Gradaim Ghaeilge Choláiste na Tríonóide 2019 fógartha

Posted on: 26 March 2019

Tá an-áthas ar Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Gradaim na Gaeilge 2019 a fhógairt. Déanfaidh na gradaim an tréanobair atá ar bun ar son na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus sa phobal a aithint.

Is iad na catagóirí bronnta ná:

  • Mac léinn aonair
  • Ball foirne aonair
  • Cumann mac léinn
  • Seirbhís sa Choláiste
  • Céimí

Cuirtear fáilte roimh ainmniúcháin ó gach céimí, mac léinn agus ball foirne de chuid Choláiste na Tríonóide. Ní gá bheith i do mhac léinn/bhall foirne den ollscoil chun céimí a ainmniú. Cuirfear fáilte roimh féin-ainmniúchán chomh maith.

Tá an fhoirm ainmniúcháin ghearr le fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon, mar sin, is féidir le haon duine ainmniúchán a dhéanamh do Ghradam Gaeilge Choláiste na Tríonóide.

Is féidir ainmniúchán a dhéanamh as éacht ar bith a chuireann an Ghaeilge chun cinn. Cuirfear an éifeacht a bhíonn ag aon ghníomh(artha) ar phobal an Choláiste iomláin agus ar an bpobal i gcoitinne san áireamh sa phróiseas roghnúcháin.

Tá Coláiste na Tríonóide tiomanta d’fhorbairt agus cur chun cinn na Gaeilge san ollscoil. Bíonn obair leanúnach ar siúl ag Oifig na Gaeilge agus Coiste na Gaeilge chun cur leis na seirbhísí agus imeachtaí ar an gcampas. Tá Cumann Gaelach láidir san ollscoil, a bhfuil an chéad áit i nGradaim Ghlór na nGael don Chumann is fearr sna Coláistí Tríú Leibhéal bainte amach acu seacht n-uaire le hocht mbliana anuas.

Tá sé i gceist leis na Gradaim seo buíochas a ghabháil agus aitheantas a thabhairt dóibh siúd i bpobal Choláiste na Tríonóide a bhfuil sárobair ar bun acu ar son na Gaeilge. Táthar ag súil go spreagfaidh clár Ghradaim na Gaeilge pobal na hollscoile chun páirt a ghlacadh nó níos mó gníomhaíochta fós a dhéanamh maidir le cur chun cinn na teanga, agus go mbeidh an pobal ar an eolas faoi na deiseanna a bhaineann le saol na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide.

Déanfar ceiliúradh ar na buaiteoirí ag oíche bhronnta ag deireadh an téarma agus cuirfear a gcuid ainmneacha ar taispeáint i Seomra na Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais agus an fhoirm ainmniúcháin, i nGaeilge agus i mBéarla, le fáil ag https://www.tcd.ie/gaeloifig/gradaim.php.

Is féidir teagmháil a dhéanamh chomh maith leis an Oifigeach Gaeilge, Áine Ní Shúilleabháin, ag gaeloifig@tcd.ie nó 01 896 3652.

Is é spriocdháta na n-ainmniúchán ná Dé hAoine, an 29 Márta 2019.

Media Contact:

Clair Battle, Former Internal Communications Officer | publicaffairs@tcd.ie | +353 1 896 4168