‘From Decadence to Despair’: An chéad taispeántas mór faoi Oscar Wilde in Éirinn

Posted on: 12 October 2017

Tá tús curtha leis an gcéad taispeántas mór riamh in Éirinn maidir le Oscar Wilde i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá ábhar pearsanta, litreacha, grianghraif, cláir amharclainne, leabhair agus ábhar cuimhneacháin, ar taispeáint lena léirítear chomh tréan agus a tháinig an dea-cháil ar an drámadóir Angla-Éireannach seo agus chomh tobann agus a d’imigh sin le gaoth arís.

Bhí clú ar Oscar Wilde as an teanga ghéar, an gléasadh péacach agus an dea-chaint.  Tá sé ar dhuine na pearsana is aitheanta ón naoú haois déag aniar agus bhí sé ar dhuine de scríbhneoirí móra ré Victoria.  Taobh amuigh dár bhain sé amach i gcúrsaí litríochta, bhí aird mhór ar Wilde as an gcaoi ar chaith sé a shaol agus an pháirt a bhí aige i ngluaiseacht aesteitice ‘ars pro artis’ gan trácht ar ar bhain lena chur i bpríosún agus bás a fháil chomh luath ina shaol.

Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i mbun ceiliúrtha anois ar dhuine de na céimithe is cáiliúla agus is iomráití de chuid na hollscoile,  117 bliain tar éis dó bás a fháil in aois a 46 bliana.  Sa Seomra Fada i gColáiste na Tríonóide a bheidh an taispeántas ar siúl agus tá taispeántas ar líne ar siúl freisin.

Baineann ábhar iomlán an taispeántais, 30 mír, le Bailiúchán Oscar Wilde na Leabharlainne,  an t-aon bhailiúchán poiblí d’ábhar cartlainne maidir le Wilde atá ar coimeád i bhforas poiblí in Éirinn.  Bailiúchán ann féin atá ann ó thaobh a bheith dírithe go mór ar ré táirchéime agus deoraíochta an drámadóra.  Sa bhliain 2011 a ceannaíodh an bailiúchán ó Julia Rosenthal, díoltóir leabhar as Londain a bhfuil a saol caite aici ag cnuasach ábhar a bhaineann le Oscar Wilde.

Ag tagairt di do thábhacht an taispeántais, dúirt Helen Shenton, Leabharlannaí agus Cartlannaí an Choláiste: “Tá míreanna i mBailiúchán Oscar Wilde atá ar coimeád anseo i Leabharlann Choláiste na Tríonóide a bhfuil suntas mór leo maidir le gnéithe de bheathaisnéis Wilde.  Bhain na beathaisnéiseoirí is fearr ar fad a thug cuntas ar Wilde leas faoi leith as an mbailiúchán seo.  Is breá linn anois, leis na taispeántais nua seo, go bhfuil ar ár gcumas an bailiúchán tábhachtach seo a chur i láthair phobal náisiúnta agus idirnáisiúnta.”

Dúirt Caoimhe Ní Ghormáin, Coimeádaí an taispeántais agus Leabharlannaí Cúnta i gColáiste na Tríonóide: “Spreagann saol agus saothar Oscar Wilde spéis an lucht léinn agus dhaoine den ghnáthphobal araon.  Is é atá de rún againn leis an taispeántas seo ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shainiúil a d’fhág Oscar Wilde ina dhiaidh agus léargas breise a thabhairt ar imeachtaí a shaoil óna chuid laethanta ollscoile i gColáiste na Tríonóide amach go dtí go ndeachaigh an saol ina aghaidh agus an droch-chás ina raibh sé le linn na mblianta deireanacha deoraíochta sin aige.”

Buaicphointí an Taispeántais:

  • Litir mhaoithneach chuig Cyril, a mhac, a bhí cúig bhliana d’aois ag an am, faoi chruinniú le Mallarmé, file, agus faoin leabhar The Raven le Edgar Allen Poe.  Ní heol aon litir eile a bheith ar fáil i gcónaí a scríobh Wilde chuig ceachtar dá chuid leanaí.  Thit Wilde amach lena chlann mhac ina dhiaidh sin nuair a cuireadh i bpríosún é sa bhliain 1895 agus bhí siad ó chaint lena chéile ó scaoileadh amach é go bhfuair sé bás.
  • Litir chuig an Ollamh le Léann Clasaiceach i gColáiste na Tríonóide,  Sir John Pentland Mahaffy, iar-Phropast de chuid an Choláiste, á mholadh as a bheith ar an “first and best teacher” aige agus “the scholar who showed me how to love Greek things”. Tá scigphictiúr iontach ann freisin, a tarraingíodh le dúch sa Leabhar Moltaí a bhí ag an gCumann Fealsúnachta, de Wilde agus milleán á chur air faoi chruinniú aestéitice i lár na hoíche.
  • Cártaí tráchtála agus trádála atá maisithe go breá agus a raibh an “turas aestéitice” iomráiteach a thug Wilde go Meiriceá sa bhliain 1882 ina údar leo.  Bhí Wilde ina mháistir ar cheird na bolscaireachta agus is é a éadan féin ba mhó in úsáid i rith na bliana 1882, seachas aon duine eile a raibh iomrá agus cáil mhór orthu ag an am, ar mhaithe le bolscaireacht a dhéanamh faoi réimse forleathan táirgí éagsúla, idir thodóga agus shoirn cistine, nó fiú modhanna chun cur le breáthacht brád nó le scéimh snua.
  • Cás airgid do chártaí cuairte, ar a bhfuil “For Sebastian Melmoth from Sphinx” greanta, bronntanas a mheastar a thug a chara Ada Leverson do Wilde ar a theacht amach as Reading Gaol.
  • Admháil maidir le suim £25 a fháil óna chara More Adey. Cheannaigh a chuid cairde éadach, gallúnach, cumhrán agus dath gruaige dó leis an airgead seo ionas go n-aireodh seisean go raibh sé “physically cleaned of the stain and soil of prison life”.
  • Catalóg díolacháin maidir le leabhair agus earraí tís de chuid Wilde, eagráin sínithe d’fhoilseacháin a mhuintire san áireamh chomh maith leis an gcró ina mbíodh peata coinín aige le linn a óige.  Díoladh na hearraí seo an tráth a raibh Wilde ar a thriail sa bhliain 1895 air sin a éileamh ag daoine a raibh sé i bhfiacha leo.
  • Litir chorraitheach a scríobh Wilde chuig a chara Eliza Stannard, scríbhneoir, tamall gairid tar éis a ligean amach as Reading Gaol i mí Bealtaine 1897. In óstán i Normainn a bhí Wilde nuair a scríobh sé an litir ina ndeir sé “of course I have passed through a very terrible punishment and have suffered to the pitch of anguish and despair” agus ina dtugann sé “an unworthy son” de chur síos air féin

Beidh an taispeántas “Oscar Wilde: From Decadence to Despair” ar siúl i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ón 13 Deireadh Fómhair 2017 go dtí an 3 Eanáir 2018.  Beidh teacht ar thaispeántas ar líne chomh maith ag http://www.tcd.ie/library/exhibitions/wilde/

Bailiúchán Oscar Wilde i gColáiste na Tríonóide

Cheannaigh Leabharlann Choláiste na Tríonóide Bailiúchán Oscar Wilde sa bhliain 2011 ó Julia Rosenthal, díoltóir leabhar as Londain a bhfuil a saol caite aici ag cnuasach ábhar a bhaineann le Oscar Wilde.  Tá míreanna ann ar comharthaí suntasacha iad ar shaol Wilde, mar shampla admháil maidir le hiasacht airgid a fuair sé ar Reading Gaol a fhágáil dó sa bhliain 1897, agus an t-aon litir amháin is eol a bheith ar fáil a scríobh sé chuig Cyril, a mhac.  Sa bhliain 1976 a cheannaigh Rosenthal litir le síniúchán Wilde den chéad uair agus choinnigh sí ag tiomsú agus ag cnuasach i rith na mblianta ina dhiaidh sin go raibh níos mó ná 150 mír faoi leith cruinnithe aici.  Meastar gurb é an bailiúchán seo an bailiúchán príobháideach ab fhairsinge agus ba mhó ar fud an domhain d’ábhar maidir le Oscar Wilde faoin tráth ar éirigh sí as an gcúram.

Tá an bailiúchán ar coimeád anois leis na Lámhscríbhinní agus na Cartlanna i Leabharlann Choláiste na Tríonóide.  Is é an t-aon bhailiúchán amháin é maidir le Oscar Wilde atá ar coimeád i bhforas poiblí in Éirinn.  Tá ábhar lámhscríbhinne agus ábhar clóite ann chomh maith le hábhar cuimhneacháin de chineálacha éagsúla.  Tá bailiúchán d’ábhar clóite i Roinn na Seanleabhar Clóite a chuireann leis an mbailiúchán seo.  Tugadh trí cinn de mhíreanna as an mbailiúchán ar iasacht maidir le taispeántas mór sa Petit Palais Musée des Beaux-Arts i bPáras sa bhliain 2016.  Rinne Merlin Holland, garmhac le Wilde, comhchoimeádaíocht ar an taispeántas sin a cuireadh ar siúl faoin teideal Oscar Wilde: Insolence Incarnate.