Bronnadh Céim Oinigh ar an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill i gColáiste Na Tríonóide

Posted on: 06 July 2007

Bronnadh céim oinigh ar an bhfile, Nuala Ní Dhomhnaill i gColáiste Na Tríonóide ar an 6ú Iúil. Mar aitheantas dá saothar filíochta nua aimseartha sa Ghaeilge bronnadh dochtúireacht sa litríocht ar an bhfile.

Tá aitheantas bainte amach ag  Nuala Ní Dhomhnaill in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.  I measc na  nduaiseanna  a bronnadh uirthi  tá Duais Sheáin Uí Ríordáin (1982, 1984, 1990), Duais Na Chomhairle Ealaíne um Filíochta (1985, 1988). Ina theannta sin is ball í de Aosdána  agus ceapadh  mar Cathaoir Filíochta na hÉireann* ar feadh an tréimhse  2001-2004.
 
I measc na gcnuasaigh atá foilsithe ag an bhfile le fiche bliain anuas  tá An Dealg Droighin,  Feis, Spionáin is Róiseanna agus  Cead Aighnis. Samhlaíocht, béaloideas agus  miotaseolaíocht a  bhíonn ag Nuala mar thobar dá cuid saothar.  Tá a cuid filíochta aistrithe go Béarla, Fraincís, Gearmáinis, Iodáilis chomh maith le teangacha eile.

Bronnadh dochtúireachtaí ar ceathrar eile an lá céanna, ina measc bhí iar-stiúrthóir UNICEF,  Carol Bellamy, daonchara agus tionsclaí,  Mark Pigott,  síciatraí, Sir Michael Rutter agus  bunaitheoir den ghluaiseacht frith-chine dheighilt in Éirinn (Irish Anti-Apartheid Movement) Louise Asmal.

* Bhunaigh an dá Chomhairle Ealaíon (ó thuaidh agus theas) Cathaoir Filíochta na hÉireann  i bhpairtnéireacht le Coláiste na Tríonóide, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath chomh maith le Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.