Beocht nua do chantaireacht dhearmadta ón mheánaois a cumadh do Naomh Pádraig agus naoimh eile

Posted on: 13 March 2019

Tá Coláiste na Tríonóide ag tabhairt faoi thionscadal uaillmhianach idirnáisiúnta oidhreachta agus cultúir atá dírithe ar bheocht a chur arís i gcantaireacht agus i bpaidreacha dearmadta ón mheánaois a cumadh do naoimh mar Naomh Pádraig, Naomh Bríd agus Naomh Colmcille.

Bhunaigh misinéirí as Éirinn mainistreacha agus eagraíochtaí creidimh in áiteanna sa Bhreatain agus ar fud mhór-roinn na hEorpa sa Mheánaois, misinéirí a tugadh chun cuimhne ina dhiaidh sin i searmanais ealaíonta liotúirgeacha ar a dtugtaí ‘Oifig’ (nó historia) a cumadh go speisialta le cleachtadh ar an lá féile sin.

Tá an tionscadal Amra, faoi stiúir an Dr Ann Buckley, staraí ceoil i Lárionad Taighde Stair na Meánaoise i gColáiste na Tríonóide, i mbun digitiú a dhéanamh ar bhreis is 300 lámhscríbhinn atá i leabharlanna taighde ar fud na hEorpa a bhaineann le níos mó ná 40 naomh as Éirinn agus iad a chur ar fáil do chách ar líne.

Mar chuid den chartlann dhigiteach, nuair a bheidh sé réidh, beidh taifeadtaí agus leaganacha taibhithe de gach cantaireacht agus paidir ón mbun-lámhscríbhinn chomh maith le haistriúchán ar na téacsanna Laidine go roinnt teangacha Eorpacha. Ar an gcaoi sin, beidh lucht spéise an lae inniu ábalta sult a bhaint as amhráin chráifeachta a bhaineann le naoimh na hÉireann, agus cuirfear beocht iontu arís tar éis breis is cúig chéad bliain ina dtost.

Mar chuid den chartlann freisin beidh bunachar sonraí inchuardaithe den chantaireacht agus téacsanna den chantaireacht, léarscáil idirghníomhach a léireoidh an leagan amach a bhí ar chultais naoimh na hÉireann ar fud na hEorpa agus na leabharlanna ina bhfuil na lámhscríbhinní anois coinnithe. Meastar freisin go mbeidh sraith scannán faisnéise i gceist a bheidh le dáileadh ar fud an domhain.

Tá lámhscríbhinní coinnithe i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ina bhfuil Oifigí roinnt naomh as Éirinn lena n-áirítear Naomh Pádraig, Bríd, Cainneach, Déaglán, Ciarán, Finín, Lorcán Ó Tuathail. Tá cuid díobh a bhfuil nodaireacht cheoil leo. Tá i bhfad níos mó lámhscríbhinní thar lear agus má chuirtear le chéile iad, is féidir an téacs a mheaitseáil leis an gceol ionas gur féidir téacsanna de chantaireacht nach bhfuil nodaireacht leo i bhfoinsí áirithe a athchóiriú agus a chasadh arís.

Is ó bhailiúcháin naomhsheanchais – díolaim faoi shaol na naomh – a tháinig go leor den eolas atá againn faoi naoimh na hÉireann. Ach is foinse ríthábhachtach freisin iad téacsanna liotúirge (cantaireacht, iomainn, paidreacha agus sleachta cráifeachta), ach go ndéantar neamhaird orthu, le tuiscint as an nua a fháil ar chultais na naomh – Naomh Pádraig san áireamh.

Tugann na lámhscríbhinní éagsúla ina bhfuil cantaireachtaí agus paidreacha a bhaineann le Naomh Pádraig, mar shampla, deis dúinn léargas a fháil ón bhfoinse is túisce a mhaireann sa 13ú haois ar an gcaoi ar tháinig athrú le himeacht ama ar Oifig Naomh Pádraig in Éirinn go dtí go raibh an ceiliúradh níos casta.

Dar leis an Dr Buckley, “Níl aon naomh eile as Éirinn a bhfuil an oiread tráchta air agus an oiread éagsúlachta i gceist sa trácht sin i bhfoinsí liotúirge ón mheánaois. Chomh maith le leaganacha éagsúla a bheith ann d’Oifig Naomh Pádraig i lámhscríbhinní as Baile Átha Cliath, Ard Mhacha, Cill Chainnigh agus eile, tá iomainn agus sraitheanna aonair do Phádraig i lámhscríbhinní eile de chuid Choláiste na Tríonóide, agus i Leabharlann Marsh i mBaile Átha Cliath, Leabharlann Bodleian Oxford, Leabharlann Ollscoil Cambridge agus Leabharlann na Breataine i Londain – ar baineadh úsáid astu ar dtús ar fud Dheoise Bhaile Átha Cliath; agus ceann ón 12ú haois sa Schottenkloster sa Vín tráth a bhunaithe ag manaigh Beinidicteach as Éirinn.

Is féidir an ceiliúradh staire ar Naomh Pádraig sa liotúirge a fheiceáil chomh fada siar leis an 9ú haois ar a laghad. Insan Liber angeli i Leabhar Ard Mhacha gríosaítear  eaglaisí uile na hÉireann teacht le chéile chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh agus maithfear a pheacaí lá a bháis d’aon duine a chasfaidh an t-iomann a cumadh do Naomh Pádraig.

Léiríonn Oifig níos ornáidí — le hais iomainn agus paidreacha aonair — faoi Naomh Pádraig (agus cinn faoi Naomh Bríd agus Colmcille) gur féachadh le cumhacht chinsealacht na nAngla-Normannach sa 12ú haois, a rinne coimisiúnú ar oifigí nua do naoimh ar leith as Éirinn, a chomhdhlúthú. I gcás Naomh Pádraig go háirithe, bhí an comóradh airsean anois ina fhéile shollúnta nó ina ‘fhéile dhúbailte’ faoin 14ú agus 15ú haois.

“Is acmhainn thábhachtach na lámhscríbhinní seo ní hamháin do lucht speisialtóireachta mar cheoleolaithe agus liotúirgeoirí ach freisin duine ar bith a bhfuil suim acu i stair agus scaipeadh chultas na naomh agus an comhthéacs cultúir agus polaitíochta athraitheach a bhain lena ndul chun cinn”, a deir sí.

Media Contact:

Fiona Tyrrell, Media Relations Officer | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551