Mar thoradh ar Phlean Straitéiseach Nua Cúig Bliana Choláiste na Tríonóide bunófar an Coláiste mar Cheannaire Domhanda, ar son na hÉireann, i Réimsí an Oideachais, an Taighde agus na Nuálaíochta

Posted on: 23 October 2014

Áirítear an méid seo a leanas i bPlean Straitéiseach 2014-19:

  • Trí mhórthionscadal chaipitiúla nua: Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide, E3 – An Institiúid Innealtóireachta, Fuinnimh agus Timpeallachta agus an Institiúid Ailse in Ospidéal San Séamas
  • Méadú, ó 1,580 go beagnach 3,000, ar an líon mac léinn ó áiteanna lasmuigh den AE
  • Árais chónaithe nua do 2,000 mac léinn
  • Líon na mac léinn ar foghlaimeoirí ar líne iad a mhéadú go 1,000
  • Fónfaidh Coláiste na Tríonóide mar chothaitheoir ealaíon i gcathair Bhaile Átha Cliath

Sheol an Taoiseach, Éanna Ó Cionnaigh Plean Straitéiseach Cúig Bliana nua Choláiste na Tríonóide don tréimhse 2014-19 ; is é is aidhm don phlean ná an coláiste a bhunú mar cheannaire domhanda, ar son na hÉireann, i réimsí an oideachais, an taighde agus na nuálaíochta agus cumasóidh sé cruthú fostaíochta.       

Cosnóidh an plean cúig bliana €600 milliún agus maoineofar é go formhór trí mhaoiniúchán neamh-Státchiste.

Tráth seolta Phlean Straitéiseach 2014-2019, dúirt an Taoiseach, Éanna Ó Cionnaigh, an méid seo a leanas:

“Tá Plean Straitéiseach Choláiste na Tríonóide i gcomhréir go hiomlán le beartas náisiúnta eacnamaíochta an Rialtais agus leis an straitéis maidir le hInfheistíocht Dhíreach Choigríche, ar nithe iad sin ‘a thuillfidh clú d’Éirinn i dtaca le daoine cumasacha a fhorbairt agus a chothú’.  Tá ardchaighdeán an oideachais a chuireann Coláiste na Tríonóide ar fáil do mhic léinn, agus sármhaitheas an taighde agus na nuálaíochta a ghineann sé, thar a bheith tábhachtach i ndáil le poist ardchaighdeáin a chruthú.  Mar thoradh ar phlean chúig bliana na hOllscoile, lena n-áirítear an infheistíocht chaipitiúil sa Scoil Ghnó atá beartaithe, in Institiúid E3 agus san Institiúid Ailse, agus mar thoradh ar an méadú ar líon na mac léinn ó áiteanna lasmuigh den AE, rannchuideofar go díreach le cruthú fostaíochta agus le téarnamh eacnamaíochta na hÉireann.”

Dúirt Propast Choláiste na Tríonóide, an Dr Patrick Prendergast, an méid seo a leanas:

“Inár gcáil mar ollscoil lena ngabhann tábhacht dhomhanda, beidh eolas orainn de bharr a chumasú do na mic léinn barr a gcumais a bhaint amach agus de bharr taighde agus scoláireachta a théann chun tairbhe d’Éirinn agus don domhan.”

Áireoidh Plean Straitéiseach 2014-19 trí mhórthionscadal chaipitiúla nua a spreagfaidh sármhaitheas sa taighde ar mhaithe leis an tsochaí, is é sin le rá, Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide, E3 – An Institiúid Innealtóireachta, Fuinnimh agus Timpeallachta, agus an Institiúid Ailse in Ospidéal San Séamas. 

Déanfaidh Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide, a chosnóidh €70 milliún agus í comhshuite le Mol Nuálaíochta agus Fiontraíochta, meon fiontraíochta a spreagadh ar fud an champais agus i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh sí tacaíocht ar fáil do chultúr méadaitheach cruthaithe fostaíochta i measc mhic léinn agus shaoráidí Choláiste na Tríonóide agus beidh sí ina chabhair maidir le Baile Átha Cliath a bhunú mar nód domhanda don nualaíocht agus d’fhiontair nuathionscanta.  Tá an tógáil le tosú sa bhliain 2015.

Beidh E3 nua – An Institiúid Comhshaoil, Fuinnimh agus Innealtóireachta ar an gcéad institiúid dá cineál in Éirinn, agus sa domhan, ina gcomhtháthófar innealtóireacht, teicneolaíocht agus na heolaíochtaí nádúrtha ar bhealaí praiticiúla. Beidh sé mar aidhm aige an chéad ghlúin eile d’innealtóirí agus d’eolaithe cumasacha a oiliúint le go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin amhail inbhuanaitheacht. Rannchuideoidh sé le hiomaíochas na hÉireann ó thaobh fáis de.

Comhdhlúthóidh an Institiúid Ailse cúram, taighde agus oideachas ailse ar aon láthair amháin in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath, agus é mar aidhm aici feabhas a chur ar chóireáil ailse atá bunaithe ar thaighde ceannródaíoch.

Is é is aidhm don phlean cúig bliana ná tionchar an taighde a uasmhéadú trí chur le clú domhanda na hÉireann mar shuíomh cruthaithe eolais.

Saineoidh sí Saincheist Taighde Dhomhanda a dtabharfar tús áite di agus trína ndíreofar gníomhaíochtaí taighde Choláiste na Tríonóide ar dhéileáil le dúshláin dhomhanda, ar taighde é ag a mbeidh tionchar fadtéarmach dearfach domhanda.

Chun an taighde sin a chumasú, tá sprioc mhaoiniúcháin €125 mhilliún aici ó chlár Horizon 2020 an AE agus tá an maoiniúchán díreach do thaighde á mhéadú faoi dhó trí €20 milliún a fháil ón réimse tionscail lena mbaineann.

Mar chuid de chomhpháirteachas domhanda Choláiste na Tríonóide, déanfar an líon mac léinn ó áiteanna lasmuigh den AE a mhéadú ó 7.8% go 18%, ó 1,580 mac léinn go beagnach 3,000 mac léinn, agus, ag an am céanna, cinnteofar go ndéanfar na deiseanna láithreacha go léir do mhic léinn Éireannacha agus do mhic léinn AE a choimeád ar bun.  Ina cháil mar institiúid domhanda den scoth, leanfaidh Coláiste na Tríonóide de mhic léinn den chaighdeán is airde a mhealladh ó gach cearn den domhan. Cumasófar sin tuilleadh trí fhorbairt a dhéanamh ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha agus ar chláir chéime chomhpháirtíochta le hinstitiúidí ar fud an domhain.

Chomh maith leis sin, déanfar an céatadán de ghrúpaí gannionadaíochta atá cláraithe ar chúrsaí fochéime a mhéadú go 25% faoin mbliain 2019. Sa bhliain acadúil is déanaí, ba é a bhí sa chéatadán mac léinn nua a bhain le grúpaí gannionadaíochta ná 20% (575 mhac léinn).

Forbrófar árais chónaithe nua do mhic léinn chun cóiríocht a chur ar fáil do suas go 2,000 mac léinn ar an gcampas, nó gar dó, lena n-áirítear áras nua mac léinn i dTeach Oisín ar Shráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath.

I dtaca le hoideachas ar líne de, déanfar an líon mac léinn ar foghlaimeoirí ar líne iad a mhéadú go 1,000 i gcás suas go 20 cúrsa, agus béim á leagan ar chúrsaí iarchéime agus forbartha gairmiúla leanúnaí (CPD), is é sin, ar straitéis foghlama ar feadh an tsaoil a fhreastalaíonn ar na riachtanais eacnamaíochta agus sóisialta atá ag Éirinn faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Cruthófar pobail dhomhanda foghlama trí bhíthin Ollchúrsaí ardchaighdeáin Oscailte Ar Líne (MOOC-anna).

Tá claochlú digiteach ar siúl freisin ós rud é go bhfuil an tslí ina soláthraítear oideachas, agus an t-eispéireas a ghabhann le hoideachas a fháil, á n-athrú go bunúsach mar thoradh ar theicneolaíochtaí nua. Le linn ré an phlean seo, déanfar straitéis teicneolaíochta faisnéise a chur i bhfeidhm ar fud an choláiste, ar straitéis í a bhainfidh leis an gcampas ar fad – ó oideachas ar líne go cumarsáid, ó chaidreamh le alumni go dtí an Leabharlann – agus a chumasóidh cur i gcrích gníomhaíochtaí den sórt sin trí bhonneagar tacaíochta TF a chur ar fáil.

Tá sé mar aidhm ag Coláiste na Tríonóide freisin go mbeidh ról láidir aige i ndáil le cabhair a thabhairt maidir le cothú na n-ealaíon cruthaitheach agus cultúir i gcathair Bhaile Átha Cliath.  Déanfar taighde agus oideachas a nascadh le cleachtas cruthaitheach sa chathair agus na nithe sin a nascadh le líonraí Eorpacha agus le líonraí domhanda.  Déanfar Trinity Creative a sheoladh, is é sin, clár faoi chúram coimeádaí i spásanna láithreacha agus bunófar an Connector, ar spás ilchuspóra cruthaitheach é i lár chathair Bhaile Átha Cliath a mheallfaidh daoine tallannacha agus a chruthóidh na dálaí cearta i gcomhair fiontraíochta cruthaithí.

Mar fhocal scoir dúirt an Propast, an Dr Prendergast, an méid seo a leanas: “Maidir leis an dul chun cinn ar fad atá déanta ag Coláiste na Tríonóide, is i gcomhpháirtíocht le páirtithe eile a rinneadh é, lena n-áirítear ollscoileanna eile ar fud an domhain, comhoibriú taighde, an rialtas lárnach agus an rialtas áitiúil, an réimse tionscail agus daonchairdeas; is mar thoradh ar chomhpháirtíochtaí atá Coláiste na Tríonóide in ann feabhas a chur ar a sheasamh mar ionad léinn agus feabhas a chur ar cháil na hÉireann mar shochaí shibhialtachta ina dtugtar comhionannas deise do gach duine ag a bhfuil na buanna agus an uaillmhian atá ag teastáil le bheith rathúil.”

Nótaí don Eagarthóir

Faisnéis faoi Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Is é Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bunaíodh sa bhliain 1592, an ollscoil is sine dá bhfuil ann in Éirinn agus, sa lá atá inniu ann, tá pobal bríomhar ann ina gcuimsítear 17,000 mac léinn agus foireann 3,000 duine.  Tá 103,000 alumni ann ar fud an domhain. Aithnítear Coláiste na Tríonóide ar bhonn idirnáisiúnta mar phríomh-ollscoil na hÉireann. Fágann taighde, teicneolaíocht agus nualaíocht ceannródaíochta go bhfuil an ollscoil ar thús cadhnaíochta i dtaca le hardoideachas de in Éirinn agus ar bhonn domhanda. Cuimsíonn sé na mórdhisciplíní acadúla ar fad agus tá sé tiomanta i leith múinteoireachta agus taighde den scoth sna disciplíní go léir, is é sin le rá, na dána, na daonnachtaí, an innealtóireacht, an eolaíocht, an eolaíocht shóisialta agus na heolaíochtaí sláinte. Is é Coláiste na Tríonóide ollscoil cheannais na hÉireann i dtaca leis na ranguithe domhanda go léir agus tá sé rangaithe sa 71ú háit sa domhan agus i measc an 25 ollscoil is fearr san Eoraip de réir an Rangú Ollscoileanna Domhanda QS 2014 a foilsíodh le déanaí. De réir an Rangú Ollscoileanna Domhanda Times Higher Education 2014, tá sé rangaithe sa 138ú háit i dtaca leis an 150 ollscoil is fearr sa domhan agus sa 50 ollscoil is fearr san Eoraip. Tá sé sa 42ú háit sa domhan, agus sa 9ú háit san Eoraip, de réir Ranguithe Ollscoil Leiden a mhéid a bhaineann le feidhmíocht taighde.

 

Plean Straitéiseach Choláiste na Tríonóide 2014-19 – Cruthú Fostaíochta: rannchuidiú le Téarnamh Eacnamaíochta

infheistíocht chaipitiúil €295m: lena n-áirítear Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide (€70m), E3 – An Institiúid Innealtóireachta, Fuinnimh agus Timpeallachta (€150m) agus an Institiúid Ailse in Ospidéal San Séamas (€75m) ina gcruthófar 600 post sa bhliain thar thréimhse 5 bliana.

 

Árais chónaithe nua do 2,000 mac léinn: infheistíocht €170m: 300 post sa bhliain go ceann 5 bliana.

 

Déanfar an líon mac léinn ó áiteanna lasmuigh den AE a mhéadú ó 1,584 go beagnach 3,000 i gceann cúig bliana: meastar go dtiocfaidh méadú, go 400 post, ar an bhfostaíocht neamhdhíreach sa gheilleagar áitiúil.

 

Plean Straitéiseach Choláiste na Tríonóide 2014-19 – Sreabhadh nua ioncaim

Mar thoradh ar an sreabhadh nua ioncaim a thuairiscítear sa phlean seo tá sé mar aidhm gur maoiniúchán neamh-Státchiste a bheidh in 60% den bhuiséad faoin mbliain 2019: b’ionann sin agus €210m gach bliain, á ghiniúint ag Coláiste na Tríonóide ó fhoinsí neamh-Státchiste ar bhonn athfhillteach.