Memories Are Made Of This

Posted on: 26 April 2016

“Our memory is a more perfect world than the universe;
it gives life back to those who no longer exist.” – Guy de Maupassant

‘Memories are Made of This’… ach an gcuimhin leat cé a chas an t-amhrán sin? Nó cé a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh?

Conas mar a choinnímid rudaí i gcuimhne? Cé gur cuid thábhachtach den duine iad cuimhní, an smaoinímid riamh ar an bpróiseas fíorspéisiúil seo – conas mar a oibríonn do chuimhne, cén fáth a bhfanann cuimhní áirithe leat agus ní fhanann cuimhní eile?  

An téama 'Cuimhne' atá le Seachtain Choláiste na Tríonóide (An Luan an 11 Aibreán go dtí  an Aoine an 15ú Aibreán) na bliana seo áit a mbeidh fáilte roimh chách smaoineamh ar na ceisteanna seo ag réimse imeachtaí saor in aisce don phobal.

Cuirfidh Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath fáilte roimh aíonna agus lucht acadúil aitheanta le linn na seachtaine a thabharfaidh ugach don phobal dul siar ar bhóithrín na smaointe ina dteannta agus ábhair mar seo a leanas a phlé:

  • A laghad cuimhne fhadtéarmach agus mar nár chuidigh sé le cliseadh an mhargaidh maoine (An tEacnamaí Ronan Lyons, Dé Máirt an 12 Aibréan)
  • Cuimhne, néaltrú agus cumarsáid – néaltrú tinneas na linne seo ach má bhaintear an leas is fearr agus is féidir as cuimhne agus cumarsáid féadtar folláine an té a bhfuil sé ag dul dóibh a fheabhsú (Tammy Hopper, bean léinn as Ceanada atá ar cuairt, Dé Céadaoin an 13 Aibreán)
  • Cuimhne sa ré dhigiteach – cuimhnítear ar gach rud sa domhan digiteach ach gur fearr dearmad a dhéanamh ar roinnt nithe (Stiúrthóir Chearta Digiteacha Éireann Antóin Ó Lachtnáin, Déardaoin an 14 Aibreán)
  • Mar a chuidíonn aclaíocht le cuimhne agus mar a dhéanann strus a mhalairt (Áine Kelly, Ceann na Fiseolaíochta, Scoil an Leighis, Dé Máirt an 12 Aibreán)

Beidh an-suim ag daoine a bhfuil suim acu i bhfilíocht in dhá ócáid – léamh filíochta 'Reflections on Ageing and Memory' le Michael Longley san oíche Dé Máirt arna reáchtáil i gcomhar le Mercer’s Institute for Successful Ageing. Tá an-cháil ar Longley mar gheall ar an áilleacht a bhaineann lena chuid liricí gearra, machnaimh ar minic "masterpieces of lucidity" an cur síos a ndéantar orthu.

Is cuimhin linn ar fad ag iarraidh a bheith ag foghlaim lear mór dánta don Ardteistiméireacht ach an mbeadh muid in ann iad a rá anois? Déardaoin beidh imeacht filíochta agus próis 'By Heart' ar siúl ag a mbeidh deis ag duine ar bith ar mian leo píosa filíocht nó próis a aithris óna gcuimhne in ómós Brendan Kennelly ar ócáid cothrom a lae breithe 80ú bliain. Beidh go leor aíonna ar an stáitse ina measc David Norris chomh maith le leanaí scoile as an áit.

Mar a léirítear cuimhne sa litríocht ábhar eile a phléifear Dé Céadaoin. Beidh plé bríomhar ar ‘Literature and Memory’  faoi stiúir an Dr Philip Coleman ó Scoil an Bhéarla, Coláiste na Tríonóide. Pléifidh cainteoirí réimse tuairimíochtaí criticiúla agus déanfar tagairt do théacsanna cultúir agus litríochta.

Tá dúshláin nua tagtha chun cinn sa ré dhigiteach ina mairimid ó thaobh cuimhne de. Mar shampla, cuimhneofar go brách sa saol digiteach ar nithe scaití arbh fhearr dearmad a dhéanamh orthu agus is cosúil nach ann níos do phríobháideachas sa ré dhigiteach seo. Is air sin a bheidh an bhéim sa phlé Déardaoin sa seimineár 'Memory in a Digital Age: Collecting, Accessing and Forgetting’.

Le léiriú a thabhairt ar éagsúlacht shaibhir Dhámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta – lucht eagraithe Sheachtain Choláiste na Tríonóide i mbliana – beidh cúrsaí staire faoi chaibidil Dé Máirt nuair a scrúdóidh an Dr Tim Meagher, ón Catholic University of America, 1916. Féachfaidh sé ach go háirithe ar an tionchar a bhí ag gluaiseacht athbheochana na náisiúnach in Éirinn ar Éireannaigh i Meiriceá in ‘Irish-American Dimensions to the 1916 Rising and its Aftermath’.

Chomh maith le siompóisiam, léachtaí agus cainteanna Dé Céadaoin rachaidh mic léinn siar go dtí na hochtóidí ag seisiún aclaíochta aeróbaice agus an tráthnóna sin beidh Bryan Dobson RTÉ; faoi stiúir babhta ceannais 'University Challenge' sa Téatar Poiblí.

Maidir le téama na bliana seo 'Cuimhne' dúirt an tOllamh Darryl Jones, Déan na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta: "Cheap Dámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta gur mba oiriúnach an mhaise é aitheantas a thabhairt don mhórócáid comórtha céad bliain ar Éirí Amach na Cásca. Ach tá i bhfad níos mó i gceist le téama na cuimhne agus is deis í seo réimse leathan spéiseanna na Dáimhe a léiriú ón tsíceolaíocht agus néareolaíocht go teangeolaíocht agus litríocht agus neart eile nach iad.

Media Contact:

Helen Hanley, Former | publicaffairs@tcd.ie | +353 1 896 4168