Comhaltacht in Acadamh Ríoga na hÉireann bronnta ar Ollamh na Tríonóide

Posted on: 26 May 2017

Tá Ollamh le Tíreolaíocht Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Anna Davies, i measc an 18 comhalta nua de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann a fógraíodh inniu.  Roghnaíodh í mar aitheantas ar an obair de scoth an domhain atá déanta aici i gcúrsaí eolaíochta agus na ndaonnachtaí.

Tá aithne mhór ar an Ollamh Davies go hidirnáisiúnta sa phobal taighde ar thomhaltas inbhuanaithe agus is í an Rúnaí í ar Ardán na hEorpa ar Thomhaltas Inbhuanaithe agus Táirgíocht.

Bronnadh Gradam Consolidator ERC uirthi le gairid don tionscadal SHARECITY, an chéad staidéar domhanda ar chomhroinnt bia i gcathracha, ar an gcleachtas a bhaineann leis agus ar an mbeadh sé inbhuanaithe.

Ó 1785, tá comhaltacht san Acadamh á bronnadh ar dhaoine a bhfuil gradam bainte amach acu de bharr a gcuid oibre i gcúrsaí oideachais agus taighde. Is í an onóir acadúil is airde in Éirinn í.

Dúirt an tOllamh Peter Kennedy, Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann: "Údar mór bróid d'Éirinn na fir agus mná a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acadúil bainte amach acu don tír. Mar chomhaltaí den Acadamh, neartóidh siad acmhainn an Acadaimh sainchomhairle a chur ar fail ar bheartas Ardoideachais agus Taighde."

Toghadh alumnus Choláiste na Tríonóide, buaiteoir Ghradam Nobel, William Campbell mar Chomhalta Oinigh d'Acadamh Ríoga na hÉireann níos túisce i mbliana agus déanfar é a chlárú níos déanaí.

Media Contact:

Thomas Deane, Media Relations Officer | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685