Léargas Nua ar Athruithe Cognaíocha i ndaoine le Scléaróis Iolrach

Posted on: 11 October 2012

Tá sé tuairiscithe ag taighdeoirí i gColáiste na Tríonóide i gcomhar le comhghleacaithe sa Roinn Néareolaíochta in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath go bhfuarthas léargas nua ar athruithe cognaíocha i ndaoine le scléaróis iolrach trí úsáid a bhaint as bealaí nua atá forbartha le comharthaí a phróiseáil.  Foilsíodh na torthaí le gairid san irisleabhar idirnáisiúnta PlosOne.   
Bhí néareolaithe, innealtóirí bithleighis agus néaraisíceolaithe páirteach sa taighde ildisciplíneach.   Ar lagú cognaíoch, a chuireann isteach ar 65% d’othair a bhfuil scléaróis iolrach (MS) ag dul dóibh agus a d’fhéadfadh a bheith ar othair agus gan aon mhíchumas fisiciúil a bheith orthu, a bhí an bhéim sa taighde.  Mífheidhmiú i luas próiseála eolais, aird agus feidhmeanna feidhmiúcháin is minice a thugtar faoi deara ar othair le MS agus a mbíonn tionchar diúltach acu ar shaol an duine.  Tá sé tábhachtach go n-aithneofaí lagú cognaíoch chomh luath agus is féidir agus monatóireacht a dhéanamh air go minic.   Ní féidir áfach tástálacha néaraisíceolaíocha le measúnú a dhéanamh ar fheidhm chognaíoch a dhéanamh ach go hannamh agus ní thugann sin tomhas oibiachtúil ar lagú cognaíoch. 
An tOllamh Richard Reilly, Ollamh le Néar-Innealtóireacht i gColáiste na Tríonóide, agus an tOllamh Niall Tubridy, Roinn na Néareolaíochta in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, a bhí i gceannas ar an bhfoireann taighde. Trí theacht ar mhodhanna nua matamaitice le heolas a bhaint as plait rannpháirtithe le MS le sonraí  leictreinceifealagraif (EEG) a éascaíonn tomhas oibiachtúil a dhéanamh go minic ar fheidhm chognaíoch agus níos tábhachtaí fós a thugann léargas nua ar bhunús an lagaithe cognaíoch seo in MS an tslí ar thug siad aghaidh ar mheasúnú ar lagú cognaíoch. 
Fuair an fhoireann sonraí EEG ag baint úsáide as 128 leictreoid-plaite as 95 duine (othair MS agus othair ag feidhmiú mar rialaitheoirí) fad is a thug siad faoi shraith tástálacha spreagtha amhairc agus éisteachta. Chuir siad ansin a modhanna nua-fhorbartha matamaitice ag obair chun na sonraí EEG spáis agus ama a phróiseáil agus rinne feidhm chognaíoch a thomhas.
Dúirt an tOllamh Reilly “d’fhéadfadh bealaí iontaofa, oibiachtúla EEG mar na cinn a forbraíodh sa staidéar seo cuidiú le lagú cognaíoch in MS a aithint agus monatóireacht a dhéanamh air agus mar sin a rachaidh le measúnú néaraisíceolaíochta cliniciúil”. 
Dúirt an tOllamh Tubridy freisin “nach léir go díreach an ceangal idir athruithe paiteolaíocha i mbánábhar agus i liathábhar na hinchinne, feidhm chognaíoch néaraifiseolaíochta agus néaraisíceolaíochta in MS.  Cuireann an staidéar seo eolas nua ar fáil ar an tionchar a bhíonn ag laguithe cognaíocha ar an riocht agus cuideoidh linn féachaint ar bhealaí nua le caighdeán saoil na n-othar a fheabhsú”. 
 
Dúirt an tOllamh Reilly freisin “déanfaidh staidéir amach anseo iniúchadh ar an eolas néarach ag baint leasa as ard-bhealaí anailíse sonraí  ar nós tabhairt faoi nádúr roinnte EEG a léiriú trí eolas struchtúrtha agus gníomhachtúcháin ó shonraí íomhánna MRI na ndaoine a bhí rannpháirteach a áireamh”. Chomh maith leis sin deir sé “tá staidéir fhadtréimhseacha ar phlait EEG agus ar ghníomhaíocht leictreachais níos doimhne san inchinn thar tréimhse cúpla bliain de dhíth lena dheimhniú go cinnte an bhfuil úsáid chliniciúil le baint as sonraí EEG chun athruithe i bhfeidhm cognaíoch in MS a thuar”. 
Tá an lámhscríbhinn “Only Low Frequency Event-Related EEG Activity is Compromised in Multiple Sclerosis: Insights From an Independent Component Clustering Analysis” foilsithe i PLOS ONE agus le fáil go réidh faoin bpolasaí rochtain oscailte ag http://dx.plos.org/10.1371/journal.pone.0045536.