An Chéad Ghlúin Eile Scríbhneoirí á Spreagadh ag Coláiste na Tríonóide

Posted on: 27 April 2016

D’oscail taispeántas de sheasca cúig leabhar lámhdhéanta a dhear agus a mhaisigh leanaí as Baile Átha Cliath. Saothair i mBailiúchán Pollard i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a spreag na leanaí ina gcuid saothar féin. Tá and taispeántas sa Seomra Fada i Sean-Leabharlann Choláiste na Tríonóide.

Erika McGann, údar leabhair leanaí a bhfuil gradaim buaite aici, a sheolfaidh an taispeántas. Is é an taispeántas buaicphointe an chláir Bookmarks, clár dhá mhí scríbhneoireachta, maisithe agus leabharcheangail a raibh ceardlanna le húdair, le healaíontóirí agus le speisialtóirí leabhair leanaí mar chuid de.

Cláir Rochtana na Tríonóide (TAP) atá ag eagrú an tionscadail le spreagadh a thabhairt do leanaí a bheith ar an gcéad ghlúin eile scríbhneoirí, maisitheoirí agus foilsitheoirí.   

Páirteach i dtionscadal Bookmarks i mbliana bhí leanaí as Rang 5 i mBunscoil Chaisleán Dhroimeanaigh, i Scoil Cholmcille (an Baile Breac) agus i Scoil Eoin (Cill Bharróg). Tá nasc ag gach ceann de na scoileanna sin le Coláiste na Tríonóide trí TAP, a thugann tacaíocht do dhaltaí as cúlraí tearc-ionadaithe dul ar aghaidh chuig breisoideachas.

Le linn chláir Bookmarks, d'fhreastail na leanaí ar shraith ceardlann a reáchtáladh ina scoileanna féin leis an bhfile agus údar leabhair leanaí, Catherine Ann Cullen, leis an ealaíontóir Hannah Maguire agus leis an eagarthóir agus ‘dochtúir leabhar’ Síne Quinn.

Rinne gach leanbh a leabhar ar leith féin a scríobh, a mhaisiú agus a cheangal, ag díriú ar théama na bliana seo, ‘Idir Dhá Dhomhan’. Chabhraigh ceardlanna eile a thug baill foirne ó Roinn na Luath-Leabhar Clóite agus mic léinn taighde ó Scoil an Bhéarla leis na leanaí a snáitheanna scéil a fhorbairt agus tuiscint a fháil ar na leabhair seanré i mBailiúcháin Speisialta Choláiste na Tríonóide.

Ag labhairt faoin tionscadal, dúirt Kathleen O’Toole Brennan as TAP: “Tá TAP thar a bheith bródúil as tionscnamh Bookmarks agus as an deis ar leith a thugann sé do leanaí scileanna nua a fhoghlaim agus cur amach a fháil ar litríocht leanaí ar bhealach thar a bheith praiticiúil.

“Tá caighdeán den scoth ag baint leis na leabhair a tháirg na leanaí i mbliana faoin téama ‘Idir Dhá Dhomhan’. Tá ríméad orainn na saothair áille ealaíne agus litríochta seo a nochtadh.  Bíonn breis is 4,000 dalta páirteach sna cláir for-rochtana gach bliain agus, má leantar de sin, rachaidh na daltaí sin agus a bpiaraí ar aghaidh go dtí oideachas dara leibhéal agus tríú leibhéal.”

Dúirt Leabharlannaí agus Cartlannaí Choláiste na Tríonóide, Helen Shenton: “Inspioráid is ea na leabhair a chruthaíonn na leanaí seo. Is mór an onóir dúinn a leabhair lámhdhéanta a chur ar taispeáint i dtimpeallacht álainn spreagúil an tSeomra Fhada, mar aitheantas ar an méid a rinne siad agus mar spreagadh dóibh amach anseo.”

Bronnadh teastas gnóthachtála ar gach leanbh ag searmanas gradam chun seoladh an taispeántais a cheiliúradh. Beidh an taispeántas oscailte don phobal sa Seomra Fada i gColáiste na Tríonóide go dtí an 25 Márta.

Nótaí:

  • Mar chuid de Bookmarks, cuireadh Bailiúchán Pollard faoi bhráid na leanaí. Tá os cionn 10,000 leabhar leanaí stairiúil sa bhailiúchán, a bhronn an leabharlannaí Mary ‘Paul’ Pollard ar Choláiste na Tríonóide. Bhí teacht acu freisin ar bhlag a scríobh Catherine Ann Cullen (tarryathome.wordpress.com) ina raibh faisnéis faoi leabhair agus údair faoi leith as Bailiúchán Pollard, faisnéis faoin mbailitheoir neamhghnách, agus grianghraif de shaothar na leanaí agus é idir lámha acu.
  • I measc na leabhar i mBailiúchán Pollard a roghnaíodh don téama ‘Idir Dhá Dhomhan’ bhí Gulliver’s Travels, Robinson Crusoe, síscéalta mar Red Riding Hood agus Beauty and the Beast, agus leabhair le húdair Éireannacha nach bhfuil chomh cáiliúil sin, mar shampla The Adventures of the Three Bold Babes le S Rosamund Praeger (1867-1954).
  • I measc leabhair na bliana seo tá Chillin’ with a Villain, Magical Mango and the Poison Ivy, The Cloudians, Bing Bong Saves the School.

Media Contact:

Helen Hanley, Former | publicaffairs@tcd.ie | +353 1 896 4168