An tUachtarán Catherine Connolly ag glacadh páirt i gceiliúradh 250 bliain de nuatheangacha i gColáiste na Tríonóide

Posted on: 02 November 2026

Bhí Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, páirteach i gceiliúradh 250 bliain de staidéar agus de theagasc na nuatheangacha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Ba é Coláiste na Tríonóide an chéad ollscoil in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe a thug isteach staidéar ar nuatheangacha na Mór-roinne nuair a ceapadh Ollúnacht na Fraincise, na Gearmáinise, na Spáinnise agus na hIodáilise an 29 Meán Fómhair, 1776.

Is éard a dúirt an tUachtarán Catherine Connolly le linn na hócáide Déardaoin, an 8 Deireadh Fómhair: "A Chairde Uaisle, tá mé thar a bheith sásta a bheith in bhur gcomhluadar i gColáiste na Tríonóide tráthnóna agus comóradh á dhéanamh agaibh ar dhá chéad caoga bliain ó bunaíodh Ollúnachtaí anseo sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Spáinnis agus san Iodáilis.  

“Is ócáid fhíor-spéisiúil atá á ceiliúradh agaibh, a chairde, agus stair an ilteangachais á plé agaibh. Tá sé suntasach go raibh an tír seo i bhfad chun cinn ar thíortha eile agus aitheantas tugtha do theangacha eachtracha anseo 133 bliain sula ndearna fiú ollscoil Oxford é.

"Gné álainn amháin den fhoghlaim teanga is ea go bhfaigheann muid léargas ar chultúr eile, léargas a fhágann gur féidir linn aithne a chur ar mhuintir agus ar stair an chultúir sin agus, thar aon ní eile, tuiscint a bheith againn air. Bíonn ar dhaoine am agus dúthracht a chaitheamh chun cur leis an nasc speisialta sin atá acu le teanga, nasc a mhaireann ar feadh an tsaoil - próiseas thar a bheith daonna trína gcothaítear ceangal lena chéile nach mbeidh le fáil ón Intleacht Shaorga go brách.

“I ndomhan ina bhfuil dímheas á léiriú ar theangacha agus ar an mbrí atá leo, iad á n-úsáid ar bhonn praiticiúil amháin, is gníomh frithbheartaíochta é béim a leagan arís ar áilleacht teangacha agus ar na héagsúlachtaí uile eatarthu. Is é an chéad chéim é i dtreo éagsúlacht iontach an chine dhaonna a cheiliúradh agus a chur chun cinn." 

Picture of a woman standing in front of a banner with the words

Is éard a dúirt Propast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an Dr Linda Doyle: “Is ceart agus is cuí go bhfuil an ócáid thábhachtach seo á ceiliúradh againn. Tá sé dhá chéad caoga bliain ó d’aithin Coláiste na Tríonóide an luach a bhain le staidéar a dhéanamh ar nuatheangacha ionas go mbeadh mic léinn ábalta ceangal a bheith acu leis an domhan mór.

Tá an meon oscailte sin i leith an domhain mhóir chomh tábhachtach agus a bhí riamh. Trí staidéar a dhéanamh ar theangacha, cuirtear smaointe nua os ár gcomhair, tugtar léargas níos fearr dúinn ar an saol, agus spreagtar sinn súil eile a chaitheamh orainn féin agus ar dhaoine eile. Tríd an ócáid seo a cheiliúradh, tugaimid ómós do thraidisiún a mhúnlaigh Coláiste na Tríonóide le 250 bliain anuas, agus léirímid arís ár dtiomantas go leanfaidh an traidisiún sin d’fheabhas a chur ar eispéireas na nglúnta mac léinn amach anseo ar aghaidh.”

Ba bhuaicphointe í an ócáid cheiliúrtha seo a bhí ar siúl sa tráthnóna den bhliain d’ócáidí ceiliúrtha trína ndearnadh comóradh ar an gcloch mhíle stairiúil seo. Rinne Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr Léachtaí Cuimhneacháin Hely-Hutchinson 2026 a reáchtáil níos luaithe sa lá.

Is i gcuimhne an Phropaist John Hely-Hutchinson a reáchtáiltear na léachtaí seo, fear a bhunaigh Ollúnachtaí na Nuatheangacha (an Ghearmáinis, an Fhraincis, an Spáinnis agus an Iodáilis) sa bhliain 1776 mar gur theastaigh uaidh go mbeadh scileanna teanga ag céimithe na hollscoile a chuideodh leo taisteal thar lear agus dul i mbun caidreamh cultúrtha. Is iad Yves Citton, Ollamh le Litríocht agus leis na Meáin in Université Paris 8 Vincennes-Saint Denis, agus an file Gearmánach Ulrike Draesner a thug léachtaí na bliana seo, agus bhí muintir Hely-Hutchinson i láthair.

Man standing in front of a banner with words

Is éard a dúirt Ollúnacht na Fraincise 1776, Michael Cronin: “Tá nuatheangacha ag cur le gach réimse de shaol agus de chultúr na hÉireann le breis agus 250 bliain anuas. Is mór againn rannpháirtíocht an Uachtaráin Connolly sa cheiliúradh seo, ar ionann sin agus ardmholadh don ról atá ag nuatheangacha i ndearcthaí agus i smaointe úra a chur faoi bhráid an phobail, i gcaidrimh gheilleagracha agus thrádála rathúla a fhorbairt, agus i gcomhtháthú sóisialta níos fearr a éascú trí thuiscint idir teangacha agus idir cultúir éagsúla a chur chun cinn.

"Is cuid ríthábhachtach d’fhéiniúlacht athraitheach na hÉireann fós iad nuatheangacha. Leanann siad den domhan mór a thabhairt chomh fada le hÉirinn ar an mbealach céanna agus a thugann siad Éire chomh fada leis an domhan mór.”

Reáchtáil Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr, comhdháil dar teideal Modern Languages in Irish Life: 1776–2026 and beyond Dé hAoine, an 9 Deireadh Fómhair, chun an tionchar atá ag teangacha iasachta ar gach uile ghné den saol in Éirinn a chíoradh agus foilseofar sin in Earrach na bliana 2027.

I rith an lae, cuireadh 14 pháipéar ar nuatheangacha in Éirinn agus a dtionchar ar ábhair ar nós bia, ceol, litríocht agus cúrsaí leighis i láthair. Is féidir an clár iomlán a fháil ag an nasc seo.

Is féidir óráid iomlán an Uachtaráin Connolly a léamh ag an nasc seo. 

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551