Drámaí de Chuid Beckett á Léiriú ag Compántas Amharclannaíochta Iarchéimithe Choláiste na Tríonóide in Áras an Uachtaráin

Posted on: 12 December 2013

Chuir Sugarglass Theatre, compántas drámaíochta iarchéimithe i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ethicale Samuel Beckett ar siúl in Áras an Uachtaráin mar chuid den cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta Chearta an Duine inniu, Dé Máirt an 10 Nollaig 2013.

Léirigh Sugarglass Theatre Ethica, ceithre ghearrdhráma leis an gcéimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Samuel Beckett, ag Áras an Uachtaráin. Sa lucht féachana, bhí níos mó ná 100 ionadaí ó earnálacha cearta daonna agus eagraíochtaí neamhrialtasach in Éirinn agus i dTuaisceart na hÉireann, agus reáchtáladh an ócáid mar chuid de chomóradh na hÉireann ar Lá Idirnáisiúnta Chearta an Duine. Bhí baill de theaghlaigh Uí hUiginn i láthair.

Arna gcnuasach faoin ngrúpainm Ethica, déantar scrúdú grinn ar chúrsaí eitice, idir réimse an bhaile agus réimse na polaitíochta, i ngach ceann de na ceithre dhráma. Cíortar ceisteanna síoraí faoin dílseacht, faoin gceart agus an cóir agus faoi fhrithbheartaíocht sna drámaí – Play (1964), Come and Go (1965), Catastrophe (1979), agus What Where (1983).

Is compántas drámaíochta iarchéimithe as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath atá in Sugarglass Theatre a cuireadh ar bun sa bhliain 2012.  Ceathrar atá i mbun na hamharclannaíochta go proifisiúnta agus a bhuail le chéile in Ionad Samuel Beckett i gColáiste na Tríonóide atá sa chompántas a bhfuil cúnamh taca aige ó Scoil na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus an Cheoil, Ciste an Phropaist do na hAmharcealaíona agus na Taibh-ealaíona, agus Cumann agus Iontaobhas na Tríonóide.

Ethica á chomhléiriú ag an Dr Nicholas Johnson, Ollamh Cúnta i Léann na Drámaíochta, agus Marc Atkinson, céimí de chuid Scoil na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus an Cheoil i gColáiste na Tríonóide. Is iad atá sa chliar, Peter Corboy, Ellen Flynn, Nichola MacEvilly, Matthew Malone, Maeve O’Mahony, Ellen Patterson ­- agus is mic léinn nó iarmhic léinn de chuid Choláiste na Tríonóide cúigear acusan.

Maidir le himeachtaí cultúir thar ceann Ambasáid na hÉireann i Sóifia a cuireadh Ethica le chéile agus léiríodh i rith na bliana 2012 é san Acadamh Náisiúnta Amharclannaíochta agus Scannánaíochta i Sóifia chomh maith le dhá thréimhse éagsúil in Amharclann Samuel Beckett i gColáiste na Tríonóide. Níos luaithe sa bhliain 2013 cuireadh an léiriú seo ar an stáitse le linn Fhéile Idirnáisiúnta Samuel Beckett “Happy Days” in Inis Ceithleann.

Ag labhairt dó faoin léiriú, dúirt an Dr Nicholas Johnson, Ollamh Cúnta i Léann na Drámaíochta i gColáiste na Tríonóide: “Rogha an-oiriúnach do cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta Chearta an Duine is ea Ethica trína ndéantar machnamh dian seasmhach ar nádúr an duine agus ar chearta daonna – ní le fonn nithe áirithe a chur i leith stát nó cheannairí a rialaíonn nó a chiapann daoine, seachas le fonn amhras a tharraingt ar na modhanna bunúsacha teanga agus smaointeoireachta lena mbuanaítear foréigean den sórt sin agus a gceaptar cúis mhaith leis.”

“Is onóir mhór saothar Beckett a chur i láthair in Áras an Uachtaráin. Ó tosaíodh ar an tionscadal seo, tá léirithe leis gur féidir le saothar Beckett daoine a thabhairt le chéile agus gur mór an tairbhe is féidir a bheith as comhpháirtíocht ealaíne agus cultúir idir ealaíontóirí gairmiúla, ollscoileanna agus rialtais.”

Pointí Caidrimh do na Meáin Chumarsáide:

Maidir le fiosrúcháin ó lucht na meán cumarsáide, bítear i gcaidreamh le do thoil le Fiona Tyrrell, Preas-Oifigeach do Dhámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta, Coláiste na Tríonóide |tyrrellf@tcd.ie| + 353 1 8964337

Maidir le fiosrúcháin faoi Sugarglass Theatre, bítear i gcaidreamh le do thoil le Aisling Murray, Caidreamh leis na Meáin, Sugarglass Theatre, aisling@sugarglasstheatre.com | +353 87 661 5278