Ábhar Dochtúirí na hÉireann le Leas a bhaint as Scoil Leighis Nua den Scoth de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Posted on: 16 February 2012

D’oscail an tAire Taighde agus Nuálaíochta, an tUasal Sean Sherlock, áitreabh nua Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath dá Scoil Leighis inniu (15 Feabhra). Chuir An tÚdarás um Ard-Oideachas/An Roinn Oideachais agus Scileanna maoiniú beagán os cionn €21 milliún* ar fáil don fhoirgneamh nua atá lonnaithe in Institiúid Eolaíochtaí Bithleighis Choláiste na Tríonóide.

Cuireann an Scoil Leighis oideachas ildisciplíne ar fáil thar gach leibhéal cúraim sláinte do bhreis agus 700 mac léinn fochéime agus 550 mac léinn iarchéime, mic léinn PhD agus MD ina measc. Rangaítear Scoil Leighis Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath i measc na 100 Scoil Leighis is fearr ar an domhan*.

Agus é ag fáiltiú roimh an tionscnamh, dúirt an tAire Sherlock go mbainfeadh ábhar dochtúirí agus eolaithe leighis na hÉireann leas as sár-shaoráidí teagaisc an fhoirgnimh den scoth seo ina bhfuil Scoil Leighis Choláiste na Tríonóide, áit a dtacóidh teicneolaíocht ceannródaíochta agus suíomh saintógtha le teagasc, taighde agus foghlaim ar ardchaighdeán do na glúine amach romhainn.

I measc an trealaimh teagaisc atá ar chaighdeán domhanda tá saotharlanna teagaisc ina bhfuil na teicneolaíochtaí is déanaí, léachtlanna le suíocháin do 300 duine, seomraí seimineáir agus Seomra Diosctha Anatamaíochta saindeartha le go leor saoráidí trealaimh físe agus fuaime d’fhonn cur leis an taithí foghlama.

Seo é an chéad uair i stair na Scoile Leighis a bhfuil na gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais leighis réamh-chliniciúla lonnaithe in aon fhoirgneamh amháin.

Baineann an Scoil leas freisin as mianach comhoibritheach Institiúid Eolaíochtaí Bithleighis Choláiste na Tríonóide, de bharr go dtugtar gníomhaíochtaí taighde as cúig scoil* le chéile d’fhonn taighde bithleighis ceannródaíoch an 21ú haois a bhrú chun cinn.Dúirt Ceann na Scoile Leighis agus Leas-Phropast Gnóthaí Leighis, an tOllamh Dermot Kelleher, gur rud ann féin é go mbeidh mic léinn leighis ag baint leasa as an timpeallacht taighde ildisciplíne ardleibhéil ina bhféadfaidh siad foghlaim go díreach faoin gcur chuige ón saotharlann go dtí cois na leapa maidir le taighde, agus faoin tslí a n-aistríonn sin chuig an othar. Dúirt sé gur saintréith d’oideachas leighis Choláiste na Tríonóide é sin le fada agus go dtreisítear é le hoscailt na saoráide nua seo.

Sa bhliain seo 2012, ag tógáil ar 300 bliain de ghnóthachtáil acadúil, tá sármhaitheas a aithnítear go hidirnáisiúnta bainte amach ag an Scoil Leighis, i réimse na himdhíoneolaíochta, na hailse, na ngalar tógálach, na géineolaíochta síciatraí agus na sláinte poiblí. Chuir an Scoil Leighis le roinnt fionnachtana móra eolaíochta sa taighde leighis le blianta beaga anuas.  Ba iad taighdeoirí TCD sna heolaíochtaí bithleighis a chuir na teicneolaíochtaí a bhí mar bhonn taca don phaiste nicitín ar fáil, ba iad a d’aithin géinte nua maidir le galair ollmhóra mar shampla eachma i bpáistí agus chuir siad go mór leis an tuiscint atá againn ar an tslí a fheidhmíonn galair mar ghalar alzheimer, ailse agus airtríteas.

Leanfaidh an taighde a dhéanfar i Scoil Leighis Choláiste na Tríonóide amach anseo de bheith chun tosaigh maidir le feabhas a chur ar shláinte an duine.

Dúirt an Propast, an Dr Patrick Prendergast, gurbh é príomhaidhm Scoil Leighis Choláiste na Tríonóide céimithe leighis a chothú a chuirfidh le cúram othar agus leis an eolaíocht leighis.  Dúirt sé go bhfuil sé de bhuntáiste ag mic léinn Choláiste na Tríonóide go bhfuil saoráidí ceannródaíocha acu don taighde agus don oideachas leighis san fhoirgneamh nua den scoth seo a mbeidh fíor-thionchar aige ar oiliúint a chur ar na glúine dochtúirí agus taighdeoirí atá le teacht agus ar chúram sláinte níos fearr, ar deireadh.

Maidir leis an Scoil Leighis

– 715 mac léinn

– as 35 tír

– 220 mac léinn PhD

– 330 taighdeoir iardhochtúireachta

– *Tá TCD idir 51-100 i rangú domhanda QS (2011) – leigheas

Is cláir iontu féin iad roinnt de chláir oideachais nuálaíocha na Scoile Leighis, i dtéarmaí idirnáisiúnta. Cuireadh clár MSC idirsháite sa leigheas móilíneach, sa néareolaíocht nó sa bhithinnealtóireacht ar fáil, clár atá bunaithe ar láidreachtaí TCD. Baineann na mic léinn leighis a roghnaíonn an bealach seo céim liachta amach, chomh maith le céim mháistreachta sa bhithinnealtóireacht, sa néareolaíocht nó sa leigheas móilíneach.

*Maoiniú 

An tÚdarás um Ard-Oideachas/An Roinn Oideachais agus Scileanna a chuir maoiniú don fhoirgneamh ar fáil (€17.225m Foirgneamh & €4m Trealamh) mar thoradh ar athbhreithniú Fottrell ar oideachas leighis. Tugann an foirgneamh nua aghaidh ar riachtanais leighis fochéime mar a aithníodh iad i dtuarascáil Fottrell (2006) ‘Medical Education in Ireland: A New Direction – Report of the Working Group on Undergraduate Medical Education and Training’.

B’ionann costas iomlán Institiúid Eolaíochtaí Bithleighis Choláiste na Tríonóide, ina bhfuil an Scoil Leighis lonnaithe anois, agus €131 milliún. Cuireann an tacaíocht ón stát, i bhfoirm mhaoiniú ó Chlár Taighde in Institiúidí Tríú Leibhéal an HEA (PRTLI), €80 milliún leis an gcostas iomlán, le cómhaoiniú ón ERDF, agus ó mhaoiniú d’oideachas leighis sa Phlean Náisiúnta Forbartha 2007-13. An Coláiste féin a mhaoiníonn an chuid eile, trí chóiríocht tráchtála a chur ar fáil agus le cabhair ó infheistíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

*Institiúid Eolaíochtaí Bithleighis Choláiste na Tríonóide

Neartaíonn Institiúid Eolaíochtaí Bithleighis Choláiste na Tríonóide na gníomhaíochtaí taighde feadh cúig scoil:  Leigheas; Ceimic; Innealtóireacht; Bithcheimic & Imdhíoneolaíocht; Cógasaíocht & Eolaíochtaí Cógaisíochta, agus mar sin baintear amach an dlúthchomhoibriú ildisciplíne is gá chun taighde bithleighis ceannródaíoch an 21ú haois a bhrú chun cinn, rud a chinnteoidh stádas Choláiste na Tríonóide, agus stádas na hÉireann, mar cheannaire sa taighde eolaíoch idirnáisiúnta.