Gradam Ardghnóthachtála Bronnta ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath ar bhreis is Seacht gCéad Mac Léinn

Posted on: 29 November 2012

Bronnadh Gradam speisialta Taispeántóirí Iontrála ar 763 mac léinn chéad bhliana i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath.  Mic léinn iad a fuair 560 pointe nó níos airde san Ardteistiméireacht nó a chomhionann i scrúdú dara leibhéal.  As 300 scoil i 31 contae agus as tíortha éagsúla san AE na mic léinn seo.

Leanfaidh na mic léinn lena gcuid oideachais ar feadh na dtrí dhámh sa Choláiste. Tá na hEolaíochtaí Sláinte roghnaithe ag 30% díobh, na hEalaíona, na Daonnachtaí agus na hEolaíochtaí Sóisialta roghnaithe ag 30%, Innealtóireacht, Matamaitic & an Eolaíocht roghnaithe ag 25% agus céimeanna ildáimhe roghnaithe ag an 15% eile.

Taispeántóirí Iontrála Lisa Gannon, Ryan Galvin, Avril Compton, Emma Jones agus Ellen Beirne as Scoil Mhuire, Clochar na Trócaire, Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin.