Glacann Coláiste na Tríonóide páirt i gComhrá ’14 a Bhaineann Curiarracht Dhomhanda amach ar an Chomhrá Gaeilge is Faide Riamh

Posted on: 17 October 2014

Bhí Oifig na Gaeilge agus Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide páirteach i gComhra ’14, a bhain curiarracht dhomhanda amach ar an chomhrá Gaeilge is faide riamh. Mhair an t-imeacht, a bhí a reáchtáil ag Seachtain na Gaeilge, 169 uair idir 12pm Dé Domhnaigh 5ú agus 1pm Dé Domhnaigh 12ú Deireadh Fómhair, agus craoladh beo é ar snag.ie.

Ghlac Oifig na Gaeilge páirt san imeacht rathúil Dé Céadaoin 8 Deireadh Fómhair idir 12pm agus 1pm, le cuidiú ó ghrúpa mac léinn ón Scéim Chónaithe, a stiúir an comhrá.  Cuireadh fáilte roimh bhall foirne agus mhac léinn de chuid Choláiste na Tríonóide, agus ghlac thart ar 20 duine páirt ar an iomlán. D’imir an grúpa cluiche Scrabble as Gaeilge, i Seomra na Gaeilge, ag cur an áis sin a d’osclaíodh in 2012 os comhair na ndaoine a bhí ag amharc ar an imeacht ar líne. Thug Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide tacaíocht don imeacht chomh maith, i seisiún príobháideach a mhair 10 n-uaire thar oíche ó 11pm ar an 9ú Deireadh Fómhair go dtí 9am ar an 10ú.

I measc na ngrúpaí eile a bhí páirteach in Comhrá ’14, bhí ciorcail chomhrá ó chraobhacha Chonradh na Gaeilge, coistí Gaeilge, scoileanna, eagraíochtaí cultúrtha, clubanna óige, údaráis náisiúnta agus áitiúla. Tá Seachtain na Gaeilge mar chuid den eagraíocht náisiúnta don Ghaeilge, Conradh na Gaeilge. Tá tuilleadh eolais ar Chomhrá ’14 ar fáil ar shuíomh Sheachtain na Gaeilge ag www.snag.ie/comhra. Tá na comhráite ar fad ar fáil ar YouTube ag an nasc seo a leanas: https://www.youtube.com/channel/UC9qe5r3Ump82K_EPUCIFECQ

English News Item