Clár spreagúil beartaithe d’Éigse na Tríonóide! / Vibrant Programme for Éigse na Tríonóide

Posted on: 26 January 2011

Tá seachtain ildánach spleodrach i ndán dúinn i mbliana i gcroílár na hardchathrach, in  Éigse na Tríonóide 2011, féile bhliantúil Ghaeilge.  Beidh TCD i mbun na hÉigse an tseachtain seo chugainn (Luan 31 Eanáir – Aoine 4 Feabhra).

Seolfar an Éigse ag 2.00in Dé Luain le grianghraf ina mbeidh pobal Gaeilge an Choláiste bailithe ar an gCearnóg Thosaigh, agus iad ag léiriú beocht na teanga anseo agus gléasta i t-léintí glasa feiceálacha! Beidh réalt TG4 Máirtín Tom Sheáinín inár láthair ag 6.00 nuair a chuirfear tús oifigiúil leis an Éigse le fáiltiú fíona agus neart ceoil ón Tradsoc! Beidh Máirtín ag bronnadh Fáinní ar chainteoirí de gach leibhéal ag an ócáid.

Ar an Mháirt (Lá Fhéile Bríde), beidh Aifreann Córúil i nGaeilge i Séipéal an Choláiste le Cór an Chumainn Ghaelaigh ag 1.15in. Ina dhiaidh sin, beidh Díospóireacht na hÉigse leis an “Phil”- an rún a bheidh os comhair an tí ná: “Ní bealach éifeachtach é mórshiúl le hagóid a dhéanamh”- téama tráthúil is cinnte!  Beidh “Open Mike” i dteach tábhairne Pheadar Kearney istoíche.

Ar an gCéadaoin, beidh Maidin Chaife do phobal na Gaeilge san Bhutrach ó 10.00-11.30rn, agus reáchtálfar Lá speisialta d’Fhoghlaimeoirí, le seisiún mór do ghlanthosaitheoirí ag 1.00in.

Ar an Déardaoin, thig leat Turas Stairiúil thart ar an gcampas a dhéanamh ag 2.00in (bailigh le chéile ag céimeanna an tséipéil). Ag 5.15in, beidh seirbhís d’Urnaí na Nóna canta i nGaeilge sa séipéal. Beidh Gig Mór na hÉigse ar siúl san Village ó 9.00in ar aghaidh le bannaí ceoil den chéad scoth agus craic dochreidte!  Tá fáilte roimh chách, agus táthar le slua mór bríomhar a fheiceáil ag an ócáid chéanna– deis mhaith chun lucht TCD a fheiceáil agus iad i mbun scléipe!

Ar an Aoine, tiocfaidh laoch mór Chumann Lúthchleas Gael agus na Gaeilge, Micheál Ó Muircheartaigh, chuig TCD le tráchtaireacht bheo a dhéanamh ar chluiche peile Gaelach idir TCD agus UCD ag 2.00in: beidh an iomaíocht sin an-ghéar, is cinnte!

Cuirfear clabhsúr cuí le himeachtaí na hÉigse le ceol agus craic i dtabhairne an Choláiste, an Pav, ó 3.30in ar aghaidh, le ceol bríomhar agus scéaltaí na seachtaine á gcíoradh ag an gcomhluadar!

Mar sin, a chairde, bígí linn d’Éigse na Tríonóide- mar a deir an seanfhocal: “Ní neart go cur le chéile”. Tá gach eolas ar Facebook an Cumann Gaelach agus ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag www.tcd.ie/gaeloifig.

 

Vibrant Programme for Éigse na Tríonóide

An exciting and varied programme of events is planned for Éigse na Tríonóide 2011, Trinity College’s annual Irish language festival. The festival will run from Monday 31 January – Friday 4 February.

Events will commence at 2.00pm on Monday with a photocall for which the TCD Irish language community will gather in Front Square in bright green t-shirts, highlighting the vibrancy of the language here. The leading TG4 personality Mairtín Tom Sheáinín will join us at 6.00pm for the official launch, with a wine reception  and music from the talented musicians of Tradsoc!  Máirtín will present Fáinní to speakers of Irish at various levels of proficiency.

On Tuesday (St Brigid’s Day), a Choral Mass will be celebrated with the Choir of An Cumann Gaelach at 1.15pm. Afterwards, the Éigse debate- Díospóireacht na hÉigse – will be held in association with the “Phil”. The motion before the House is: “Marches are not an effective method of protest”- certainly a topical theme! In the evening, there will be an “Open Mike” in Peadar Kearney’s on Dame Street.

Wednesday sees a Coffee Morning for the Irish language community at the Buttery restaurant from 10.00-11.30am, and it has been designated as Lá na bhFoghlaimeoirí/ Learners’ Day, with a special taster session for beginners at 1pm.

On Thursday at 2.00pm, you will have the opportunity to take an historical tour of the campus (gathering at the Chapel steps).  The service of Evensong will be sung in the Irish language in the Chapel at 5.15pm.  Gig Mór na hÉigse will be held at the Village from 9.00pm onwards, with top-class musicians and plenty of craic. All are welcome, and it is hoped to see a large crowd at the event- a great chance to see TCD letting their hair down as Gaeilge

The GAA and Irish language icon Mícheál Ó Muircheartaigh will be in TCD on Friday at 2.00pm  to provide a live commentary on a Gaelic Football March between TCD and UCD: the competition will be fairly keen and it will make for a thrilling occasion. The Éigse programme will be drawn to an appropriate close with ceol agus craic in the College’s “Pav” bar from 3.30pm, as the events of the week are good-humouredly dissected!

Join us then, a chairde, for Éigse na Tríonóide- as the seanfhocal/proverb says:  “Ní neart go cur le chéile” (in unity is strength). For further information, see the Facebook page for An Cumann Gaelach TCD and the Irish Language Office website www.tcd.ie/gaeloifig.