An líon is mó Ánraí agus Scoláirí riamh fógathra ag Imeacht Bliantúil

Posted on: 16 April 2012

Le comóradh a dhéanamh ar Sheachtain bhliantúil na Tríonóide d’fhógair Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath beirt Ánraí Oinigh, 16 Ánra nua agus 103 Scoláire nua sa choláiste, an líon is mó riamh ag an gColáiste.   I measc na ndaoine ar bronnadh orthu iad bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, air ar bronnadh Ánracht Oinigh ón gColáiste faoin obair mhór atá déanta aige le linn a shaoil ar mhaithe le hoideachas.  Tá an searmanas ar cheann de na searmanais is sine agus is glé ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath atá ar bun ó bunaíodh an Coláiste i 1592 agus leis cuirtear tús le Seachtain bhliantúil na Tríonóide, ceiliúradh ar shaol an Choláiste. 

Propast Choláiste na Tríonóide, an Dr Patrick Prendergast, a rinne an fógra i láthair chomhaltaí Bhord an Choláiste a bhí gléasta i ngúnaí agus i gcochaill acadúla ar chéimeanna an Téatair Phoiblí.  Rinne mic léinn agus comhaltaí foirne ceiliúradh ar an ócáid i dteannta comhghleacaithe, cairde agus teaghlaigh sa Chearnóg Thosaigh.

Is ionann Scoláire agus mic léinn a bhfuil eolas agus tuiscint den scoth acu ar a gcuid ábhar agus a roghnaítear gach bliain ar bhonn scrúdaithe a reáchtáiltear seachtain sula dtosaíonn téarma Hilary, an dara téarma den bhliain acadúil. 

Gnóthachtáil taighde nó ard-scoláireacht an réamhcháilíocht a bhaineann le hÁnracht a bhaint amach chomh maith le fianaise go gcuireann an t-iarrthóir le saol acadúil an Choáiste agus taifead maith teagaisc. 

Bronnadh ánracht oinigh chomh maith ar alumnus de chuid Choláiste na Tríonóide, an tOllamh le hAnatamaíocht i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn agus in Acadamh Ibearnach Ríoga, an tOllamh Thomas Clive Lee.  Ceannródaí domanda ar an mbitheolaíocht a bhaineann le fíochán na gcnámh é an tOllamh Lee a bhfuil ceangal láidir coinnithe aige le Coláiste na Tríonóide ó thaobh taighde, léachtóireachta agus spóirt.

Le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Tríonóide i mbliana tá seachtain imeachtaí den scoth eagraithe ag Dámh na hInnealtóireachta, na Matamaitice agus na hEolaíochta lena n-áirítear cainteanna, léachtaí, cur i láthair agus siompóisiam acadúil den téama Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (STEM) sa tSochaí.  Ar théamaí na seachtaine beidh creatha talún, geolaíocht, fuinneamh, taiscéalaíocht fuinnimh agus pirít. Ón 16ú-20ú Aibreán a bheidh Seachtain na Tríonóide ar siúl agus beidh na himeachtaí ar fad saor in aisce don phobal.  Tá clár iomlán de na himeachtaí le fáil ag www.tcd.ie/trinityweek.