Bronnadh Céim Oinigh ar an drámadóir Sam Shepard agus ar an bhFeachtasóir Christine Buckley

Posted on: 12 December 2012

Bronnadh céim oinigh ar an drámadóir as Meiriceá Sam Shepard agus ar an bhfeachtasóir ar son cearta do dhaoine a d’fhulaing mí-úsaid ag Coláiste na Tríonóide.

Bronnadh céim oinigh Dochtúireacht sa Litríocht (Litt.D.)  ar an drámadóir, aisteoir agus stiúrthóir Sam Shepard.  Pearsa mór é i ndrámaíocht an domhain a bhfuil saothar mór oibre aige a bhfuil ugach tugtha aige do ghlúin scríbhneoirí, lucht déanta scannán agus lucht amharclainne ar fud an domhain.  Fear a bhíonn de shíor ag teacht ar bhealaí agus ar struchtúir nua agus is beag drámadóir as Meiriceá  seachas é a bhfuil an oiread tionchair aige ar an drámaíocht chomhaimseartha.  Ní hamháin gur drámadóir é ach is scríbhneoir don scáileán é, údar gearrscéalta, aisteoir agus stiúrthóir  a bhfuil gradaim go leor bronnta air lena n-áirítear Gradam Pulitzer don Drámaíocht i 1979 don dráma Buried Child.  Tá ceangal dlúth freisin aige le hamharclann na hÉireann a léiríodh le déanaí san obair ealaíonta ar thug sé faoi i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach. 

Bronnadh Dochtúireacht sa Dlí (LL.D) ar Christine Buckley, feachtasóir agus iar-chónaitheach in Insititiúid Goldenbridge.  Bhí  sí ar an gcéad duine a roinn leis an bpobal an méid a bhain di. Tá sí i mbun dianfheachtasaíochta le breis is 25 bliain thar ceann daoine eile a d’fhulaing mí-úsáid in institiúidí éagsúla. Bhí sí ar dhuine de chomhbhunaitheoirí ar Ionad Aislinn i mBaile Átha Cliath agus ina stiúrthóir air a chuireann seirbhísí tacaíochta agus oideachais ar fáil do dhaoine a tháinig as mí-úsáid. Bean a chuir athrú ar an saol mar bhí sé le titim amach leis an obair mhór dheonach atá déanta aici an cur síos a rinne Iar-Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese uirthi. Roghnaíodh í ar Oibrí Deonacha na Bliana in Éirinn i 2010 agus ina dhiaidh sin Oibrí Deonacha na Bliana san Eoraip. 

Valerie Coghlan, Sam Shepard, Christine Buckley, Seansailéir, Mary Robinson, Dame Lynne Brindley and Propast, Patrick Prendergast

Bronnadh Dochtúireacht sa Litríocht (Litt.D.)  ar an Dáma Lynne Brindley atá aitheanta ina gairm i Leabharlanna Ollscoileanna na Breataine. Is í an tOllamh ar Cuairt i mBainistiú Faisnéise in Ollscoil Leeds í faoi láthair agus roimhe sin bhí sin ina Príomhfheidhmeannach ar Leabharlann na Breataine.  Bhí an-bhaint aici le hathrú a chur ar choincheap na leabharlainne ó bheith ina chartlann éighníomhach go dtí áit bheo le cur le taighde agus an timpeallacht oideachais níos leithne agus thuig an acmhainn a bhain le formáidí digiteacha.  Fuair sí aitheantas ar a cuid oibre i 2008 nuair a bronnadh DBE uirthi. Tá tacaíocht leanúnach curtha ar fáil aici do Leabharlann an Choláiste ina ról mar Leabharlann Taisce Dlí don RA.  Tráthúil go leor gur i 2012 atáthar ag bronnadh na Céime Oinigh seo ar an leabharlannaí aitheanta, an bhliain chéanna a bhfuiltear ag ceiliúradh 300 bliain na Sean-Leabharlainne. 

Bronnadh Dochtúireacht san Oideachas (D.Ed)  ar Valerie Coghlan a bhfuil aithne mhór uirthi go hidirnáisiúnta maidir lena saineolas agus a nuálacht i gcúrsaí litríochta leanaí. Bhí sí ina comhalta bunaidh de go leor comhlachtaí gairmiúla tábhachtacha a bhaineann le litríocht do leanaí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.  Tá ábhar go leor foilsithe aici a bhaineann lena réimse féin saineolais agus bhí baint mhór aici le húdair agus maisitheoirí leabhair do leanaí a éascú agus a chur chun cinn.  D’éirigh sí as le déanaí ó bheith ina Leabharlannaí agus ina léachtóir i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann ina raibh ról tábhachtach aici le bailiúchán an Choláiste a láidriú agus a chartlannú agus leis an gceangal idir an bailiúchán sin agus bailiúchán s’againne, bailiúchán Pollard, a neartú agus le ceangal a dhéanamh le bailiúcháin go hidirnáisiúnta.