Gradaim Ghaeilge Choláiste na Tríonóide 2019 bronnta ag an Aire Stáit, Seán Kyne

Posted on: 10 April 2019

Bronnadh Gradaim Ghaeilge Choláiste na Tríonóide 2019 i Seomra na Gaeilge ar an Máirt, an 9 Aibreán 2019 ag 6.30pm.

Thug na Gradaim aitheantas don obair atá ar siúl chun an Ghaeilge a chur chun cinn san ollscoil agus sa phobal i gcoitinne. Bhí an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, i láthair ag an ócáid cheiliúrtha áit ar bronnadh gradam ar chéimí agus ar mhac léinn. Ina theannta sin, bronnadh trí theastas molta ar chéimí amháin agus ar bheirt mhac léinn.

Bronnadh Gradam an Chéimí ar Aonghus Ó Lochlainn. Bhain Aonghus céim amach sa Cheol agus sa Stair i gColáiste na Tríonóide in 2012 agus is craoltóir, léiritheoir, láithreoir agus taighdeoir é ar chláir éagsúla ar Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus TG4. Is léiritheoir cúnta agus eagarthóir é ar an gclár ealaíon An Cúinne Dána ar Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé An Buille sa Bhreis i láthair ar Raidió na Life gach Domhnach. Bhí sé ina chomhláithreoir ar An Bricfeasta Blasta ar feadh 3 bliana.

Bronnadh Gradam an Mhic Léinn ar Chúnla Morris. Cúnla a bhí mar Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide i mbliana. Bhí siad gníomhach ar Chomhairle agus ar Fhóram an Aontais ag cinntiú go raibh tús áite ag an nGaeilge.

Bhí Cúnla freagrach as an bhféile bhliantúil, Éigse na Tríonóide, a eagrú i mbliana agus reáchtáladh níos mó ná 20 imeacht le linn na seachtaine, lena n-áirítear plé-phainéal, machnamh as Gaeilge, rang Gàidhlig, díospóireacht ghrinn agus oícheanta filíochta, scéalaíochta agus ceoil ar a d’fhreastail aoichainteoirí aitheanta.

Bronnadh Teastas Ardmholta ar an gcéimí Ciarán Wadd, a bhain a chéim sa Nua-Ghaeilge agus sa Fhraincis amach in 2018 agus atá anois ag obair mar Fheidhmeannach Oideachais agus Ballraíochta le Conradh na Gaeilge. Bhí Ciarán ina Reachtaire ar Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide sa bhliain 2017/18 agus bhunaigh a mhiontráchtas ar stair an Chumainn.

Bronnadh Teastas Ardmholta ar mhac léinn dara bliana, Malachi Ó Marcaigh, atá i mbun staidéir ar an Stair agus ar an bPolaitíocht. Is Leas-Eagarthóir é ar Rannóg Gaeilge an nuachtáin ollscoile University Times. Cuireann Malachi an Ghaeilge chun cinn trína chuid iriseoireachta sna hailt a chumann sé as Gaeilge agus san aistriúchán agus léamh profaí a dhéanann sé ar ghnéithe éagsúla den nuachtán.

Bronnadh Teastas Ardmholta chomh maith ar Dillon Cotter, mac léinn dara bliana san Fhisic Theoiriciúil atá ar Scéim Chónaithe na hollscoile. Bhí Dillon mar Oifigeach Drámaíochta an Chumainn Ghaelaigh i mbliana agus chuir sé an chéad cheoldráma riamh i stair an Chumainn ar stáitse. Scríobh agus léirigh Dillon an ceoldráma iomlán agus chum sé na hamhráin dó.

Tá tuilleadh eolais ar Ghradaim Ghaeilge Choláiste na Tríonóide le fáil ar an suíomh gréasáin https://www.tcd.ie/gaeloifig/gradaim.php