An taispeántas ‘Dá ngabhfadh bean tríd an ngeata aon uair amháin…’ le céad bliain de Chéimithe Ban Choláiste na Tríonóide a chomóradh

Posted on: 27 April 2022

“Dá ngabhfadh bean tríd an ngeata aon uair amháin, bheadh sé nach mór dodhéanta súil a choinneáil ar na foirgnimh nó ar na seomraí a ngabhadh sí isteach iontu nó ar an bhfad ama a bhfanfadh sí ann.” Sa bhliain 1895, shainaithin comhaltaí Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é seo ar cheann de roinnt contúirtí a bheadh i gceist dá nglacfaí le mic léinn ban sa Choláiste.

Níos lú ná 10 mbliana ina dhiaidh sin, sa mhí chéanna agus a fuair an Propast George Salmon bás, arbh é an té a d’fhógair sa ráiteas cáiliúil sin “nach rachadh mná isteach sa Choláiste mura sáraí ormsa”, glacadh leis an gcéad triúr mac léinn ban i gColáiste na Tríonóide i mí Eanáir 1904. Bhí Coláiste na Tríonóide ar an gcéad ollscoil stairiúil in Éirinn agus sa Bhreatain a ghlac le mná.

Tá an ráiteas seo ón mBord ina leagtar amach na baoil a bhaineann le mic léinn ban ar cheann de na míreanna fíor-spéisiúla atá mar chuid de thaispeántas nua ina gcuirtear os comhair an phobail scéal chéimithe ban Choláiste na Tríonóide agus na buanna a shaothraigh siad le dua chun go n-aithneofaí iad ina saoránaigh, ina mic léinn, ina scoláirí agus ina gcéimithe ar comhchéim.

Leis an taispeántas seo, a sheolfar tráthnóna inniu [Dé Céadaoin an 27 Aibreán], déanfar comóradh céad bliain ar Chéimithe Ban Choláiste na Tríonóide, a bunaíodh sa bhliain 1922, a cheiliúradh.

Is é ‘If a female had once passed the gate … ’: Trinity Women Graduates Centenary Exhibition 1922-2022 teideal an taispeántais, atá ar taispeáint sa Seomra Fada mar chuid de thaispeántas Leabhar Cheanannais.

Is éard a bheidh sa taispeántas, a forbraíodh i gcomhpháirtíocht le Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ná cuid den ábhar cartlainne is fearr ó chartlann Chéimithe Ban Choláiste na Tríonóide. Baintear leas as grianghraif, litreacha, taifid riaracháin agus cuimhní cinn a bailíodh chun cur síos a dhéanamh ar an bhfeachtas fada a tugadh faoi chun cead isteach a fháil, ar éachtaí na luathchéimithe ban agus ar an gcath ar son an chomhionannais a throid mic léinn agus baill foirne ban.

Is cuid de Thionscadal Cartlainne Chéimithe Ban Choláiste na Tríonóide níos leithne é seo, ina bhfuil catalógú, caomhnú agus páirtdhigitiú á ndéanamh ar chartlann Chéimithe Ban Choláiste na Tríonóide mar chuid de thionscadal Fíorúil Leabharlann Choláiste na Tríonóide.

Buaicphointí an taispeántais:

· Ráiteas ó Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ón mbliain 1895 i ndáil leis an indéantacht maidir le mná a ghlacadh isteach i gColáiste na Tríonóide agus na baoil a bheadh i gceist ina leith sin. Áitíodh sa ráiteas sin: “Dá ngabhfadh bean tríd an ngeata aon uair amháin, bheadh sé nach mór dodhéanta súil a choinneáil ar na foirgnimh nó ar na seomraí a ngabhadh sí isteach iontu”. Freisin, tugadh ar aird gur “sa tuiscint go ndéanfar maoirseacht ar mhoráltacht a mac a chuireann tuismitheoirí in árais cónaithe i gColáiste na Tríonóide iad”.

· Achainí a shínigh 10,560 “Mná Éireannacha d’aicmí an léinn” i bhfabhar cead isteach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a thabhairt do mhná ón mbliain 1892. Ar na mná mór le rá a shínigh an achainí, bhí an Bhantiarna Jane Francesca Wilde agus Constance Wilde.

· ‘Rialacháin do Mhná’, ar rialacháin oifigiúla iad, 1908. Nuair a glacadh le mná, bhí siad faoi réir rialacháin dhiana a leag béim ar an deighilt a bhí idir mic léinn fir agus mic léinn ban i ngach bealach cé is moite de leachtaí agus de scrúduithe. Sonraíodh leis na rialacháin go raibh ar mhná a gcuid éadaí foirmeálta ollscoile a chaitheamh i gcearnóga agus páirceanna an choláiste mura raibh feitheoir in éineacht leo. Sna 1960idí féin, ní raibh cead ag mná lóistín a fháil ar an gcampas agus bhíodh orthu an Coláiste a fhágáil faoin 6pm.

· Grianghraf de ‘Mhná na mBád Gaile’ [Steamboat Ladies] ag an mbronnadh céime i mí Iúil 1906 – ba mhic léinn iad seo as ollscoileanna Oxford agus Cambridge a thaistil go Baile Átha Cliath le go mbronnfaí céim orthu de bharr nach mbronnfadh na hollscoileanna sin céim ar mhná an t-am sin. Thaistil na céadta ban as coláistí Oxbridge do mhná ar bháid ghaile go Baile Átha Cliath idir na blianta 1904 agus 1907 lena gcéim a fháil.

· Bileoigín do Dhinnéar Iubhaile DUWGA, 1954, arbh é sin an chéad uair a raibh cead ag mná óstáil a dhéanamh i bProinnteach an Choláiste. Ní raibh cead ag mná béile a ithe ag Commons sa Phroinnteach go dtí an bhliain 1965, agus ba sa bhliain 1968 a glacadh le mná ina mbaill den chumann díospóireachta mac léinn, Cumann Staire an Choláiste (an Hist) faoi dheireadh.

· Leacht cuimhneacháin callagrafaíochta de na chéad mná a toghadh ina gComhaltaí de chuid an Choláiste, mí an Mheithimh 1968.

Ciara Daly, Cartlannaí Tionscadail, Leabharlann Choláiste na Tríonóide

Seo mar a mhínigh Ciara Daly, Cartlannaí Tionscadail, Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus coimeádaí an taispeántais:

 

An phríomhaidhm a bhí ag Céimithe Ban Choláiste na Tríonóide ná deis a thabhairt do chomhaltaí fanacht i dteagmháil leis an ollscoil agus lena chéile. Tá an chartlann comhdhéanta de leabhair miontuairiscí, cuntais, taifid riaracháin agus grianghraif. Tá cuimhní inti chomh maith a bailíodh don leabhar A Danger To The Men?: A History of Women in Trinity College, Dublin 1904-2004 le Susan Parkes. Leis na taifid agus na cuimhní seo, tugtar léargas níos doimhne ar thaithí saoil na mban seo agus cinntítear leo go mbeidh glórtha agus taithí na mban ina gcuid de thaifead staire shochaí na hÉireann san fichiú haois agus taifead staire Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath araon.

 

Dúirt Grace O’Malley, Cathaoirleach Choiste Comórtha Céad Bliain Chéimithe Ban Choláiste na Tríonóide:

 

Glacadh leis an gcéad triúr ban i gColáiste na Tríonóide i mí Eanáir 1904 tar éis feachtas fada. Glacadh 47 bean eile isteach an Meán Fómhair dár gcionn. Nuair a ligeadh isteach iad, bhí mic léinn ban faoi réir rialacháin dhiana mar go rabhthas den tuairim gur bhaol do na fir iad a bheith i láthair. Níorbh aon díspreagadh iad na rialacha agus rialacháin sin do mhná agus bhí dóthain ban sa Choláiste faoin mbliain 1922 le go raibh cumann alumni do mhná ag teastáil. Anois agus muid céad bliain ar aghaidh, is ionann mná agus seasca faoin gcéad de líon iomlán na mac léinn agus tá an ollscoil faoi stiúir mná.

 

www.trinitywomengraduates.ie

Teagmháil do na meáin:

Fiona Tyrrell

Cumarsáid, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Ríomhphost: tyrrellf@tcd.ie | Teil: 086 1037283

Media Contact:

Fiona Tyrrell, Media Relations Officer | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551