Margadh mór déanta idir UQ agus Coláiste na Tríonóide ar ghnólacht nuathionscanta maidir le hathlasadh

Posted on: 21 September 2020

Tá cuideachta nuathionscanta ina bhforbraítear cóireálacha leighis do ghalair athlastacha atá bunaithe ar chomhar taighde idir Ollscoil Queensland (UQ) agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, faighte trí mhargadh suntasach a dhéanamh. Tá sé ar cheann de na margaí is mó riamh i stair bhiteicneolaíochta na hAstráile agus na hÉireann.

Tá Inflazome faighte ag Roche ar réamhíocaíocht €380 milliún in airgead tirim, móide íocaíochtaí eile bunaithe ar gharspriocanna áirithe a bhaint amach.

Bunaíodh an chuideachta in 2016 i ndiaidh comhar taighde idir UQ agus Coláiste na Tríonóide. Is é UniQuest, cuideachta aistrithe faisnéise UQ a bhí i gceannas ar an maoin intleachtúil a d’eascair as a thráchtálú.

Lonnaithe i mBaile Átha Cliath, forbraítear drugaí sa chuideachta chun dul i ngleic le riachtanais chliniciúla nach bhfuil bainte amach go fóill i ngalair athlastacha trí dhíriú ar inflamasóim. Tuigtear inflamasóim a bheith ina gcúis le go leor fadhbanna sláinte athlastacha ainsealacha. Tríd an gcuideachta a fháil, tá cearta iomlána ag Roche ar phunann coscairí imflamasóim Inflazome.

D’fháiltigh Leas-Seansailéir agus Uachtarán UQ, an tOllamh Deborah Terry AO roimh an margadh agus thréaslaigh sí leo sin a bhí páirteach.

Is toradh thar barr é seo don chuideachta, don dá ollscoil, do na taighdeoirí agus do na hinfheisteoirí. 

Sa lá atá inniu ann go háirithe, ní féidir beag is fiú a dhéanamh den luach a bhaineann le taighde a aistriú chun tacú le téarnamh ár ngeilleagracha. Tríd an margadh seo, déantar an tábhacht a bhaineann le comhar taighde a neartú agus is léiriú é ar an méid is féidir a bhaint amach trí thráchtálú.

Rinne Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an Dr Patrick Prendergast a chomhghairdeas freisin.

Is nuacht iontach í seo, go háirithe do go leor daoine ar fud na cruinne a bhfuil galair ar nós Parkinson’s orthu a d’fhéadfadh leas a bhaint as na fionnachtana seo.

Is spreagadh é chomh maith do phobal eolaíochta na hÉireann agus do Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an áit as ar tháinig na smaointe chun comhoibriú le UQ agus Inflazome a bhunú ina dhiaidh sin. “Tá taighde faoi stiúir infheisteoirí ina spreagadh do gheilleagar na nuálaíochta agus tá an nuacht seo ina fianaise inbhraite ar an méid is féidir a bhaint amach trí chomhpháirtíocht. Déanaimid comhghairdeas leis na taighdeoirí rannpháirteacha ar fad as a ndúthracht dhochloíte i leith na fionnachtana agus na nuálaíochta agus as difear ceart a dhéanamh sa tsochaí.

I gcomhráiteas, dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin UniQuest, an Dr Dean Moss, agus Stiúrthóir Taighde agus Nuálaíochta Choláiste na Tríonóide, Leonard Hobbs, go raibh an margadh ina léiriú ar mhuinín sa mhargadh ar fud an domhain i ndáil leis an gcaighdeán taighde a dhéantar i gColáiste na Tríonóide agus in UQ.

Tá sé seo ar cheann de na margaí biteicneolaíochta is mó riamh a rinneadh san Astráil agus in Éirinn, a rinneadh i ndiaidh ardaithe caipitil Shraith B A$63 milliún don chuideachta in 2018. Is iontach an rud go ndearnadh an margadh agus tríd an margadh sin, déanfar roghanna maidir le cóireáil leighis a bhfuil géarghá leo a thabhairt chun cinn.

Tá dhá ábhar druga de chuid na cuideachta á gcur trí thrialacha cliniciúla maidir le fadhbanna sláinte díblithe ar nós galar cardashoithíoch, airtríteas agus galair néaraimheathlúcháin ar nós galar Parkinson, galar Alzheimer agus galar néarón luadrach a chóireáil.

Tá an IP taobh thiar d’ábhair druga Inflazome bunaithe ar chomhpháirtíocht taighde idir an tOllamh Matt Cooper, an tOllamh Kate Schroder, an Dr Rebecca Coll agus an Dr Avril Robertson ó Institiúid UQ don Eolaíocht Bhitheach Mhóilíneach agus an tOllamh Luke O’Neill ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tacaítear le Inflazome trí shindeacáit infheisteoirí, lena n-áirítear Novartis Venture Fund agus Fountain Healthcare Partners, Longitude Capital agus Forbion.

CRÍOCH

Media Contact:

Catherine O’Mahony, Media Relations Officer | omahonc7@tcd.ie |