Imeachtaí RTÉ Radharc ar an Réabhlóid á reáchtáil i gColáiste na Tríonóide

Posted on: 24 March 2016

Mar chuid de chomóradh Choláiste na Tríonóide ar Éirí Amach 1916, beidh an Ollscoil páirteach in RTÉ; Radharc ar an Réabhlóid, i gcomhar le hÉire 2016, ócáid saor in aisce don teaghlach a bheidh ar siúl i lár chathair Bhaile Átha Cliath ón 11am – 6pm Dé Luain an 28 Márta.

Beidh geataí na hollscoile oscailte don phobal chun an tÉirí Amach a chomóradh.  Beidh raon leathan cainteanna agus díospóireachtaí ar siúl i mBéarla agus i nGaeilge leis an lucht léinn is fearr againn chomh maith le taispeántais agus imeachtaí drámaíochta agus ceoil.  Beidh ceol beo ann ó Trinity Singers, Trinitones agus Trinity Céilí Band, chomh maith le cluichí leadóige agus daoine gléasta in éadaí den seanré.

Imeachtaí saor in aisce iad seo ach ní mór ticéid a chur in áirithint roimh ré.  Féach láithreán gréasáin RTÉ; Radharc ar an Réabhlóid chun teacht ar chlár na n-imeachtaí ar an gcampas agus chun ticéid a chur in áirithe. 

Beidh tae beag ar fáil le ceannach i Halla an Bhia ón 2pm go 4pm. Beidh an Bhutrach ar oscailt ón 10am go dtí 3pm do bhricfeasta agus lón spólainne agus beidh caifé Fhoirgneamh na nEalaíon ar oscailt ón 10am go 3pm.

Nuair a thosaigh an tÉirí Amach bhí geataí Choláiste na Tríonóide dúnta. Chuaigh comhaltaí Chór Traenála na nOifigeach agus saighdiúirí a bhí ar saoire suas ar na díonta chun an Coláiste a chosaint, iad ag scaoileadh le suíomhanna na reibiliúnach. Chuir ospidéal sealadach cóireáil ar shibhialtaigh agus ar chomhraiceoirí a bhí gortaithe agus cuireadh go sealadach ar thailte an Choláiste roinnt daoine a maraíodh. Bhí an campas ina phointe tionóil ag saighdiúirí athneartacha na Breataine a bhí ag teannadh le daingin na reibiliúnach.

Ba í an tríú bliain den Chogadh Mór í agus bhí na mílte fear as Éirinn liostáilte le dul chun catha.  Bhásaigh tuairim is 470 mac léinn, ball foirne agus alumnus de chuid Choláiste na Tríonóide sa choinbhleacht.