Éigse na Tríonóide agus Seachtain na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide

Posted on: 01 March 2021

Beidh Éigse na Tríonóide, féile bhliantúil na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus Seachtain na Gaeilge, á gceiliúradh ar líne ón 1-5 Márta 2021. Déanfar ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach trí réimse leathan imeachtaí a chur ar siúl le linn na seachtaine. Beidh fáilte roimh chách a bheith linn ar líne don cheiliúradh seo.

I measc na bpríomhimeachtaí beidh Seoladh na hÉigse ag a mbeidh aoichainteoirí speisialta i láthair; caint spéisiúil ar stair na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide ó bheirt chéimithe de chuid na hollscoile; oíche cheoil, amhránaíochta agus filíochta ag Cúirt Éigseceardlann amhránaíochta i nGàidhlig, agus taispeántas drámaíochta agus ceoil le Casadh an tSúgáin.

Seo a leanas na haoichainteoirí a bheidh i láthair ag seoladh na féile ar an Luan, an 1 Márta, ag 7.00pm:

–       Megan O’Connor: Bunaitheoir ‘Múinteoir Meg’ ar na meáin, iarchéimí de Choláiste na Tríonóide

–       An Dr Eoin Mac Cárthaigh: Ceann Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh i gColáiste na Tríonóide

–       Kitty Ní Houlihán: Banríon draig agus gníomhaí ar son cearta LGBTQ+.

Tá tuilleadh eolais agus naisc chlárúcháin le fáil ag https://linktr.ee/EigsenaTrionoide.

#Éigse21 #SnaG21

 

 

Media Contact:

Catherine O’Mahony, Media Relations Officer | omahonc7@tcd.ie |