Faigheann os cionn Ceithre Chéad Mac Léinn Gradam Ardghnóthachtála Choláiste na Tríonóide

Posted on: 21 November 2014

Rinneadh Gradaim speisialta Taispeántóirí Iontrála a bhronnadh ar 442 mhac léinn chéad bhliana san iomlán le linn an tsearmanais bhliantúil chun an ghnóthachtáil sin a chomóradh. Fuair gach duine de na mic léinn a raibh gradam á fháil acu 560 pointe nó níos mó san Ardteistiméireacht (nó i scrúdú coibhéiseach dara leibhéal) (is ionann 2 A1 agus 4 A2 san Ardteistiméireacht agus scór 560 pointe, gan pointí bónais a áireamh). I measc na mac léinn sin, tá daoine as 30 contae éagsúil de chuid na hÉireann chomh maith le hiarrthóirí ón Ríocht Aontaithe, ón bhFrainc, ón Eilvéis, ón Iodáil, ón mBeilg, ón Iorua, ón Ostair, ón nGearmáin, ó Lucsamburg agus ón Spáinn.

Le linn comhghairdeas a dhéanamh leis na mic léinn as a ngnóthachtáil, dúirt Déan na Mac Léinn Fochéime, an tOllamh Comhlach Gillian Martin, an méid seo a leanas: “Is ionann na gradaim seo agus léiriú ar shárchumas agus ar obair chrua na mac léinn a fuair 560 pointe (gan pointí bónais a áireamh) san Ardteistiméireacht nó i scrúdú den tsamhail chéanna.

Leanfaidh na mic léinn ar aghaidh lena gcúrsaí staidéir sna trí Dhámh atá ann san Ollscoil agus tá Eolaíochtaí Sláinte http://www.healthsciences.tcd.ie/ roghnaithe ag 35% díobh, Ealaíona, Daonnachtaí agus Eolaíochtaí Sóisialta Arts, Humanities and Social Sciences roghnaithe ag 22% díobh, Innealtóireacht, Matamaitic & Eolaíocht Engineering, Mathematics & Science roghnaithe ag 33% díobh agus roghanna céime ildáimhe roghnaithe ag an 10% eile.