Cé atá freagrach as ró-iascaireacht?

Posted on: 22 April 2016

Is ar shláinte bhitheolaíoch stoic éisc na hEorpa anois a dhíríonn bainistiú ar iascaigh mar gheall ar leasuithe a rinneadh le déanaí, ach fágann sin go bhfuil go leor iascairí in Éirinn ag streachailt agus iad ag iarraidh iad féin a chur in oiriúint do mhargadh bia mara domhanda atá thar a bheith iomaíoch.

Léiríonn taighde a rinneadh ar bhealaí nua chun iascaigh a bhainistiú an tslí a n-aithnítear iascairí mar phríomh-ghníomhairí chun athruithe inbhuanaithe a thabhairt isteach san earnáil. Tá siad ag glacadh róil ghníomhacha chucu féin níos mó agus níos mó, ag bailiú sonraí, ag cur pleananna bainistithe i bhfeidhm, agus ag cruthú deiseanna tráchtála nua sa mhargadh bia mara 'inbhuanaithe' agus domhandaithe.

Ach ní tiomantas nua do spriocanna comhshaoil ar thaobh na n-iascairí amháin is cúis leis na róil agus caidrimh nua seo. Tá níos mó agus níos mó brú ag teacht ar iascairí a 'bhfeidhmíocht ó thaobh an chomhshaoil' a léiriú chun rochtain a fháil ar na margaí iascaigh agus bia mara. Tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra do go leor iascairí slí bheatha a bhaint amach idir rialacháin chomhshaoil agus brúnna an mhargaidh bia mara domhanda. 

Patrick Bresnihan, Ollamh Comhlach le Tíreolaíocht i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, a rinne an taighde. Scríobh sé faoi thorthaí na taighde ina leabhar nua: Transforming the Fisheries, Neoliberalism, Nature & the Commons. Seolfar an leabhar ag seimineár ar an ábhar a reáchtálfar i gColáiste na Tríonóide ag 5:00 pm Déardaoin an 21 Aibreán.

Dúirt sé: “Aontaítear go forleathan anois go bhfuil laghdú mór ar an stoc éisc agus nach mór teorainn a chur ar ghníomhaíocht iascaireachta. Mar shampla, de bharr an leasú a rinneadh le déanaí ar Chomhbheartas Iascaigh na hEorpa (2014), tá an beartas iascaigh atreoraithe i dtreo stoic éisc a chaomhnú. Chuir an lucht feachtasaíochta comhshaoil, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (NGOanna) agus an pobal i gcoitinne fáilte roimhe sin, rud a thuigfeá.”

“Ach an fhadhb atá leis an mbéim seo ar stoic éisc a chaomhnú ná go bhféadfaí scéal róshimplí maidir le laghdú acmhainní agus díghrádú comhshaoil níos ginearálta a scaipeadh.  Sa scéal sin, is iascairí atá ar mhaithe leo féin agus atá ag baint leasa as stoic éisc teoranta is cúis le ró-iascaireacht.  Ní áirítear i scéal den chineál sin an fhorbairt éagothrom ar an iascaireacht ar scála tionsclaíoch agus brúnna an mhargaidh bia mara domhanda. Ní aithnítear ann, ach oiread, nach n-ionann gach iascaire – go mbaineann siad úsáid as an gcomhshaol mara ar bhealaí éagsúla.”

Déantar scrúdú in Transforming the Fisheries ar an athrú a tháinig ar an bhfreagra atáthar ag tabhairt ar fhadhb na ró-iascaireachta ó thaobh na heolaíochta, na heacnamaíochta agus na rialála le fiche bliain anuas. Tá ocht mí dhéag d'obair eitneagrafach allamuigh fite fuaite le machnaimh ar eolaíocht iascaigh, eacnamaíocht agus stair sa leabhar, ar mhaithe le scrúdú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir eolas, nádúr agus caipitleachas in iascaigh na hEorpa.

Dúirt an tOllamh Bresnihan: “Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar go leor de na príomhchoincheapa a rialaíonn smaointeoireacht na linne seo maidir leis an gcomhshaol — mar shampla ganntanas, inbhuanaitheacht, the commons, agus imfhálú — i bhfianaise an laghdú mór ar an margadh éisc domhanda agus na bealaí éagsúla a bhfuil aghaidh á tabhairt ar an bhfadhb seo anois.”

Media Contact:

Thomas Deane, Media Relations Officer | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685