Bunaitheoir ‘Educate Together’, Micheal Johnston agus Fear Spóirt Jonah Barrington orthu sin ar Bronnadh Céimeanna Oinigh orthu ag Coláiste na Tríonóide

Posted on: 01 July 2011

Inniu bronnadh céimeanna dochtúireachta oinigh ar bhunaitheoir ‘Educate Together’, Micheal Johnston, ar an bhfear spóirt Jonah Barrington, a bhfuil cáil domhanda air, agus ar an mbean ghnó ón Meánoirthear, Lubna Olayan, ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

 

Bronnadh Dochtúireacht sa Dlí (LL.D.) ar Jonah Barrington, fear spóirt a bhfuil aithne ar fud an domhain air agus a bhfuil comórtas an ‘British Open’ buaite sé huaire aige. Le linn dó a bheith ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, áit a raibh sé ina chomhalta gníomhach d’fhoireann scuaise an Choláiste, a thuig sé ar dtús go raibh bua na scuaise aige. Mar lúthchleasaí, mar chóitseálaí agus mar dhuine a chuir an spórt chun cinn, chuir sé athrú mór ar imirt scuaise go hidirnáisiúnta agus bhí baint mhór aigesean leis an dian-thraenáil a dhéantar sa chluiche sa lá atá inniu ann.  Bhí baint mhór aigesean freisin leis an scuais, mar chluiche, a thabhairt chun cinn ó bheith ina cluiche nach mbíodh mórán á himirt go dtí spórt gairmiúil.

Bronnadh Dochtúireacht san Oideachas (D.Ed.) ar an gCeannaire Oideachais, Micheal Johnston, bunaitheoir Dalkey School Project agus Educate Together. I 1974 a  bunaíodh Dalkey School Project agus ba í an chéad bhunscoil ilchreidmheach, neamhspleách sa tír í a bhí á maoiniú go poiblí.  Ba é Johnston an chéad Chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta na scoile agus bhí baint mhór aige riamh anall le scoileanna neamhspleácha a bhunú agus a leathnú.  Bhunaigh sé Educate Together sa bhliain 1984 mar bhrateagraíocht don earnáil.  Inniu tá breis is 56 scoil de chuid ‘Educate Together’ sa chóras bunscoileanna a mhaoinítear go poiblí agus tá siad níos tábhachtaí anois ná riamh cheana sa tsochaí reatha atá ag éirí níos saolta agus níos iolraíche.

Mar leas-Chathaoirleach agus mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Olayan Financing Company, tá Lubna Olayan ar dhuine de na mná gnó is mó tionchair sa Mheánoirthear, agus bronnadh Dochtúireacht sa Dlí (LL.D.) uirthi. Duine í a thugann spreagadh do mhná Mosalamacha, ar mian leo a ngairm bheatha a fhorbairt fad a choimeádann siad a bhféiniúlacht Moslamach.  Tugann Olayan tacaíocht láidir d’oideachas na mban agus cuireann chun cinn tuiscint níos fearr ar chultúir agus ar chreideamh Ioslaim sa domhan Thiar agus is comhalta í de Chomhairle Gnó Idirnáisiúnta an Fhóraim Eacnamaíochta Domhanda, tá sí ar Bhord Iontaobhaithe an Arab Thought Foundation agus KAUST, Ollscoil Eolaíochta agus Teicneolaíochta nua de chuid na hAraibe Sádaí, a bhfuil naisc léi á bhforbairt ag Coláiste na Tríonóide.