Clár Comórtha Céad Bliain 1916 Choláiste na Tríonóide á sheoladh ag an Aire Humphreys mar chuid d’ÉIRE 2016

Posted on: 02 December 2015

Sheol an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, clár imeachtaí Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, do chomóradh céad bliain 1916 maidin inniu (Dé Céadaoin) i Seomra Fada na Sean-Leabharlainne.

Beidh an clár imeachtaí, a bheidh á eagrú ag an fhoireann, na mic léinn agus alumni na Tríonóide do chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca mar chuid de chlár oifigiúil an Stáit don bhliain seo chugainn. Déanfar iniúchadh ar Éirí Amach 1916 leis an gclár bliana ó réimse disciplíní agus dearcthaí agus beidh idir léachtaí, turais, cúrsaí ar líne, díospóireachtaí, léamha, drámaí, scannáin, comhdhálacha agus taispeántais ann.

Leas-Phropast & Príomhoifigeach Acadúil, an tOllamh Linda Hogan agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD

Ar bhuaicphointí chlár na Tríonóide, tá:

  • Léamh poiblí d’Fhorógra 1916 ar chéimeanna an tSeomra Bia Dé Máirt, an 15 Márta 2016 agus comhdháil ghaolmhar arna heagrú ag Mol Sheomra Fada na Tríonóide, ina ndéanfar scrúdú ar chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta an Fhorógra.
  • Sraith léachtaí leis an téama “Litríocht agus an Réabhlóid” le Scoil an Bhéarla, a bheidh ar siúl ó Eanáir go Márta 2016.
  • Déanfaidh Cumann Staire na Tríonóide, an cumann mac léinn is sine sa domhan, díospóireacht a óstáil ina mbeidh iar-bhaill cháiliúla páirteach, faoin rún “Creideann an Teach Seo gur Cheart an tÉirí Amach a Cheiliúradh” Dé Céadaoin, an 24 Feabhra, 2016.
  • Athoscailt chúrsa oscailte ar líne na Tríonóide agus FutureLearn, ‘Irish Lives in War and Revolution 1912-1923’. Reáchtáladh an cúrsa saor in aisce ar líne in 2014 agus 2015, agus tá páirt glactha ag níos mó ná 29,000 foghlaimeoir ann go dtí seo.
  • Taispeántais, lena n-áirítear “The Civilian Dead” i Leabharlann Shráid an Phiarsaigh, a osclófar i mí Eanáir 2016 agus lena ndéanfar comóradh ar na saoránaigh a bhásaigh mar thoradh ar an Éirí Amach.
  • Gach seachtain taispeánann an blag Changed Utterly, arna óstáil ag Leabharlann na Tríonóide, cuntais ó bhunfhoinsí ar an Éirí Amach, scríofa ag gnáthdhaoine, idir chuntais dhramatúla de réir mar a thit cúrsaí amach agus leabhair ghearrthóg a cuireadh le chéile go cúramach.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Beidh plé agus díospóireacht acadúil ina ghné an-tábhachtach d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Beidh ár n-institiúidí tríú leibhéal ina lárionaid againn agus muid ag féachaint ar ais ar an saol a bhí ann i 1916, ag déanamh scrúdú ar an méid a spreag ceannairí 1916 agus ag breathnú ar an méid atá bainte amach le 100 bliain anuas. Tá lúcháir orm go bhfuil an clár fairsing seo curtha le chéile ag Coláiste na Tríonóide. Mar ionad foghlama i lár chathair Bhaile Átha Cliath, beidh Coláiste na Tríonóide ina mhol gníomhaíochta agus anailíse agus muid ag comóradh céad bliain ó Éirí Amach na Cásca.

Chuir an Leas-Phropast & Príomhoifigeach Acadúil, an tOllamh Linda Hogan, lena cuid cainte:

“Tá lúcháir ar Choláiste na Tríonóide páirt a ghlacadh sa chomhrá mór náisiúnta faoi Éirí Amach 1916. Ní hamháin go soláthróidh an clár anailís neamhchlaonta stairiúil ar na himeachtaí, ceannfháthanna agus iarmhairtí atá ceangailte leis an Éirí Amach, bainfidh sé úsáid freisin as scannáin, amharclannaíocht, taispeántais agus cúrsaí ar líne chun dearcthaí malartacha a chur in iúl a thabharfaidh léargas ar smaointe réamhcheaptha faoin Éirí Amach.”

Dúirt Eunan O’Halpin, Ollamh le Nua-Stair:

“Bhí Coláiste na Tríonóide ag croílár an Éirí Amach a bhain croitheadh as Éirinn agus as an domhan i gcoitinne. Lena linn, rinneadh urdhún, áit slógadh d’fhórsaí an Choróin, agus tearmann dóibh sin a bhí gortaithe agus ag fáil bháis den champas seo i gceartlár chathair Bhaile Átha Cliath. Coinnítear taifid shuntasacha a bhaineann leis an réabhlóid i gColáiste na Tríonóide freisin, lena n-áirítear cuntais ar an Éirí Amach ó dhearcadh shaoránaigh, ina measc dialann chlúiteach Elsie Mahaffy, iníon leis an bPropast.”

Sa leabhrán “Trinity and the Rising” a sheol an tAire Humphreys tá sraith alt le foireann agus lucht acadúil an choláiste, lena n-áirítear saothair ar ról Choláiste na Tríonóide sna díospóreachtaí roimh Éirí Amach 1916 agus ina dhiaidh, bailiúchán Leabharlann na Tríonóide d’ábhair a bhaineann le 1916 agus conas a chuaigh an Éirí Amach i bhfeidhm ar mhic léinn a bhí ag freastal ar an gcoláiste.

Is féidir an leabhrán “Trinity and the Rising” agus Clár Comórtha 1916 a fheiceáil anseo:

https://www.tcd.ie/decade-commemoration/

Media Contact:

Fiona Tyrrell, Media Relations Officer | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551