Ceiliúradh Teanga agus Cultúir i gCroílár na Cathrach – Éigse na Tríonóide 2020

Posted on: 10 February 2020

Beidh Éigse na Tríonóide, féile bhliantúil na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, á ceiliúradh idir an Luan, an 10 Feabhra agus an Aoine, an 14 Feabhra 2020.

Déanann an fhéile, arna n-eagrú ag Aontas na Mac Léinn, An Cumann Gaelach agus Oifig na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach trí réimse leathan imeachtaí a chur ar siúl le linn na seachtaine. Fáiltítear roimh mhic léinn agus an pobal i gcoitinne chuig campas na hollscoile i gcroílár na hardchathrach.

I measc na bpríomhimeachtaí beidh seisiún eolais do mhic léinn ar Ghairmeacha le Gaeilge, aoichainteoirí speisialta ag Seoladh na hÉigse, oíche filíochta agus ceoil ag Cúirt Éigse i gcomhar le REIC, turas ealaíne ina gcuirfear píosaí éagsúla ealaíne ar an gcampas i láthair, agus teacht le chéile chumainn Ghaelacha triú leibhéal ag Seó na gCumann.

Seo a leanas na haoichainteoirí a bheidh i láthair ag seoladh na féile ar an Luan, an 10 Feabhra i Seomra na Gaeilge ag 6.30pm:

  • Jamie Ó Tuama (Oifigeach Forbartha Gaeilge an CLG)
  • Wúrà?lá Máj??kódùnmí (craoltóir le Raidió na Life agus Cuiditheoir Motherfoclóir)
  • Clíodhna Ní Dhufaigh (Leas-Uachtarán don Gaeilge de chuid Aontas na Mac Léinn in Éirinn)
  • Malachi Ó Marcaigh (Eagarthóir Gaeilge leis an University Times).

Tá clár iomlán na n-imeachtaí faoi iamh. Tá cead isteach saor in aisce agus iad oscailte do chách.