Lámhscríbhinn speisialta, Apacailipsis Bhaile Átha Cliath, le fáil ar fud an domhain trí ardán ar líne

Posted on: 04 February 2019

Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag ceiliúradh digitiú ‘Apacailipsis Bhaile Átha Cliath’, ceann de mhórsheoda na Leabharlainne ón meánaois. Beidh siompóisiam lae ar siúl ag a bpléifidh saineolaithe an lámhscríbhinn den chéad scoth seo ina ndéantar cur síos sonrach ar dheireadh an domhain. Amárach, Dé hAoine an 1 Feabhra, 2019 a bheidh an t-imeacht ar siúl.

Bhí an-tóir ag lucht ríoga agus rachmais na hEorpa sa mheánaois ar lámhscríbhinní dathmhaisithe ina raibh Apacailipsis Eoin. Ba threoracha deabhóide a bhí iontu a bhí leagtha amach chun cuidiú le lucht creidimh tuiscint a fháil ar cheann de na téacsanna Críostaíochta is casta agus is drámatúla atá ann agus le bheith ag smaointeoireacht air.

Tá lámhscríbhinn álainn ‘Apacailipsis Bhaile Átha Cliath’, ceann de na himleabhair dhathmhaisithe is breátha sa Leabharlann, ar cheann de na samplaí is galánta den traidisiún sin. Léirítear sa lámhscríbhinn seo d’Apacailipsis Eoin ón 14ú haois, ina bhfuil léaráidí áille i ndath an óir agus i ndathanna bríomhara eile, radhairc den Apacailipsis, de chatha le hainmhithe a bhfuil cloigne go leor orthu agus d’Iarúsailéim aoibhinn.

Den chéad uair, tá leagan iomlán digiteach ar fáil de ‘Apacailipsis Bhaile Átha Cliath’ ina bhfuil 118 scanadh aonair i gceist. Tá sí le feiceáil ar fud an domhain ar ardán na Leabharlainne

Mar a mhíníonn Laura Cleaver, Ollamh Cúnta Ussher le Stair Ealaíon na Meánaoise: “Tugtar cur síos in ‘Apacailipsis Bhaile Átha Cliath’, lámhscríbhinn dhathmhaisithe ó mhórealaíontóir a mbaineann tábhacht idirnáisiúnta léi, ar laethanta deiridh an domhain. Is lámhscríbhinn iontach í de bharr na léaráidí atá inti. Is mó béime atá ar na híomhánna ar gach leathanach ná ar an téacs i Laidin, rud is annamh. Chomh maith le bheith thar a bheith álainn, tugtar léargas iontach sa lámhscríbhinn ar an traidisiún fada a bhain le lámhscríbhinní apacailipsis agus mar a rinne ár sinsear machnamh ar dheireadh an domhain.”

Chun digitiú na lámhscríbhinne a cheiliúradh, beidh siompóisiam lae ar siúl i Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide an 1 Feabhra 2019. Tabharfar saineolaithe ina gcuid réimsí féin le chéile don imeacht, arna eagrú ag Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i gcomhar le Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí agus Scoil an Bhéarla, chun gnéithe éagsúla de ‘Apacailipsis Bhaile Átha Cliath’ a phlé i gcomhthéacs níos leithne.

I measc na n-ábhar a ndéanfar plé orthu ag an imeacht beidh an stair a bhain leis an lámhscríbhinn agus mar a tháinig sí go Coláiste na Tríonóide; ealaíontóir na lámhscríbhinne; íocónagrafaíocht ‘Apacailipsis Bhaile Átha Cliath’; agus machnamh ar stair na lámhscríbhinne mar a bhaineann leis an bhfichiú haois, lámhscríbhinn a tharraing go leor cainte nuair a taispeánadh í i Músaem Victoria & Albert i Londain in 1930.

Maidir leis an imeacht, dúirt Helen Shenton, Leabharlannaí agus Cartlannaí an Choláiste: “Tá ‘Apacailipsis Bhaile Átha Cliath’ ar cheann de sheoda ceilte na Leabharlainne. De réir mar atá scoláirí idirnáisiúnta ag cruinniú i gColáiste na Tríonóide chun an lámhscríbhinn fíorálainn seo ón Meánaois a phlé, tá sí ar fáil in iomlán ar líne, á cur in éineacht le lámhscríbhinní eile den chineál céanna ar ardán domhanda. Is cuid de chlár na Leabharlainne é an siompóisiam seo, in éineacht le digitiú na lámhscríbhinne, chun ár mbailiúcháin de lámhscríbhinní meánaoiseacha a nochtadh, agus iad a bheith ar fáil agus le feiceáil ar líne, rud nach raibh riamh cheana.”

Dúirt Mark Faulkner, Ollamh Cúnta Ussher i Litríocht na Meánaoise: “Tá súil againn go mbeidh an chomhdháil seo ar an gcéad cheann de shraith comhdhálacha ar lámhscríbhinní aonair i mbailiúchán breá Choláiste na Tríonóide, ag cruthú deise do shaineolaithe Choláiste na Tríonóide ar an meánaois, do shaineolaithe idirnáisiúnta agus don pobal plé a dhéanamh ar an ábhar. Léiríonn na comhdhálacha seo an bheocht atá i staidéar na meánaoise anseo i gColáiste na Tríonóide mar ab amhlaidh le M.Phil nua Choláiste na Tríonóide i Léann na Meánaoise a thosóidh i Meán Fómhair 2019. Is ar lámhscríbhinní Choláiste na Tríonóide atá an bhéim sa chlár seo, rud a thabharfaidh deis do mhic léinn staidéar a dhéanamh ar an meánaois, aois as ar fáisceadh muid ar go leor bealaí, trí dhéantáin a mhair agus atá anois lonnaithe san áit chéanna a bhfuil an lámhscríbhinn is iomráití ón meánaois.

Media Contact:

Fiona Tyrrell, Media Relations Officer | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551