Léirítear le taighde de chuid Choláiste na Tríonóide nach bhfuil aon nasc idir fluairídiú uisce agus meathlú cognaíoch i measc daoine fásta níos sine in Éirinn
Posted on: 16 November 2026
Léirítear le taighde nua ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath nach bhfuil aon nasc idir fáil a bheith ag daoine ar uisce pobail a bhfuil fluairídiú déanta air agus a bhfeidhm chognaíoch amach sa saol i measc daoine fásta níos sine in Éirinn.
Níor aimsíodh aon fhianaise sa taighde ach oiread go raibh aon drochthionchar ag uisce a raibh fluairíd ann ar dhaoine a d’úsáid an t-uisce sin ina luath-óige ach oiread.
Tosaíodh ag cur fluairíde in uisce pobail na hÉireann in 1964 mar bheart sláinte poiblí chun lobhadh fiacla a chosc. Is léir go bhfuil sé éifeachtach chun lobhadh fiacla a chosc, ach tá díospóireacht phoiblí ag dul i méid le blianta beaga anuas faoi go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag fluairíd ar shláinte agus ar fhorbairt na hinchinne.
D'úsáid na taighdeoirí sonraí ó Staidéar Fadaimseartha na hÉireann ar an Aosú (TILDA) chun an méid fluairíde is dócha a ionghabháil gach duine as grúpa 2,495 duine fásta níos sine (65 bliana d'aois ar an meán) mar gheall ar an uisce fluairídithe atá ólta acu ó rugadh iad a ríomh. Rianaigh siad na háiteanna ina raibh cónaí ar na rannpháirtithe agus chuir siad an fhaisnéis sin i gcomparáid le taifid náisiúnta a théann siar blianta fada ar an gcion fluairíde a bhí san uisce ó bhí siad ina naíonáin i gcás cuid de na rannpháirtithe.
Roinneadh na rannpháirtithe i ngrúpaí de réir an méid ama a bhí caite acu le linn a saoil ag ól uisce fluairídithe, ó leibhéal íseal go leibhéal ard. Rinneadh dhá thástáil chognaíocha chaighdeánacha orthu freisin, a úsáidtear i dtaighde ar an néaltrú. Ní raibh aon difríocht idir scóir na ngrúpaí éagsúla, a thugann le fios nach bhfuil aon bhaint idir uisce pobail a bhfuil fluairídiú déanta air agus cumas cognaíoch daoine fásta níos sine.
“Is ábhar suaimhnis iad ár dtorthaí, mar go léirítear leo nach bhfuil baint ag an bhfáil atá ag daoine ar na leibhéil fluairíde atá san uisce a óltar in Éirinn le feidhm chognaíoch níos measa i measc daoine fásta níos sine,” a dúirt an Dr Vinay Sharma ó Scoil an Leighis i gColáiste na Tríonóide, príomhúdar an staidéir, nach bhfuil ach foilsithe san Journal of Dental Research.
Is ceist thábhachtach sláinte poiblí í seo, agus tá súil againn go gcuirfidh na torthaí seo le comhrá atá bunaithe ar fhianaise faoin sábháilteacht a bhaineann leis an gchlár fluairídithe uisce pobail in Éirinn agus ar fud an domhain.
I gcás fhormhór na staidéar roimhe seo, níor díríodh ach ar thionchar fluairíde i dtréimhse ghearr, le linn do dhaoine a bheith óg nó fásta, seachas é a rianú go leanúnach ar feadh shaol an duine agus ansin feidhm chognaíoch a thástáil agus iad níos sine. Is é sin an difear is mó idir an staidéar seo agus staidéir eile.”
Is éard a dúirt an tOllamh Lina Zgaga i gColáiste na Tríonóide, Príomhthaighdeoir an staidéir: “Is cás ar leith í Éire mar go bhfuil polasaí náisiúnta sa tír fluairídiú a dhéanamh ar uisce pobail. Cruthaítear leis seo deis taighde ardchaighdeáin a dhéanamh mar chuid de staidéir mhóra agus go leor ceisteanna atá fós le réiteach maidir le fluairídiú a fhreagairt. Tá sé ríthábhachtach fianaise mhaith chomhaimseartha a bheith ann chun tacú le cinntí eolasacha faoin idirghabháil sláinte poiblí seo go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus chun a chinntiú go leanfaidh an polasaí de bheith bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil.”
“Tá an fluairídiú ar cheann de na huirlisí is éifeachtaí atá againn chun lobhadh fiacla a laghdú ar leibhéal an daonra, mar sin tá sé tábhachtach go bhfuil fianaise fhadtéarmach againn anois as Éirinn lena léirítear dúinn nach gcuireann sé isteach ar shláinte chognaíoch an duine,” a dúirt an Dr Crowe, Comh-Phríomhthaighdeoir an staidéir.
Cén tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an taighde seo?
Tacaíonn na torthaí, in éineacht leis na buntáistí sláinte fiaclóireachta seanbhunaithe a bhaineann le fluairídiú do leanaí agus do dhaoine fásta, le húsáid leanúnach uisce pobail a bhfuil fluairídiú déanta air mar idirghabháil sláinte poiblí.
Mar sin féin, ba cheart dúinn leanúint de sheiceáil a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar aon éifeachtaí díobhálacha a bhaineann le fluairídiú uisce i measc mhuintir na hÉireann. Bunaítear leis an taighde seo bealach chun monatóireacht a dhéanamh ar shláinte na ndaoine a úsáideann uisce ach ba cheart é a bheith mar bhonnlíne amháin do staidéir amach anseo,” dar leis an Ollamh O’Connell, comhúdar eile an taighde.
Srian amháin is ea gur dhíríodh leis an staidéar seo ar chion na fluairíde in uisce tí, ach tá cúinsí eile i gceist a chuireann leis an méid iomlán fluairíde a ionghabhann duine. Léirigh na taighdeoirí freisin go raibh srian le cumas an staidéir aon tionchar a bheadh ag an bhfáil a bheadh ag duine ar uisce fluairídithe go luath sa saol a bhrath, ós rud é nach raibh ach 5% de na rannpháirtithe a raibh fáil acu ar uisce fluairídithe ina luath-óige - cuireadh tús leis an gclár fluairíde in 1964, bhí go leor de na rannpháirtithe níos sine ná 5 bliana d’aois cheana féin faoin am ar thosaigh sé in Éirinn.
Is í Dámhachtain Tionscadail Anailíse ar Shonraí Tánaisteacha an Bhoird Taighde Sláinte (Éire) a chuir maoiniú ar fáil don anailís seo. Úsáideadh sonraí ó Bhabhta 3 de TILDA (2014-2015), arna mhaoiniú ag an Roinn Sláinte (Éire) agus Atlantic Philanthropies. Thacaigh Dámhachtain Chomhpháirtíochta Feidhmí an Bhoird Taighde Sláinte (Éire) le bailiú sonraí seoltaí stairiúla agus leis an meastachán ar thionchar fluairíde ar rannpháirtithe TILDA ar feadh a saoil.