ireland to meet the needs of their own time.

Donegal native, Mícheál Ó Cléirigh, a trained antiquary and poet, descended from a long line of scholars, was sent from Louvain to Ireland in 1626 to collect manuscripts relating to the lives of the Irish saints. While in Ireland, however, he had the idea of collecting all the ancient vellum books of local annals throughout the country and writing a new kind of all-encompassing ‘Annals of the Kingdom of Ireland.’

The work began in the Franciscan Friary of Bundrowes in Donegal in 1632. Ó Cléirigh, the principal historian involved in the preparation of the Annals, was joined in the mammoth project by lay professional writers: Cú Choigcríche Ó Cléirigh  (Ó Cléirigh’s cousin), Fearfeasa Ó Maoil Chonaire and Cú Choigcríche Ó Duibhgeannáin.

The scribes were supported by the Friars of Bundrowes for the duration of their work. They performed their great work under the patronage of Feargal Ó Gadhra Lord of Moy Gara and Coolavin in Co. Sligo, who was presented with a copy of the completed Annals in appreciation of his patronage.

This exhibition at Trinity College Dublin draws together some of Ó Cléirigh’s manuscripts that have not been together for centuries. Not since the middle of the 1630s have the five manuscripts that comprise the two contemporary sets of The Annals of the Four Masters been assembled together in one place.

Commenting on the significance of the exhibition,  Bernard Meehan, Keeper of Manuscripts, Trinity College Library said: “For a curator, there is a particular significance and even a degree of emotion in bringing together material which has become dispersed and passed into different hands over the centuries. It is anticipated that The Four Masters exhibition will inspire fresh insights and observations on the material”.

The exhibition will place The Annals of the Four Masters in context by displaying them alongside important medieval sources such as the Book of Leinster and the Annals of Ulster, medieval Irish Franciscan manuscripts and the works of other 17th-century Irish historians.

The exhibition will build on the theme of how history was written in Ireland through the ages and will develop themes such as medieval Irish historical sources, the Franciscans in Ireland, the Four Masters and their contemporaries and the later influence of the Four Masters.

The exhibition also illustrates how The Annals of the Four Masters became an iconic history of Ireland: this work influenced the writing of national history from the 17th century onwards. Its importance increased when the annals were edited and published in seven volumes between 1848 and 1851 by the great scholar John O’Donovan. In the first decades of the twentieth century Mícheál Ó Cléirigh was regarded as an icon of Irish scholarship and the annals a foundational text of the new Irish nation.

Edel Bhreathnach, National Coordinator of Louvain 400, UCD Mícheál Ó Cléirigh Institute said: “There is widespread popular interest in history today. This exhibition explores the tradition of writing history in Ireland since the medieval period and identifies the historians who wrote the story of Ireland. The most important sources for Irish history including the great 17th-century chronicle known as The Annals of the Four Masters are displayed together for the first time ever. The exhibition also celebrates the vital role played by the Irish Franciscans, especially the historians Mícheál Ó Cléirigh and John Colgan, in the tradition of making history on this island”. 

 “These annals are an invaluable and irreplaceable part of Irish cultural heritage. Their legacy is all around us. Place-name evidence drawn from the annals formed the basis of John O’Donovan’s work in establishing the correct names for use on Ordnance Survey maps. The many illustrious men and women that peopled the pages of these early annals have become part of our national story and made their way into our history books because of the work of the Four Masters”, added  Bernadette Cunningham, expert on The Annals of the Four Masters, Deputy Librarian, Royal Irish Academy.

“Indeed, some of them will even be included in the prestigious new Dictionary of Irish Biography because of information recorded by the annalists. In the same way, the language of the Four Masters informs our modern Irish language dictionaries, not least the Royal Irish Academy’s Foclóir na Nua Ghaeilge.  These annals are truly one of the foundational texts of the modern Irish nation,” concluded the RIA Deputy Librarian.
 
The exhibition will run from October 9- December 21 in the Long Room, the Old Library, Trinity College Dublin . Admission is free for those visiting the exhibition only. Admission is free for all schools groups and also includes a visit to the Old Library and Book of Kells. Louvain 400 is part of the national celebration of Shared Histories organised under the aegis of the Department of the Taoiseach and Department of Arts, Sports and Tourism.

Annála na gCeithre Máistrí, le chéile arís don chéad uair ó 1636

 ‘Stair na hÉireann á taifeadadh: saol agus saíocht na gCeithre Máistrí’ – taispeántas suntasach comheagraithe ag Coláiste na Tríonóide, Acadamh Ríoga na hÉireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Ord na bProinsiasach.

Cuirfidh Leabharlann Choláiste na Tríonóide, faoi choimirce Louvain 400, Annála na gCeithre Máistrí (Annála Ríoghachta Éireann a bhíodh mar theideal ar an saothar), a tiomsaíodh ag na Proinsiasaigh Éireannacha, ar taispeáint le chéile don chéad uair ó 1636 sa Seomra Fada, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.  Déanann na hAnnála cur síos ar stair na hÉireann ón réamhstair anuas go dtí 1616 AD.  D’oscail an taispeántas ag  ar an Máirt 9 Deireadh Fómhair 2007.

Is taispeántas sainiúil é ‘Stair na hÉireann á taifeadadh: saol agus saíocht na gCeithre Máistrí’, atá comheagraithe ag na Proinsiasaigh Éireannacha, Acadamh Ríoga na hÉireann, Coláiste na Tríonóide, agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  Cuid de chomóradh Louvain 400 atá ann, ag céiliúradh ceithre chéad bliain ó bhunaigh na Proinsiasaigh Éireannacha Coláiste San Antaine i Lobháin na Beilge.

I rith tréimhse mórchlaochlaithe an seachtú haois déag, inar tharla Imeacht na nIarlaí sa bhliain 1607, thosaigh Proinsiasaigh na hÉireann ag athbhailiú foinsí eolais maidir le stair na tíre, chun saothair nua a scríobh le freastal ar riachtanais a linne.

Cuireadh Micheál Ó Cléirigh, file agus ársaitheoir oilte as Dún na nGall, ar de shliocht scoláirí é, go hÉirinn ón Lobháin sa bhliain 1626 le lámhscríbhinní ar bheathaí na naomh a bhailiú.  Le linn don Chléireach a bheith in Éirinn, bheartaigh sé na seanleabhair pháir d’annála áitiúla a bhailiú chomh maith, le saothar cuimsitheach de chineál nua a scríobh, ‘Annála Ríoghachta Éireann’.  Cuireadh tús leis an obair i mainistir na bProinsiasach i mBun Drobhaois i nDún na nGall sa bhliain 1632.  Ba é Ó Cléirigh an príomhstaraí a raibh baint aige le hullmhú na n-Annála.  Chuidigh scríbhneoirí gairmiúla neamheaglaiseacha leis: Cú Choigcríche Ó Cléirigh (col ceathrar Uí Chléirigh féin), Fearfeasa Ó Maoil Chonaire, agus Cú Choigcríche Ó Duibhgeannáin.

Fuair na scríobhaithe tacaíocht ó Bhráithre Bhun Drobhaoise ar feadh a gcuid oibre.  Chuir siad an mórshaothar i gcrích faoi phátrúnacht Fheargal Uí Ghadhra, Tiarna Mhaigh Uí Ghadhra agus Chúil Ó bhFinn i gContae Shligigh.  Bronnadh cóip de na hAnnála air mar chomhartha buíochais as a chuid pátrúnachta.

Cruinníonn an taispeántas seo i gColáiste na Tríonóide cuid de lámhscríbhinní Uí Chléirigh le chéile don chéad uair leis na céadta bliain. Ní raibh an cúig lámhscríbhinn den dá shraith chomhaimseartha d’Annála na gCeithre Máistrí in aon áit amháin ó lár na 1630í.

Ag caint dó faoi thábhacht an taispeántais, dúirt Bernard Meehan, An Coimeádaí Lámhscríbhínní, Leabharlann Choláiste na Tríonóide: “Don choimeádaí, tá tábhacht faoi leith agus cineál corraí ag baint le hábhair atá scaipthe agus a bhí i lámha éagsúla thar na céadta a thabhairt le chéile”.  Táthar ag súil leis go spreagfaidh taispeántas na gCeithre Máistrí léargais agus tuairimíocht nua ar an ábhar.

Cuirfidh an taispeántas Annála na gCeithre Máistrí i gcomhthéacs, á dtaispeáint mar aon le foinsí tábhachtacha eile ó na meánaoiseanna, mar shampla, Leabhar Laighean agus Annála Uladh, lámhscríbhínní na bProinsiasach Éireannacha ón Meánaois agus saothair staraithe Éireannacha eile an seachtú haois déag.

Cuirfidh an taispeántas seo leis an téama ar an gcaoi ar scríobhadh an stair in Éirinn thar na blianta, agus déanfaidh sé forbairt ar théamaí eile ar nós foinsí staire na hÉireann sna meánaoiseanna, na Proinsiasaigh in Éirinn, na Ceithre Máistrí agus lucht a gcomhaimseartha agus an tionchar a bhí ag na Ceithre Máistrí sna blianta a lean.

Léiríonn an taispeántas an chaoi ar glacadh le hAnnála na gCeithre Máistrí mar mhórshaothar stair na hÉireann.  Tháinig scríbhneoireacht stair na tíre ón seachtú haois déag faoi anáil an tsaothair seo.  Mhéadaigh tábhacht na n-Annála nuair a dhein an scoláire mór le rá, John O’Donovan, eagarthóireacht orthu, agus nuair a foilsíodh iad i seacht n-imleabhar idir 1848 agus 1851.  Go luath san fhichiú haois, tugadh aitheantas do Mhicheál Ó Cléirigh mar cheannródaí ar scoláireacht na hÉireann, agus do na hAnnála mar théacs rí-thábhachtach ag náisiún nua na hÉireann.

Dúirt Edel Bhreathnach, Comhordaitheoir Náisiúnta ar Lobháin 400 ó Institiúid Mhichíl Uí Chléirigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, “tá suim fhorleathan ag an bpobal i gcúrsaí staire sa lá atá inniu ann. Deintear iniúchadh sa taispeántas seo ar an traidisiún a bhaineann le scríobh na staire in Éirinn ón tréimhse mheánaoiseach agus tugtar aitheantas do na staraithe a bhí i mbun na scríbhneoireachta seo. Tá na foinsí is tábhachtaí maidir le stair na hÉireann á dtaispeáint le chéile don chéad uair riamh; ina measc tá Annála na gCeithre Máistrí, oireas iontach de chuid an seachtú haois déag. Ina theannta sin, deintear céiliúradh sa taispeántas seo ar an ról rí-thábhachtach a ghlac na Proinsiasaigh Éireannacha, staraithe ar nós Mhichíl Uí Chléirigh agus John Colgan ach go háirithe, i dtionscain thraidisiún na staire ar an oileán seo.”

“Ní féidir luach a chur ar na hAnnála seo mar nach bhfuil a sárú le fáil in oidhreacht na hÉireann. Tá a lorg le sonrú mórthimpeall orainn. D’úsáid John O’Donovan na hAnnála mar bhunús dá chuid oibre chun logainmneacha cearta a aimsiú le haghaidh léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis. Mar thoradh ar an ngaisce a rinne na Ceithre Máistrí, tá na fir agus na mná iomráiteacha a luaíodh sna hAnnála aitheanta mar chuid dár stair náisiúnta agus bíonn siad  faoi chaibidil inár gcuid leabhar staire
sa lá inniu,” a dúirt Bernadette Cunningham, saineolaí ar Annála na gCeithre Máistrí agus Leas-Leabharlannaí, Acadamh Ríoga na hÉireann.

“Gan amhras, beidh tagairt do roinnt de na daoine seo san fhoclóir nua tábhachtach, Dictionary of Irish Biography de bharr go ndearna na hannálaithe an t-eolas seo a thaifead.  Ar an gcaoi chéanna, tá teanga na gCeithre Máistrí mar fhoinse ag foclóirí Gaeilge ár linne, ina measc Foclóir na Nua-Ghaeilge de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann.  Is fíor gur téacsanna rí-thábhachtacha iad na hAnnála do náisiún nua-aimseartha na hÉireann,” adúirt Leas-Leabharlannaí Acadamh Ríoga na hÉireann.
 
Beidh an taispeántas le feiceáil ón 9 Deireadh Fómhair – 21 Nollaig sa Seomra Fada, an tSeanleabharlann, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.  Tá cead isteach saor in aisce dóibh siúd atá ag dul chuig an taispeántas amháin.  Ta cead isteach saor in aisce do ghrúpaí scoile, agus cead acusan cuairt a thabhairt ar an tSeanleabharlann agus ar Leabhar Cheanannais chomh maith.

Críoch

Is cuid de chéiliúradh náisiúnta Shared Histories é Louvain 400, eagraithe faoi choimirce Roinn an Taoisigh agus an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta.