Seoladh ABAIR.ie

Posted on: 09 November 2012

Bhí slua mór i láthair san Óstán Mount Errigal nuair a lainseáil an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D. an dara glór sa chóras nua sintéise Gaeilge www.abair.ie mar chuid d’fhéile an Oireachtais. Ina theannta sin, lainseáladh an suíomh nua idirlín atá ar fáil don bpobal mór. 

ABAIR: Córas Sintéiseach Téacs-go-hUrlabhra

Tugann www.ABAIR.ie an Ghaeilge isteach i gcroílár teicneolaíocht na linne seo. Sé www.abair.ie an chéad córas sintéiseach atá abálta abairtí úrnua Gaeilge a léamh amach duit ar do ríomhaire. Tiontaíonn córas sintéiseach an focal scríofa isteach i gcaint bheo agus le www.abair.ie is féidir abairtí scríofa i nGaeilge a choisteáil ar ais agus iad á rá ag guthanna dúchasacha Gaeltachta. Is fuinneog é an suíomh www.abair.ie ar áiseanna agus ar acmhainní atá ríthábhachtach i réimse an oideachais agus i réimse na rochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Is córas sintéiseach téacs-go-hurlabhra é www.abair.ie agus suas go dtí seo, bhí an fuaimniú ar fáil i bhfoirm guth cailín as Gaoth Dobhair. Tá céim eile chun cinn tógtha ag foireann fhorbartha www.abair.ie agus anois, don gcéad uair, beidh daoine ábalta abairtí úra, a chumann siad féin, a chur isteach sa chóras agus an abairt a chloisteáil ar ais i nGaeilge nádúrtha Chonnachtach nó Ultach ag úsáid suíomh nua-dheartha, neamh-chasta, tarraingteach ABAIR.ie. Tá guth Muimhneach ar na bacáin agus táthar ag súil go mbeidh teacht ar na trí mhórchanúint amach anseo. I bhfad na haimsire, táthar ag súil fochanúintí breise a chur leis an gcóras chomh maith.

Neasa Ní Chiaráin, PhD student, abair.ie; Dinny McGinley, T.D.; John Duggan, Technician, Phonetics & Speech Lab; Prof Ailbhe Ní Chasaide, Professor of Phonetics & PI of abair.ie, Harald Berthelsen, Developer, abair.ie; Séamus Mac Giolla Chomhaill, Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht;  Christoph Wendler, PhD Student, abair.ie

Tá teacht ar www.abair.ie ar an idirlíon le cúpla bliain anuas agus tá breis is 40,000 duine tar éis cuairt a thabhairt ar an suíomh – cuid mhaith acu sin ó Mheirceá Thuaidh agus ó áiteanna eile ar fud na cruinne a bhfuil spéis ag daoine iontu sa Ghaeilge. Tá an-spéis ag daoine éagsúla, go leor acu nach raibh aon bhaint acu leis an tír seo riamh, sa Ghaeilge – ní hamháin i measc lucht na teangeolaíochta, ach i measc daoine de gach saghas cúlra.

Tá www.abair.ie cruthaithe mar thoradh ar thaighde sa Saotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide. Is cúis mhór bhróid d’fhoireann ABAIR go bhfuil aitheantas na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta acu agus go bhfuil sí sásta an tionscadal a mhaoiniú as seo go ceann trí bliana. Tá an fhoireann an-bhuíoch freisin dóibh siúd a thug maoiniú don fhorbairt ó thús ré an tionscadail agus a thug chomh fada leis seo iad. Ina measc siúd tá COGG, Foras na Gaeilge agus tionscadal INTERREG an Aontas Eorpaigh.

I dtuarascáil META-NET dar teideal ‘An Ghaeilge sa Ré Dhigiteach’ a foilsíodh le fíor-déanaí, luadh an Ghaeilge i measc teangacha neamhfhorleathna a bhí i mbaol de bharr easpa tacaíochta i réimse na teicneolaíochta. Is áis an-tábhachtach é www.abair.ie chun an bhearna teicneolaíochta seo a líonadh i gcás na Gaeilge. Suas go dtí seo bhí daoine aonair á úsáid chun focail nó abairtí a fhuaimniú i gceart. Chomh maith leis sin, táthar ag súil go mbunófar córais nua-aimseartha digiteacha chun áiseanna ilchineálacha a chruthú. I measc na n-áiseanna sin tá:

– Cluichí teangan oideachasúla d’fhoghlaimeoirí agus do lucht teagaisc na Gaeilge

– Foclóirí Canúnacha a ghlaofaidh amach focail agus frásaí sa chanúint cuí

– Leabhair Scoile i bhfoirm idirghníomhach (DAISYBook) do dhaltaí a bhfuil míchumas radhairc orthu ionas gur féidir leo éisteacht le guth ag léamh an téacs dóibh

– Léitheoirí a chabhródh go mór le daoine a bhfuil disléicse orthu

– Léitheoirí Scáileáin a léifidh gach a bhfuil ar an scáileáin amach os ard. Tá a leithéid seo thar a bheith tábhachtach do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu le radharc na súl

– Gléasanna Cumarsáide dóibh siúd a bhfuil máchail chainte orthu

– Guthanna le Gaeilge ar shuíomhanna Gréasáin chun ÉIRE agus an Ghaeilge a chur chun cinn

– Apps d’fhóin phóca, m.sh. cluichí le Gaeilge

“Tugann www.ABAIR.ie an Ghaeilge isteach i gcroílár teicneolaíocht na linne seo. Cruthaíonn sé féidearthachtaí réabhlóideacha i dtaca le teagasc agus le forleathnú na Gaeilge ar fud na cruinne.” – An tAire Stáit Donnchadha Mac Fhionnlaoich, T.D.

“Tá sé mar chuspóir againn áiseanna teangeolaíochta & teicneolaíochta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Tá géarghá leis an teicneolaíocht seo do dhaoine atá faoi mhíchumas & do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge.” – An tOllamh Ailbhe Ní Chasaide