Cuireann measúnú nua ar nochtadh don radón sa bhaile limistéir tosaíochta in iúl

Posted on: 10 May 2018

Tar éis measúnú nua a dhéanamh agus úsáid á baint as an tomhas ar rátaí radóin maidir le 32,000 áras cónaithe ar fud na hÉireann, tugtar le sonrú go bhfuil limistéir tosaíochta áirithe maidir le leibhéil radóin.

Leis an gcur chuige nua seo déantar an meándlús radóin laistigh i réimse achair cúng a cheangal le sonraí faoin daonra ón daonáireamh is deireanaí chun mapa a chur ar fáil ina leagtar amach an dáileadh measta maidir le hailse scamhóg a bhaineann le radón. Seo an chéad uair riamh mapa ar scála náisiúnta a chur ar fáil ar an gcaoi seo in Éirinn, ná in aon tír ar domhan.

Tá an meándlús radóin laistigh de réir na dToghcheantar (an scála tíreolaíochta a úsáideadh) idir 21 agus 338 beiciril an méadar ciúbach, ach faightear leibhéil i bhfad níos ísle nó níos airde ná sin in árais faoi leith. Agus coibhéisí aitheanta idir nochtadh don radón agus baol breise ailse sna scamhóga a chur san áireamh, measann an lucht taighde go bhfuil timpeall 280 cás den 2,300 cás ailse scamhóg measta in aghaidh na bliana in Éirinn ceangailte le nochtadh don radón laistigh.

Sa saothar nua taighde seo, baintear úsáid as an dáileadh ar chásanna ionchais ailse scamhóg atá ceangailte le nochtadh don radón chun “limistéir tosaíochta” a shonrú. Cé go bhfuil líon na gcásanna ailse scamhóg atá ceangailte le nochtadh don radón i ngach Toghcheantar faoi leith agus in aon bhliain faoi leith an-íseal, déantar le sonrú den chineál sin béim a leagan ar réimsí cúnga tíre sna contaetha seo a leanas: Baile Átha Cliath, an Mhí, Cill Dara, Cill Mhantáin, Loch Garman, Cill Chainnigh, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, an Clár agus Gaillimh. Fiú sa chás gur ísle an meándlús radóin laistigh, is airde an “dáileog charntha” in áiteanna ina bhfuil an daonra níos airde, agus is mó dá réir sin líon ionchais na gcásanna ailse scamhóg.

Tá Quentin Crowley, Ollamh Comhlach le hIseatóip agus an Timpeallacht i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ar dhuine d’údair an ailt a foilsíodh le gairid san iris Environment International.

Dúirt an tOllamh Crowley: “Is léir ón taighde seo go bhféadfaí na bearta cosanta in aghaidh drochthorthaí radóin a bheachtú ach sonraí déimeagrafaíochta a chur san áireamh. Léirítear an tábhacht atá le dlús daonra, mar aon leis an athrú le himeacht aimsire ar an daonra iomlán, a chur san áireamh mar chuid den mheasúnú ar thorthaí fadtéarmacha an nochtaidh radóin don phobal i gcoitinne. Beidh cur chuige den sórt sin ina chabhair maidir le Plean Gníomhaíochta Náisiúnta atá docht daingean a leagan amach d’fhonn an nochtadh don radón a mhaolú agus líon na gcásanna ailse scamhóg atá ceangailte leis an radón a ísliú.”

Dúirt Javier Elío, Taighdeoir Iardhochtúireachta i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide: “Tá mapa curtha ar fáil againn ar a léirítear na háiteanna ina mbeifí ag súil leis an líon is airde cásanna ailse scamhóg atá ceangailte leis an radón. Is cur chuige ó bhonn é seo ós é an chéad uair riamh é ar cuireadh an drochthionchar ar an tsláinte ag nochtadh don radón san áireamh agus Limistéir Tosaíochta Radóin á shonrú. Tá an modh oibre leagtha amach go speisialta chun an ceangal faoi reachtaíocht an AE a shásamh go mbeadh cosaint ó radaíocht ag an bpobal i gcoitinne.”

Dúirt Lina Zgaga, Ollamh Comhlach le hEipidéimeolaíocht i Scoil an Leighis, Coláiste na Tríonóide: “Is é an tairbhe is tábhachtaí a bhaineann leis an saothar taighde seo gur féidir tabhairt faoi shainghníomhartha dá bharr – is ionann sonrú beacht ar na limistéir is airde baol agus an chéad chéim maidir le cur in aghaidh an drochthionchair a bhíonn ag radón ar shláinte an duine.”

Dúirt Ray Scanlon, an Príomhgheolaí le Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann: “Léiríonn an saothar taighde ríthábhachtach seo go bhfuil dáileadh an-athraitheach ar fud na tíre ar an ngás nádúrtha seo a bhféadann dochar a bheith ann. Bíonn radón ag eascairt go seasta síoraí as an gcloch agus as an gcré sa talamh ar a mbímid ag siúl agus sileann sé isteach san áras cónaithe. Tá sonrú na limistéar áitiúil ríthábhachtach chun líon na gcásanna ailse scamhóg in Éirinn a mhaolú.”

Radón

Gás radaighníomhach nádúrtha atá sa radón, nach bhfuil blas ná boladh uaidh, ná dath air. Ní féidir é a bhrath gan trealamh speisialta a úsáid. Éalaíonn radón as an talamh agus scaipeann sé san atmaisféar mar a chaolaíonn sé go mbíonn an dlús an-íseal, nó tarlaíonn carnadh agus dlús níos airde air i spásanna dúnta.

Bíonn éagsúlacht maidir leis an leibhéal radóin laistigh ó theach go teach ag brath ar an suíomh, ar an modh tógála agus ar an úsáid. Radón an fhoinse is coitianta maidir le nochtadh do radaíocht ianúcháin, is leis a bhaineann níos mó ná 56% den dáileog iomlán a fhaigheann muintir na hÉireann, agus cuireann nochtadh don radón leis an dóigh go dtiocfadh ailse scamhóg chun cinn. Tá an nochtadh don radón ar an dara cúis is coitianta, taobh amuigh de chaitheamh tobac, le hailse scamhóg ar fud an domhain.

Tá de cheangal ar bhallstáit an AE plean gníomhaíochta náisiúnta a bheith ar bun chun an pobal i gcoitinne a chosaint ar an tionchar a bheadh ag nochtadh fadtéarmach don radón, fiú más nochtadh do leibhéal íseal go leor atá i gceist. Tháinig Treoir 2013/59/Euratom an AE i bhfeidhm ag tús mhí Feabhra 2018 agus dá thoradh sin íslíodh an leibhéal tagartha maidir le radón laistigh san ionad oibre in Éirinn ó 400 go 300 beicireil an méadar ciúbach. Níor tháinig aon athrú ar an leibhéal tagartha náisiúnta 200 beicireil an méadar ciúbach. Nuair a thagtar trasna ar dhlús níos airde ná an leibhéal tagartha, moltar bearta maolúcháin. Tá scéim phíolótach á cur i bhfeidhm faoi láthair faoina mbeidh cúnamh ar fáil maidir leis an gcostas a bhaineann leis na bearta sin.

Ríomhtar, de réir thorthaí an taighde a rinneadh roimhe seo, go dtagann ardú timpeall is 15% ar an mbaol go dtarlódh ailse scamhóg le hardú 100 beicireil an méadar ciúbach maidir leis an radón laistigh.

Na cistí taighde

Chuir an Chomhairle um Thaighde in Éirinn (IRC) maoiniú ar fáil don taighde seo trí Chomhaltacht Iardhochtúireachta na Scéime Comhpháirtíochta Fiontraíochta 2015 (EPSPD/2015/46), agus rinne Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (GSI) comhmhaoiniú air. Níl an IRC freagrach as aon úsáid a bhaintear as an eolas atá sa saothar taighde. An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil in Éirinn agus Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann a thiomsaigh na sonraí ar baineadh úsáid astu don tionscadal.

Cúrsaí monatóireachta agus cosanta maidir le radón

Tá eolas mionsonraithe faoi radón agus faoin gcontúirt a bhaineann leis, lena n-áirítear eolas faoi thástáil ar theach cónaithe nó ar ionad oibre, ar fáil ar láithreán gréasáin de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil: http://www.radon.ie/ nó ar Saorghlao 1800 300 600.

Media Contact:

Thomas Deane, Media Relations Officer | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685