Buaiteoirí Chomórtas Cruthaitheachta Leabhar Cheanannais Fógartha ag Coláiste na Tríonóide

Posted on: 20 March 2019

Don dara bliain as a chéile, tá na céadta saothar scríbhneoireacht chruthaitheach agus ealaín chruthaitheach faighte ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath do Chomórtas Cruthaitheachta Leabhar Cheanannais. Bhí ionadh an domhain ar na moltóirí maidir leis an tallann iontach a léiríodh sna breis is 1,600 iontráil a fuarthas ó ealaíontóirí agus scríbhneoirí de gach aois atá ag teacht faoi bhláth – leis an duine is sine a bhuaigh duais 82 bhliain d’aois. Fuarthas iontrálacha ó ar fud na hÉireann, ó na Stáit Aontaithe, ón Ríocht Aontaithe, ó ar fud na hEorpa agus ón Astráil fiú amháin!

Tráthúil go leor i mbliana, bhuaigh beirt de na hiontrálaithe, Noah Farrell as Co. an Chláir agus Niamh Ní Iceadha as Baile Átha Cliath, a bhí ina mbuaiteoirí i gcomórtas na bliana anuraidh chomh maith, duaiseanna fiúntais as a n-iontrálacha i gcomórtas na bliana seo. D’éirigh le Niamh fiúntas a fháil i gcomórtas na ndaoine fásta sa scríbhneoireacht agus san ealaín araon.  Fógraíodh an seisear buaiteoirí fhoriomlána ag searmanas speisialta gradam i Halla Bia mór le rá Choláiste na Tríonóide, i measc a gcuid teaghlach, cairde agus múinteoirí.

 

Is iad seo a leanas a fuair an chéad áit sa chomórtas ealaíne:

Anna Dunlea, Scoil Náisiúnta an Fhosaidh, Ciarraí i roinn na mbunscoileanna.

Adam O’Sullivan, Coláiste Íde agus Iosef, Luimneach, i roinn na meánscoileanna.

Jolanta Kavalec, as Baile Átha Cliath i roinn na ndaoine fásta.

 

Is iad seo a leanas a fuair an chéad áit sa chomórtas scríbhneoireachta:

Juno O’Flanagan, Sarah Webbs Story Crew, Baile Átha Cliath i roinn na mbunscoileanna;

Poppy Crossland, Rugby High School, an Ríocht Aontaithe, i roinn na meánscoileanna;

Estelle Price as Cheshire, an Ríocht Aontaithe, i roinn na ndaoine fásta;

 

Bhuaigh Conor Savage agus Cathal Sean Kelly as Scoil Náisiúnta Buachaillí Naomh Ioseph i dTír an Iúir, Baile Átha Cliath an dara háit agus duais fiúntais faoi seach sa chomórtas agus rinne a múinteoir Anthony O’Flynn cur síos ar an aistear cruthaitheach a bhí aige féin agus ag na daltaí le linn dóibh a bheith páirteach sa chomórtas: “Tá Comórtas Cruthaitheachta Leabhar Cheanannais ar an bhfiontar oideachais is mó fiúntais ar thugamar faoi riamh. Tá leagan amach thar barr ar an gcomórtas agus tá sé thar a bheith eagraithe. Tugann sé spreagadh do na leanaí ar fad agus cuireann sprioc dhearfach ar fáil don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht chruthaitheach. Is fiú go mór cur isteach ar an gcomórtas seo!”

Ní nach ionadh, bhí sé deacair do na moltóirí na buaiteoirí foriomlána a roghnú de bharr chumas na daoine a chuir isteach ar an gcomórtas.

Rinne an láithreoir nuachta agus teilifíse Sharon Ní Bheoláin, ambasadóir an chomórtais, comhghairdeas leis na buaiteoirí ar an éacht mhór a bhí bainte amach acu agus dúirt:

“Bhí ríméad an domhain orm a bheith i m’ambasadóir do Chomórtas Cruthaitheachta Leabhar Cheanannais na bliana seo. Bhí mé an-tógtha le caighdeán na n-iontrálacha. Chuir daoine as gach cúlra a gcroí agus a n-anam ina gcuid saothar chun ceann de na lámhscríbhinní is mó a dhéantar a cheiliúradh a léiriú agus a shamhlú. Rinne na daoine ar éirigh leo an babhta ceannais a bhaint amach ainmhithe, éin agus radharcanna soiscéil a athshamhlú agus preabann na dathanna agus an ealaíontacht amach as an leathanach.

Is seoid náisiúnta é Leabhar Cheanannais agus is deas go bhfuil an oiread sin bróid ag muintir na hÉireann as an draíocht bhuan a bhaineann leis.”

Is éard a dúirt an tOllamh Darryl Jones, Déan ar Dhámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na Tríonóide a rinne moltóireacht ar an gcomórtas scríbhneoireachta:

“Ba iontach go deo dom a bheith páirteach sa chomórtas seo, chun a mhéid is atá Leabhar Cheanannais ina ábhar inspioráide i gcónaí ag daoine de gach aois, fiú amháin sa lá atá inniu ann, a fheiceáil. Bhí an tallann a léirigh gach duine a chuir isteach ar an gcomórtas dochreidte agus ní raibh sé éasca moltóireacht a dhéanamh ar na saothair. Táimid thar a bheith sásta áfach leis na píosaí filíochta agus leis na gearrscéalta atá roghnaithe mar bhuaiteoirí againn, mar gur éirigh leis na daoine a chum na píosaí sin a léiriú féin ar na hainmhithe atá i Leabhar Cheanannais a chur in iúl i ndáiríre, agus a stíl agus a bhfís féin a chuir i ngach píosa. “

Tá comórtas na bliana 2019 oscailte anois agus is é an téama a bheidh ann ná ‘Cultúr na hÉireann agus Leabhar Cheanannais’. An 30 Samhain 2019 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais agus beidh tuilleadh eolais ar fáil sna seachtainí atá romhainn ar an suíomh gréasáin https://www.tcd.ie/visitors/competition/

 

Buaiteoirí na gComórtas Scríbhneoireachta

 

Bunscoileanna

 

An 1ú Duais        Juno O’Flanagan               Story Crew Writing Club                Co. Bhaile Átha Cliath

An 2ú Duais        Conor Savage                    Scoil Náisiúnta Buachaillí Naomh Ioseph, Tír an Iúir, Baile Átha Cliath 6     Co. Bhaile Átha Cliath

Fiúntas                 Cathal Seán Kelly              Scoil Náisiúnta Buachaillí Naomh Ioseph, Tír an Iúir, Baile Átha Cliath 6     Co. Bhaile Átha Cliath

Fiúntas                 Grace Colville                     Story Crew Writing Club                Co. Bhaile Átha Cliath

 

 

Meánscoileanna

 

An 1ú Duais        Poppy Crossland                              Rugby High School          Rugby, An Ríocht Aontaithe

An 2ú Duais        Rachel Thornton                               Coláiste Dhroichead Nua              Co. Chill Dara

Fiúntas                 Vanessa Wanqiao Zhang               Coláiste Naomh Aindriú                 Co. Bhaile Átha Cliath

Fiúntas                 Ruby Murphy                    Rugby High School          Rugby, An Ríocht Aontaithe

Fiúntas                 Laoise Hamill                      Pobalscoil Ghuaire           Co. Loch Garman

Fiúntas                 Evan Skelly                          Coláiste Woodbrook       Co. Chill Mhantáin

 

 

Daoine Fásta

 

An 1ú Duais        Estelle Price                        Cheshire, An Ríocht Aontaithe

An 2ú Duais        Phoebe Brown                  Co. Dhún na nGall

Fiúntas                 Elizabeth Oxley                 Colorado, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Fiúntas                 Malachai Maguire            Co. Chill Dara

Fiúntas                 Niamh Ní Iceadha            Co. Bhaile Átha Cliath

Fiúntas                 Gabrielle Ulubay              Co. Chorcaí

 

 

Buaiteoirí na gComórtas Ealaíne

 

Bunscoileanna

 

An 1ú Duais        Anna Dunlea                      Scoil Náisiúnta an Fhosaidh          Co. Chiarraí

An 2ú Duais        Violet McGrath                 Scoil Náisiúnta Cailíní Naomh Colmcille   Co. Bhaile Átha Cliath

Fiúntas                 Isobel Webb                      Scoil Náisiúnta Ráth Tó                   Co. Cheatharlach

Fiúntas                 Ruby Gallagher                 Scoil Náisiúnta Naomh Micheál Co. an Chabháin

Fiúntas                 Philippa McIntosh            Gaelscoil Chionn tSáile                   Co. Chorcaí

Fiúntas                 Noah Farrell                       Scoil Náisiúnta New Quay             Co. an Chláir

 

 

Meánscoileanna

 

An 1ú Duais        Adam O’Sullivan               Coláiste Íde agus Iosef   Luimneach

An 2ú Duais        Aoife Murphy                    Meánscoil Laurel Hill       Luimneach

Fiúntas                 Danny Zhou                        Coláiste Naomh Uinseann Chaisleán Cnuacha     Co. Bhaile Átha Cliath

Fiúntas                 Brenda Lim                         Coláiste Nano Nagle       Co. Luimnigh

Fiúntas                 Ionut George Adadi        Meánscoil Naomh Uinseann       Co. Bhaile Átha Cliath

Fiúntas                 Oisin Mc Hugh                   Coláiste Chomáin             Co. Mhaigh Eo

 

 

Daoine Fásta

 

An 1ú Duais        Jolanta Kawalec                                Opole,  An Pholainn

An 2ú Duais        Elisa Markhoff                   Pennsylvania, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Fiúntas                 Niamh Ní Iceadha            Co. Bhaile Átha Cliath

Fiúntas                 Kevin King                           Co. Chill Chainnigh

Fiúntas                 Doreen Mulroy                 Co. Mhaigh Eo

Fiúntas                 Belinda Deutinger            Co. na Gaillimhe